Nuacht Mhall

3 Meitheamh 2023 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. 

Tá Éire chun a spriocanna aeráide 2030 a chailleadh mura ndéanann gach earnáil, lena n-áirítear talmhaíocht, leictreachas agus iompar, tuilleadh laghduithe astuithe a chur i gcrích go gasta agus a choinneáil amach anseo, de réir na tuarascála is déanaí ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Léiríonn a réamh-mheastacháin is déanaí, má chuirtear gach beartas aeráide atá beartaithe faoi láthair i bhfeidhm go hiomlán, nach mbainfidh Éire ach laghdú 29% ar astuithe gáis cheaptha teasa faoi 2030, i bhfad níos lú ná an sprioc laghdaithe 51% atá ceangailteach ó thaobh dlí. Tá Éire le dul thar an dá bhuiséad carbóin don tréimhse 2021 go 2030 idir 24% agus 34% fosta.

Tá fear 48 bliain d’aois gafa ag póilíní atá ag fiosrú físeán de thiománaí tacsaí ó Bhéal Feirste a bhí ag bagairt ar phaisinéir ina ghluaisteán agus gunna nó gunna macasamhlach aige. Dúirt an PSNI go raibh sé faoi choinneáil mar gheall ar roinnt cionta. Áirítear leis na cionta seilbh arm tine nó arm tine bréige. Thaispeáin an físeán 45 soicind tiománaí ag bagairt arm tine agus ag bualadh an phaisinéara ina aghaidh, sular lean sé ag bagairt air. Tá paisinéir eile ina shuí ar chúl na feithicle. Is cosúil gur tháinig an scannán ó dashcam san fheithicil.

Tá sé ráite ag Phillip Schofield go bhfuil “gach rud caillte aige” agus nach bhfeiceann sé todhchaí dá ghairm bheatha, in agallamh mothúchánach macánta le BBC News. Dúirt Schofield go bhfuil “a ghairm bheatha thart” i ndiaidh caidreamh a bhí aige le comhghleacaí óg. Dúirt sé nach “buachaillí” iad an bheirt agus nach raibh ach cúig nó sé theagmhálacha rómánsúla acu le linn cúpla mí. Dúirt Schofield, áfach, gur “earráid thromchúiseach a bhí sa scéal”. Ardaíodh ceisteanna faoin dóigh ar láimhseáil ITV an cás fosta, maidir le cé mhéad eolas a bhí ag ceannairí an chainéil faoin scéal, agus an ndeachaigh imscrúdú an chainéil féin fada go leor.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

laghduithe astuithe - reductions in emissions

an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil - the Environmental Protection Agency

gunna macasamhlach - replica gun

arm tine - firearm

earráid thromchúiseach - a grave mistake

imscrúdú - investigation

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners