Nuacht Mhall

3 Aibreán 2021 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an triú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Chuaigh an long mór, an Ever Given, i bhfostú i mbruach Chanáil Shuais an tseachtain seo caite agus d’fhan sé ann ar feadh sé lá. Tá an long ceithre chéad méadar ar fad agus bhí sí tarraingthe trasna na canálach i mbealach nach raibh aon long eile in ann dul thairsti. De bharr na timpiste, bhí suas le trí chéad long sáinnithe sa chanáil agus shocraigh le roinnt long eile an turas mór a dhéanamh thimpeall mhór-roinn na hAfraice in ionad fanachta. D’éirigh le comhlacht lóistíochta an Ever Given a bhogadh Dé Luain seo caite agus cuireadh ar an uisce arís. Meastar gur chaill an bealach farraige suas le trí mhilliún déag euro in aghaidh an lae.

D’fhoilsigh an Rialtas plean cúig bliana chun daoine a mhealladh le bheith ag cianoibriú as bailte tuaithe. Dúirt an Taoiseach, agus an plean á chur I láthair aige, go mbeidh go leor athruithe le feiceáil sna blianta atá romhainn mar gheall ar an bpaindéim agus go mbeidh ról lárnach ag na pobail faoin tuath sa téarnamh eacnamaíoch tar éis Covid-19. Tá sé beartaithe ceithre chéad mol cianoibre a bhunú i mbailte tuaithe i mbliana agus d’úsáidfí tábhairní tuaithe mar ionaid phobail agus mar mhoil do sheirbhísí áitiúla sa phlean. Dúirt grúpaí ionadaithe ó cheantair tuaithe go bhfuil sé níos riachtanaí leathanbhanda ardluais a bhunú sna ceantair seo thar aon rud eile. Tá céad caoga geallúint san iomlán sa phlean seo.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann, tá ardú tagtha ar líon na ndaltaí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí acu. Léiríonn na figiúirí go bhfuil cúig chéad tríocha a naoi bpáiste i scoileanna ó thuaidh leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, méadú de bheagnach deich faoin gcéad i gcomparáid le trí bliana ó shin. Tá timpeall seacht míle dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna sna Sé Chontae de réir Comhairle na Gaelscolaíochta. Tar éis an Bhéarla, is iad an Pholainnis agus an Liotuáinis an dá theanga is mó a labhraítear i dTuaisceart na hÉireann. Bhí an suirbhé ag iarraidh fáil amach an mbeadh deacrachtaí ag páistí áirithe teagasc trí mhéan an Bhéarla a thuiscint.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

I bhfostú/sáinnithe - stuck, trapped

comhlacht lóistíochta - logistics company

mol cianoibre - remote working hub

leathanbhanda ardluais - high speed broadband

ardú/méadú - increase

ó thuaidh - in the north

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners