Nuacht Mhall

27 Márta 2021 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

D’fhógraigh an Coimisiún Eorpach go n-éireofar na rialacha a bhaineann le heaspórtáil vacsaíní Covid-19 ón Aontas Eorpach níos daingne agus na ballstáit ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil a ndótháin soláthairtí acu. Dé Céadaoin, afách, foilsíodh ráiteas oifigiúil i gcomhpháirtíocht ag an Choimisiún Eorpach agus an Rialtas Briotanach, a deir, mar gheall ar a gcuid idirspleáchais, go bhfuil an bheirt acu ag obair ar chéimeanna faoi leith chun buntáistí a chruthú agus an soláthar a shíneadh chuig a gcuid saoránach uilig. Mhaígh an Coimisiún gur bhris an comhlacht AstraZeneca a chonradh, le heaspa vacsaíní faighte ag an Aontas go dtí seo agus an fhadhb fós le réiteach.

I rith na seachtaine, bhí seisiún ar siúl sa Dáil dírithe ar Choiste Oireachtais na Gaeilge chun leasuithe na reachtaíochta nua a phlé. Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh sé “go hiomlán míshásúil” nuair a d’iarr an tAire Stáit Jack Chambers ar Leas-Chathaoirleach an Choiste leanúint ar aghaidh leis an phlé, toisc go raibh faitíos ar dhaoine “nach mbeidh an bille achtaithe roimh shos an tsamhraidh”. Tá 168 de 308 leasú den bhille fós le plé. Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, “Ní féidir linn dul ar aghaidh ag an ráta a bhfuil muid.” Ba chonspóid í nach raibh obair an choiste déanta trí Ghaeilge agus an obair dírithe ar Sheirbhísí Gaeilge, atá in easnamh in Éirinn.

I Léim an Bhradáin, Contae Chill Dara, beidh 1,600 (míle sé chéad) post nua curtha ar fáil. Beidh an comhlacht teicneolaíochta Intel ag tógáil ionad nua déantúsaíochta sliseanna, in a lonnófar poist bhuana ardteicneolaíochta. Cuirfear tús leis an fhoirgneoireacht i gceann dhá bhliain. Dúirt Intel go raibh $7 mbilliún infheistithe go háitiúil ag Intel le haghaidh a gcuid áiseanna déantúsaíochta agus 4,500 daoine fostaithe acu i Léim an Bhradáin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d’aip phodchraolta.

*

GLUAIS

easpórtáil vacsaíní - export of vaccines

comhpháirtíocht - copartnership

leasuithe na reachtaíochta - amendments to the legislation

in easnamh - lacking

déantúsaíocht sliseanna - manufacturing of microchips

foirgneoireacht - construction

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners