Nuacht Mhall

25 Meitheamh 2022 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail.

Bhí bua stairiúil ag iarrthóir den eite chlé i dtoghchán uachtaránachta na Colóime Dé Domhnaigh. Bhuaigh Gustavo Petro, a bhí ina Mhéara in Bogotá, príomhchathair na tíre, roimhe seo, agus a chomhiarrthóir, bean Afra-Cholómach, an toghchán réitigh, agus beidh Petro ina chéad Uachtarán ar an eite chlé sa tír. Ó thuaidh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinne an Chúirt Uachtarach cinneadh rialú Roe v Wade a chur ar ceal, rud a dhéanfaidh sé níos fusa cosc a chur ar ghinmhilleadh ag leibhéal an stáit. Cáineadh an cinneadh seo go forleathan inné. Labhair ceannairí Cheanada, na Fraince, na Ríochta Aontaithe agus fiú na Stát Aontaithe féin i gcoinne an chinnidh, as eagla go mbeidh sláinte agus beatha na mílte bean i mbaol anois.

In Éirinn, foilsíodh cuid de thorthaí an Daonáirimh is déanaí le linn na seachtaine. D'eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh eolas ginearálta maidir le líon na ndaoine atá ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann. Tá níos mó ná cúig mhilliún duine sna Fiche a Sé Chontae anois agus, curtha leis an dá mhilliún atá i dTuaisceart Éireann, ciallaíonn sé sin go bhfuil os cionn seacht milliún duine ina gcónaí ar oileán Éireann, an líon is mó ó bhí 1841 ann. Bhain daonra na hÉireann 8.18 milliún amach sa tréimhse sin díreach roimh an Ghorta Mhór, ach thit an líon daoine trí bhás agus eisimirce. Reachtálfar an chéad daonáireamh eile ó dheas sa bhliain 2027.

Tá an fhéile cheoil mór le rá Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo, den chéad uair ó bhí 2019 ann, mar gheall ar an phaindéim Covid-19. Tá Billie Eilish, Paul McCartney agus Kendrick Lamarr ina bpríomhoirfidigh ar an Stáitse Pirimide ar na trí lá. Cheiliúr McCartney ochtó bliain seachtain ó shin, éacht a bhain a sheanchara Brian Wilson ó na Beach Boys amach Dé Luain. Bhí iomaíocht chruthaitheach ach chairdiúil idir na Beatles agus na Beach Boys le linn na seascaidí. Spreag siad a chéile chun popcheol a chur chun cinn agus saothar ealaíne a dhéanamh den albam, agus tá leithéidí Pet Sounds, Revolver agus Sgt Pepper's Lonely Hearts Club Band ar chuid de na halbaim is mó tionchar acu ón tréimhse sin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

comhiarrthóir - running mate

ginmhilleadh - abortion

daonáireamh - census

eisimirce - emigration

príomhoirfideach - headliner

iomaíocht - competition

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners