Nuacht Mhall

27 Aibreán 2024 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an seachtú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.
D’fhógair Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, an tseachtain seo go raibh cineál stróc éadrom aige i mí Feabhra níos luaithe i mbliana. D'áitigh sé nach raibh tionchar ag an stróc ar a chumas cognaíochta ach go raibh tionchar aige ar a ghluaiseacht ar an taobh clé agus gur ghéaraigh sé na fadhbanna a bhí aige cheana féin le híochtar an droma. Labhair sé in Ollscoil Mhanchain Dé Céadaoin seo caite, áit a raibh sé ar cuairt le linn dó céim oinigh a fháil, agus áit a ndearna sé a chuid staidéar iarchéime. Dúirt sé gur ghlac sé leis an gcéim ní hamháin dó féin ach do gach imirceach agus dóibh siúd a dhéanann staidéar orthu agus a thugann aire dóibh. Dúirt sé freisin go raibh fianaise ann go raibh tionchar seachtrach ag dul i bhfeidhm ar mheon frith-inimirce in Éirinn ach go raibh tacaíocht ollmhór fós ann d’imircigh ina ainneoin sin.
Níos luaithe an tseachtain seo shínigh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden pacáiste cúnaimh nócha cúig billiún dollar don Úcráin, d'Iosrael agus don Téaváin. Dúirt Uachtarán na hÚcráine Vlodomyr Zelenzky go neartaíonn sé “ról Mheiriceá mar chomhartha daonlathais agus mar cheannaire ar an saol saor”. Bhí sé ag éileamh go gcuirfí tuilleadh cabhrach chuig an Úcráin mar go raibh an Rúis ag dul chun cinn de réir a chéile ina hionradh le seachtainí beaga anuas. Chomh maith le cúnamh díreach, cuimsíonn an bille reachtaíocht freisin chun sócmhainní na Rúise atá i seilbh bhainc an Iarthair a choigistiú chomh maith le smachtbhannaí agus foráil chun iallach a chur ar úinéir Síneach TikTok an tseirbhís meáin shóisialta a dhíol. Mura ndíolfar laistigh de naoi mí é, déanfar TikTok a dhúnadh ar fud na Stát Aontaithe mar thoradh ar an reachtaíocht.
Tá sé fógartha ag rialtas na hÉireann go bhfuil páirc náisiúnta nua á cruthú i gContae Chiarraí. Beidh an pháirc ar an bpáirc náisiúnta is mó sa tír, ag clúdach seachtó míle acra talún agus farraige le chéile agus tabharfar Páirc Náisiúnta na Mara uirthi. Beidh sé ina chéad Pháirc Náisiúnta Mara in Éirinn freisin. Áireofar sa pháirc suíomhanna timpeall an chontae, lena n-áirítear Cnoc Bréanainn, An Chonair, Trá na hInse agus an suíomh oidhreachta domhanda UNESCO ag Sceilig Mhichíl, chomh maith le roinnt oileán amach ón gcósta. D’fhógair an tAire Noonan, an tAire Stáit don Dúlra agus Oidhreachta an seoladh Dé Luain, Lá Domhanda na Cruinne.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

íochtar an droma - the lower back

céim oinigh - honorary degree

pacáiste cúnaimh - aid package

sócmhainní na Rúise - Russian assets

suíomh oidhreachta domhanda - world heritage site

Lá Domhanda na Cruinne - Earth Day

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners