Nuacht Mhall

26 Meán Fómhair 2020 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá srianta nua i gcoinne Covid-19 i ndiaidh teacht isteach in Éirinn agus sa Bhreatain, agus an líon cásanna ag ardú arís. Anois tá Dún na nGall ar Leibhéal 3 le Baile Átha Cliath, gan cead ag muintir na gceantar sin an contae a fhágáil nó bualadh le grúpa mór daoine. Sa Ríocht Aontaithe tá ar thithe tábhairne druidim uair an chloig níos luaithe agus moltar gur chóir daoine oibriú ón bhaile más féidir, ach deir comhairleoirí eolaíochta nach leor é agus go bhfuil sé rómhall.

Nuacht bhrónach ag an deireadh seachtaine seo caite nuair a cailleadh Síoda, madadh an Uachtaráin Mícheál Ó hUigínn, i ndiaidh tinneas gairid. Ba mhadadh sléibhe Beirneach í Síoda agus bhain sí agus Bród clú agus cáil amach mar aíonna speisialta ag cuid mhór cóisirí agus fáiltithe in Áras an Uachtaráin. Postáladh na mílte teachtaireachtaí ar chuntas Twitter neamhoifigiúil @BrodHiggins leis an haischlib #nosesforsioda agus péinteáladh múrphictiúr nua de Shíoda sa Rinn i mBaile Átha Cliath.

Má tá tú ag éisteacht san Astráil beidh deis eile agat do chuid Gaeilge a chleachtadh agus Aimsir TG4 á craoileadh ag staisiún teilifíse poiblí SBS. Bíonn na físeáin á sruthú ar shuíomh gréasáin SBS ó Luan go hAoine. Leis sin, tá roinnt clár eile le feiceáil ar shuíomh TG4 é féin, clár fáisnéise nua dar teideal Cogadh ar Mhná san áireamh, clár a thugann léargas ar an fhoréigean gnéis a fulaingíodh i rith bhlianta na réabhlóide in Éirinn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

druidim - closing (Gaeile Uladh)

comhairleoirí eolaíochta - scientific advisers

madadh - dog (Gaeilge Uladh)

fáiltithe - receptions

sruthú - streaming

clár fáisnéise - documentary

foréigean gnéis - sexual violence

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners