Nuacht Mhall

27 Iúil 2024 (Gaillimh)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá fichead de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

D'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden nach mbeidh sé ag seasamh i gcoinne Donald Trump i dToghchán Uachtaránachta Mheiriceá i mí na Samhna. Tháinig an fógra tar éis seachtainí tuairimíochta faoina shláinte agus éileamh méadaitheach air óna pháirtí féin éirí as. Tá a bheannacht tugtha aige anois don Leas-Uachtarán Kamala Harris chun dul san iomaíocht don Teach Bán. Is é Joe Biden an chéad uachtarán Meiriceánach a d’éirigh as a fheachtas don dara téarma ó rinne Lyndon B. Johnson an cinneadh céanna in 1968. Tá Donald Trump fágtha anois mar an t-iarrthóir is sine riamh i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá.

Tá na mionpháirteanna de ghléasanna pléascacha aimsithe ag na Gardaí sa Chúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Seo an fhorbairt is déanaí ó gabhadh níos mó ná tríocha duine an tseachtain seo caite, tar éis achrann a tharla cóngarach do lóistín a bhí le réiteach d’iarrthóirí tearmainn. Cuireadh JCB trí thine agus gortaíodh fear slándála le linn an achrainn. Dúirt an Taoiseach Simon Harris nach raibh cead ag éinne damáiste mar seo a dhéanamh ná ionsaí a dhéanamh ar na póilíní ná ar na seirbhísí éigeandála. Tá an rialtas ag iarraidh seanmhonarcha phéinte a chur in oiriúint le go mbeidh 500 iarrthóir tearmainn ábalta stopadh ann.

Tá a gcúigiú craobh uile-Éireann tuillte ag iománaithe an Chláir tar éis dóibh an cluiche ceannais a bhuachan in aghaidh Chorcaí. Cluiche lán aicsin, spleodair agus scile a bhí ann, agus ba cheart go mbeadh an dá chontae bródúil as a gcuid imreoirí. Ní raibh mórán idir an dá fhoireann ar feadh an chuid is mó den chluiche, ach fuair an Clár an lámh in uachtar ar deireadh, a bhuíochas le taispeántas draíochtúil óna gcaptaen Tony Kelly. Cé go raibh na foirne ar comhscór tar éis 70 nóiméad, scóráil an Ceallach trí phointe in am breise chun an bua a chinntiú. Beidh súile ar Pháirc an Chrócaigh arís an deireadh seachtaine seo agus cluiche ceannais na peile ar siúl. Beidh seaimpíní Chonnacht Gaillimh ag imirt in aghaidh Ard Mhacha den dara huair i mbliana - agus níor bhuaigh ceachtar foireann Corn Mhig Uidhir ó thús na Mílaoise.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

seachtainí tuairimíochta - weeks of speculation

éileamh méadaitheach - growing demand

gléasanna pléascacha - explosive devices

iarrthóirí tearmainn - asylum seekers

seanmhonarcha phéinte - former paint factory

taispeántas draíochtúil - magical performance

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

207 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,302 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ

Callan's Kicks

52 Listeners

Bitesize Irish Podcast by Bitesize Irish

Bitesize Irish Podcast

166 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

139 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

319 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,759 Listeners

Daly Dose of Gaeilge by Clíodhna Ní Dhálaigh

Daly Dose of Gaeilge

7 Listeners

The Almanac of Ireland by RTÉ Radio 1

The Almanac of Ireland

82 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

11 Listeners

Path to Power by Matt Cooper & Ivan Yates

Path to Power

24 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

24 Listeners

Young Hot Guys by HeadStuff Podcasts

Young Hot Guys

28 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners