Nuacht Mhall

26 Feabhra 2022 (Ciarraí)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 26ú Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Maidir le cursaí san Úcráin, d’fógair Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go n-aithníonn an Rúis dhá cheantar neamhspléacha, Donetsk agus Luhansk, atá lonnaithe in oirthear na hÚcráine. Chuir na Stáit Aontaithe agus tíortha san Eoraip smachtbhannaí eacnamaíocha ar an Rúis. Dhein an Ríocht Aontaithe smachtbhannaí ar bhainc Rúiseacha agus ar dhaoine saibhre ón tír atá ceangailte leis an Uachtarán Putin. Chur Seansailéir na Gearmáine, Olaf Scholz, cosc ar an bpíblíne gáis ‘Nord Stream 2’ a bhí le teacht chuig an Eoraip. Dúirt Uachtarán Mheiriceá Joe Biden go mbeadh bacanna á gcur ar institiúidí airgeadais Rúiseacha agus ar olagarcaí. Thug sé orduithe chun tuilleadh saighdiúirí a chur san Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin. Chuir na Rúisigh tús le cogadh dearg maidin Déardaoin. Tá eagla ann go dtarlóidh an cogadh is mó in Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.

Ainmníodh an scannán faisnéise ‘Vicky’ le haghaidh gradaim ag Féile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath. Leirítear scéal Vicky Phelan sa scannán, bean a chuaigh le haghaidh tástáil smearaidh sa bhlain 2011. Dúradh lei go raibh a cuid torthaí ceart go leor ach sa bhlain 2014 fuair sí ailse sa cheirbheacs. Teip a bhí ann ó thaobh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte de. Feictear sa scannán sláinte Vicky agus í ag tógáil conspóid dlí. Díritear ar shaol mná eile a bualadh leis an ngalar. Dúirt an stiúrthóir Sasha King, gur theastaigh uaithi na gnéithe iontacha de Vicky a thaispeáint, gur laoch dár gcuid í agus go mairfidh sí inár stair mar dhuine a throid an cath ar ár son.

Foilsíodh treoirleabhar dátheangach faoi Stair Ghaeilge Chúige Uladh in Iarsmalann Daonchultúir agus Iompair Uladh i gCúl Trá i gContae an Dúin. Leis an aip, is féidir éisteacht i nGaeilge agus Béarla faoi shuíomhanna áitiúla sa bhaile Cúl Trá. Cuirtear an-bhéim ar an gceangal Preispitéireach atá leis an nGaeilge ón seachtú haois déag i leith. Ar an aip, tugann fear an phoist turas treoraithe don chuairteoir agus é ag labhairt faoi láithreacha stairiúla cosúil le hEaglais na Cille Móire, Scoil Náisiúnta agus Eaglais Dhriom Crí. Dúirt bainisteoir leabharlanne agus cartlainne san Iarsmalann Dónal McAnallen gur togra úrnua é seo do scoláirí agus turasóirí. Is féidir le daoine éisteacht leis an aip sa leabharlann nó timpeall an bhaile. Tá sprioc acu ceangal a dhéanamh leis an bpobal agus canúntí eile sa Bhéarla.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

smachtbhannaí eacnamaíocha - economic sanctions

institiúidí airgeadais - financial institutions

coach dearg - bloody war

tástáil smearaidh - smear test

aisle sa cheirbheacs - cervical cancer

treoirleabhar dátheangach - bilingual guidebook

láithreacha stairiúla - historic sites 

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners