Nuacht Mhall

26 Meitheamh 2021 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá imní go bhfuil tríú tonn de phaindéim Covid-19 ar siúl agus líon cásanna an athraithigh Delta ag dul in airde sa Bhreatain. Meastar gurb iad ionfhabhtaithe i measc aosaigh óga a spreag an méadú seo, agus mar sin, moltar go nglacfaidh gach duine os cionn ocht mbliana déag d’aois leis an vacsaín chomh luath agus is féidir. In Éirinn, tá bialanna agus tithe tábhairne ag súil le fáilte a chur roimh custaiméirí taobh istigh i mí Iúil ach tá seans ann go gcuirfear dáta na hathoscailte siar mar gheall ar an athraitheach Delta. Beidh an Íoslainn ar an chéad tír san Eoraip chun na srianta ar fad a scaoileadh inniu. Ní bheidh orthu masc a chaitheamh nó fanacht siar óna chéile mar go bhfuair beagnach nócha faoin chéad den daonra an chéad instealladh den vacsaín, an ráta is airde ar domhan.

Tháinig babhta na ngrúpaí de Chraobhchomórtas Peile na hEorpa 2020 chun deiridh Dé Céadaoin. Rachaidh sé fhoireann déag ar aghaidh chuig an dara babhta den chomórtas, a thosóidh inniu. Beidh an Bhreatain Bheag ag imirt in aghaidh na Danmhairge, foireann a fuair tacaíocht fhorleathan i ndiaidh taom croí a bheith ag a n-imreoir is mó le rá Christian Eriksen ar an pháirc imeartha coicís ó shin. Imreoidh foireann Shasana in aghaidh na Gearmáine Dé Máirt. Ní raibh ach bua amháin ag Sasana ar an Ghearmáin ag príomhchomórtas peile le caoga bliain, agus tharla sé sin sa bhliain dhá mhíle. Ar an drochuair, níor éirigh le foireann na hAlban áit a bhaint amach sa dara babhta.

Den chéad uair, is féidir le turasóirí amharc thart tolláin agus seomraí faoi thalamh an Cholasaeim sa Róimh. Tugadh “cúlstáitse” an amfaitéatair ar na seomraí seo, ina mbíodh gliairí agus ainmhithe fiáine ag fanacht sula dtéadh siad amach i lár na hairéine. Bhí idir innealtóirí, ailtirí agus seandálaithe páirteach san athchóiriú agus beidh cuairteoirí in ann siúl trí cúig dhorchla dhéag chun 15000 méadar cearnach de tholláin agus seomraí a fheiceáil. Tá an Colasaem ar ceann de na foirgnimh is íocónaí sa Róimh. Cuireadh tús le tógáil an amfaitéatair sa bhliain 72 i réimeas an Impire Vespasian agus cuireadh i gcrích é i réimeas a mhic Titus sa bhliain 80. Ba ghnáth lucht féachana 70000 a bheith ann.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

athraitheach Delta - Delta variant

aosaigh óga - young adults

tacaíocht fhorleathan - widespread support

taom croí - heart attack

tolláin - tunnels

gliairí - gladiators

lár na hairéine - middle of the arena

dorchla - corridor

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners