Nuacht Mhall

26 Deireadh Fómhair 2024 (An Dún)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste “ó am go chéile agus mar rogha dheireanach”. Dúirt ionadaí na Feidhmeannachta Tithíochta go bhfuil na cochaill "te agus compordach." Dúirt MLA Alliance Kellie Armstrong le BBC News NI nach bhfuil siad oiriúnach nó inghlactha. "Tá an geimhreadh ag bualadh linn. An féidir leis an fheidhmeannas Tithíochta a bheith cinnte go mbeidh na cochaill seo in ann déileáil leis an aimsir athraitheach, go mbeidh siad in ann déileáil le stoirmeacha?" Dúirt urlabhraí ón Fheidhmeannacht Tithíochta nach n-úsáidtear na cochaill ach sa ghearrthéarma agus go bhfuil siad de dhíth mar gheall ar éileamh gan fasach ar thithíocht shóisialta. Mhéadaigh líon na ndaoine a cuireadh i lóistín sealadach ó 4,527 in 2020 go 16,943 in 2023, a dúirt an t-urlabhraí. Úsáidtear na cochaill seo chun lóistín a thabhairt do “dhaoine singile nó lánúineacha atá gan dídean”. 
Bhí freagraí á lorg i dTeach Laighean le linn na seachtaine faoin “leithcheal gníomhach” a deirtear atá á dhéanamh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Triúr Teachtaí Dála a cheistigh an tAire Oideachais, Norma Foley, an tseachtain seo faoin chóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí. Dúirt duine de na Teachtaí Dála sin, Darren O’Rourke ó Shinn Féin, go bhfuil “imní mhór” i measc lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoin chur chuige marcála don chúrsa. Is é an cúrsa T1 don Teastas Sóisearach an cúrsa nua a tugadh isteach in 2017 do dhaltaí i scoileanna ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge. Déanann daltaí scoileanna Béarla cúrsa T2, cúrsa nach bhfuil an dúshlán céanna ag baint leis. Ach tá cuid mhaith de mhúinteoirí agus de dhaltaí sna scoileanna míshásta leis an tslí a bhfuil an cúrsa T1 á marcáil. Ní fhaigheann ach líon beag daltaí na marcanna is airde sa scrúdú T1 i gcomparáid leis an líon mór daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhíodh ag fáil na marcanna is airde nuair a bhí aon scrúdú comónta amháin ann. Dúirt príomhoide Gaelcholáiste amháin le Tuairisc gurb amhlaidh gur “díspreagadh” do dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu atá sa chúrsa T1, atá “níos deacra” ná cúrsa Gaeilge na hArdteiste. Bhí sé i gceist cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist ach cuireadh stop leis an phróiseas sin dhá bhliain ó shin.
Tá teipthe ar an iaraltra agus dúnmharfóir ciontaithe Lucy Letby chun achomharc a dhéanamh in aghaidh a ciontaithe as iarracht cailín óg a dhúnmharú. D'áitigh dlíodóirí Letby i gCúirt Achomhairc na Breataine gur cheart an cúiseamh iarrachta dúnmharaithe a chur ar sos toisc go ndeachaigh tuairisciú na meán cumarsáide ar a céad triail i bhfeidhm go héagórach ar a cás. Mhaígh siad gur bhain an aird seo ó na meáin chumarsáide le dochar tromchúiseach agus buan, rud a d’fhág go raibh an atriail éagórach. Ach dhíbh triúr breithiúna sinsearacha achomharc Letby i ndiaidh na héisteachta i Londain. Gearradh 14 ordú saoil iomlán ar Letby roimhe seo as dúnmharuithe seachtar leanaí agus as iarracht ar dhúnmharuithe seisear eile, le dhá iarracht ar leanbh amháin, agus gearradh téarma cúig bliana déag uirthi as an ionsaí ar Leanbh K. Seo é an dara hiarracht achomhairc ó Letby a caitheamh amach.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cochall - pod

saoráid óstáin - hotel facility

leithcheal - discrimination

an Teastas Sóisearach - the Junior Cert

dúnmarfóir - murderer

achomharc - appeal

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

207 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,302 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ

Callan's Kicks

52 Listeners

Bitesize Irish Podcast by Bitesize Irish

Bitesize Irish Podcast

166 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

139 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

319 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,759 Listeners

Daly Dose of Gaeilge by Clíodhna Ní Dhálaigh

Daly Dose of Gaeilge

7 Listeners

The Almanac of Ireland by RTÉ Radio 1

The Almanac of Ireland

82 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

11 Listeners

Path to Power by Matt Cooper & Ivan Yates

Path to Power

24 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

24 Listeners

Young Hot Guys by HeadStuff Podcasts

Young Hot Guys

28 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners