Sign up to save your podcasts
Or

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Ella Hassett.
Tá an tAontas Eorpach tar éis cás dlí a thabhairt in aghaidh na Breataine mar gheall ar bhille trádála inmheánaigh . De réir an Aontais Eorpaigh, briseann an bille dlí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí Thuaisceart na hÉireann. Chuir an tAontas Eorpach litir fhoirmiúil chuig Rialtas na Breataine inniu mar chéad chéim sa phróiséas dlí. D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, gur thóg siad an chéim sin mar gur theip ar Rialtas na Breataine ina dhualgas gníomhú “le dea-thoil”. Dúirt urlabhraí de chuid Rialtas na hÉireann agus teachta-dála Neale Richmond gur trua mór é ach go raibh an ceart ag an Aontas Eorpach an cás sin a thabhairt.
D’fhógair an comhlacht taistil náisiúnta, Bus Éireann, go mbeidh sé ag cur deireadh le seirbhísí luasbhealaigh áirithe. Tá na seirbhísí seo idir Baile Átha Cliath agus cathracha Chorcaí, Luimnigh agus na Gaillimhe. Deir sé go dtiocfaidh deireadh leis na seirbhísí sin go luath sa bhliain 2021. Mar gheall ar Covid-19, thit líon na bpaisinéirí a úsáideann na seirbhísí sin ó mhí an Mhárta. I mí an Mhárta, cuireadh deireadh leis an tseirbhís X51 idir Gaillimh agus Luimneach freisin. Deir Bus Éireann nach gcaillfidh aon tiománaí a phost mar gheall ar na hathruithe sin, mar go dteastaíonn tiománaithe uaidh ar sheirbhísí eile.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.
*
GLUAIS
bille trádála inmheánaigh - internal market bill
dualgas - duty
seirbhísí luasbhealaigh - express services
bonn óir - gold medal
mianach talún - landmine
By Conradh na Gaeilge i Londain5
1919 ratings

20 Listeners

1,349 Listeners

64 Listeners

143 Listeners

21 Listeners

1,841 Listeners

135 Listeners

90 Listeners

2 Listeners

44 Listeners

17 Listeners

38 Listeners

4 Listeners

0 Listeners

9 Listeners