Nuacht Mhall

3 Lúnasa 2024 (Ciarraí)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Tá na Cluichí Oilimpeacha ar siúl faoi láthair i bPárás na Fraince. Bhuaigh an snámhaí as Contae Shligigh Mona McSharry an chéad bhonn ag snámh sna cluichí le tríocha bliain. Bhain sí bonn cré-umha amach sa snámh brollaigh 100 méadar. Bhain an snámhaí ó Ard Mhacha Daniel Wiffen curiarracht le bonn óir a bhuachtaint. Sa snámh ocht céad méadair saorstíle, ba é an chéad fhear Éireannach a bhuaigh bonn ag snámh sa chomórtas. Bhuaigh sé an rás san am is tapúla le seacht noiméad, tríocha a hocht soicind punc a naoi déag. Níl Wiffen críochnaithe fós mar tá rás míle cúig chéad saorstíle aige agus rás deich ciliméadar le bheith ar siúl sa tSéin. Tá ag éirí go maith linn sa rámhaíocht chomh maith, bhuaigh Philip Doyle ó Chontae an Dúin agus Daire Lynch ó Thiobraid Árann bonn cré-umha sa chomórtas céaslaire beirte. Ansin bhí bua iontach ag Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy ó Sciobairín i gContae Chorcaí ag an gcluiche ceannais 2000 méadar, comórtas céaslaire beirte éadrom. Bhíodar imithe chun cinn tar éis na líne leathbhealaigh agus dheineadar a mbeart an bonn óir a bhaint amach.

Tá ceann de na báid is sine ar domhan, an Belem, ag seoladh timpeall na hÉireann. Is bád traenála é inniu ach is bád ana-stairiúil é atá 120 bliain d’aois. Tógadh an bád sa bhliain 1896 agus bád lastais ab ea é ag iompar siúcra ó na hIndiacha Thiar agus ag easpórtáil cócó agus caife ón mBrasaíl agus ón nGuáin na Fraince go Nantes sa Fhrainc. Sa bhliain 1902 tháinig an bád slán ó bholcán ag brúchtadh in Martinique agus ó chrith talún sa bhliain 1923 in Yokohama sa tSeapáin. Inniu is bád traenála é do mhairnéalaigh. Thug an bád an lasair Oilimpeach ar an gcéad turas ón nGréig go Marseille. Tá an bád ag iompar criú de 16 agus 48 duine faoi oiliúint.

D'fhógair Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann go bhfuil an scannán Gaeilge Kneecap curtha ar aghaidh don rannóg idirnáisiúnta do Dhuais an Acadaimh sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2025. Léirítear sa scannán na rapálaithe Móglai Bap agus Mo Chara agus an dioscmharcach DJ Próvaí ó Bhéal Feirste atá ag iarraidh a seánra féin de rap gaeilge a chruthú agus iad ag iarraidh a theanga dhúchais a shábháil. Is é Rich Peppiatt stiúrthóir an scannáin, agus bhí Jack Tarling agus Trevor Birney ina léiritheoirí air. Tá aisteoirí mór le rá páirteach sa scannán ar nós Michael Fassbender agus Simone Kirby. Dúirt Mo Chara gur mór an onóir é dóibh gur roghnaigh IFTA Kneecap chun cur isteach ar Oscar, agus go bhfuil an banna fíorbhuíoch as.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

bonn - medal

snámh brollaigh - breast-stroke

snámh saorstíle - freestyle

céaslaire - scull

bád lastais - cargo boat

dioscmharcach - DJ

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners