Nuacht Mhall

28 Lúnasa 2021 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. 

*

Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh

Bhuaigh Luimneach Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann ar an Domhnach don dara bliain as a chéile. Bhain siad bua amach i gcoinne Corcaí le trí cúl agus tríocha a dó cúilín, an scór b’airde a baineadh amach i gcluiche ceannais na hEireann riamh. D’fhreastail slua daichead míle ar an gcluiche i bPáirc an Chrócaigh, rud a tharraing conspóid mar gheall go bhfuil an tionscal ealaíne agus ceoil fós dúnta ar chúiseanna na paindéime. Nuacht dhearfach eile i spóirt na hÉireann, bhuaigh Ellen Keane an chéad bhonn óir ar son fhoireann na hÉireann sna Cluichí Parailimpeacha 2020 i dTóiceo ar an Déardaoin. Bhuaigh an snámhaí ó Chluain Tarbh an t-imeacht snámha brollaigh 100m leis a ham pearsanta ba thapúla ina gairm.

Breis is seachtain ó ghabh an Taliban cumhacht san Afganastáin tá níos mó ná nócha míle duine Afganastánach agus eachtrannach tar éis teitheadh ón tír. I ndiaidh seachtain de scéalta agus íomhánna uafásacha de dhaoine ag déanamh a ndícheall éalú ón tír tharla dhá phléasc lasmuigh d'aerfort i gCabúl, príomhchathair na tíre, ar an Déardaoin. Maraíodh suas le nócha duine sna pléascanna, a thóg an grúpa míleatach Isis-K freagracht astu, Afganastánaigh agus saighdiúirí Meireacánacha san áireamh. Tá an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ag leanúint lena n-iarrachtaí teite in Afganastáin in ainneoin baol ionsaithe eile. Cuireadh misean éigeandála na hÉireann i gcrích agus tríocha a sé Éireannach san iomlán bogtha amach ón tír. Ceaptar go bhfuil seasca saoránach Éireannach agus cúig déag Afganastánach a bhfuil ceart cónaithe in Éireann acu in Afganastáin fós agus moltar dóibh gan taisteal i dtreo an aerfoirt. Dúirt Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, go leanfar ar aghaidh le hiarrachtaí chun iad a thabhairt abhaile, ach go bhfuil aerfort Chabúl dúnta mar rogha anois.

Ba í 2020 an bhliain ba theo a taifeadadh riamh san Eoraip. Bhí meánteocht na hEorpa 1.9 céim ní b’airde ná an mheánteocht fhadtéarmach idir 1981 agus 2010, dar le tuairisc foilsithe ar líne ag Cumann Meitéareolaíochta Mheiriceá. Ar fud an domhain bhí an mheánteocht 0.6 chéim ní b’airde i gcomparáid leis an tréimhse chéanna. Dúradh sa tuairisc go raibh 2020 ar cheann de na trí bliana ba theo ar taifead. Aontaíonn saineolaithe aeráide gurb iad daoine cúis an athraithe aeráide seo agus go leanfaidh na hathruithe ar aghaidh mura ndéantar iarracht dháiríre gáis ceaptha teasa a laghdú gan mhoill.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

an tionscal ealaíne agus ceoil - the arts and music industry

snámh brollaigh - breaststroke

pléasc - explosion

misean éigeandála - emergency mission

meánteocht - mean temperature

gáis ceaptha teasa - greenhouse gases

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners