Nuacht Mhall

26 Nollaig 2020 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu Lá Fhéile Stiofáin. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Breis agus ceithre bliana tar éis reifreann an Bhreatimeachta, agus na blianta ag idirbheartú, tá comhaontú trádála bainte amach ag an Aontas Eorpach leis an Ríocht Aontaithe. D’fhoilsíodh an téacs inniu ar maidin. Tá an tAontas Eorpach sásta go bhfuil cosaint oiriúnach ann don Chomhmhargadh, agus tá rialtas na Riochta Aontaithe á mholadh, a deireann siad mar gheall ar an bhflaithiúnas a thugann sé dóibh thar a ndlí agus a bhfarraige. Is annamh an comhaontú trádála é áfach, mar méadaíonn sé go mór na deacrachtaí agus na maorlathais trádála idir an dá taobh.

Tá Londain agus oir-dheisceart Shasana faoi dhianghlasú tréan arís, toisc gur aimsiú sóchán nua de COVID-19 anseo atá níos tógálaí, agus a cheaptar a bhfuil i mbun ar an méadú mór ar líon na n-ionfhabhtaithe sa cheantar a tharla le déanaí. Tá baol mór ann go bhfuil an sóchán nua amuigh agus scaipthe ar fud an domhain cheana, agus go n-éireoidh sé ina phríomh-athraitheach ceannasach i ngach áit sul i bhfad; acht níl aon fhiannaise ann go fóill go bhfuil galar an tsócháin nua níos dáinséaraí. D’aimsíodh in Éireann é inné.

Acht i laethanta dorcha an mheán-gheimhridh i ndoimhneachtaí na paindéime, tá seans maith ann go bhfuil fáinne geal an lae ag teacht. Tá an chéad bhaisc de deich míle vacsaín i gcoinne COVID ag teacht in Éireann inniu, trí cheann de na hiarrachtaí agus na saothair na heolaíochta is mó riamh. Tagann dóchas na saoirse agus na sláinte leo, dóchas ar ghnáth-theagmháil le clann agus cairde arís, agus súil ar bhliain úr saor ó réim an ghalair mallaithe seo.

*

Dia daoibh. Is mise Niall, eagarthóir Nuacht Mhall. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a d'éist le Nuacht Mhall i mbliana agus tá súil againn go mbeidh Athbhliain suaimhneach agaibh go léir.

Beannachtaí na Nollag ort!

Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhuit!

Nollaig shona!

Nollaig shona!

Beannachtaí na féile ort!

Beannachtaí na Nollag ort!

Nollaig shona!

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

idirbheartú - negotiating

flaithiúnas - sovereignty 

maorlathas - bureacracy

sóchán - mutation

níos tógálaí - more infectious

athraitheach - variant

an meán-gheimhreadh - midwinter

fáinne geal an lae - bright ring of day, i.e. dawn

baisc - batch


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners