Nuacht Mhall

30 Aibreán 2022 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuair Le Pen, atá i bhfad amach ar an eite dheis, os cionn 40%, de na vótaí, ardú suntusach ón vóta sa bhliain 2017. Ní raibh iarrthóir ón site chlé sa toghchán réitigh.

Athrófar ainm Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nó NUIG, go "Ollscoil na Gaillimhe - University of Galway" i mbliana. Úsáidfear an teideal dátheangach seo, ina bhfuil tús áite ag an Ghaeilge, ar gach doiciméad oifigiúil de chuid na hollscoile. Ní hé seo an chéad athrú ar ainm na hinstitiúide. Bunaíodh an ollscoil mar Queen's University Galway sa bhliain 1845 ach athraíodh an t-ainm go Coláiste na hOllscoile, Gaillimh in 1908 agus tugadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uirthi in 1997. Lonnaigh an scríbhneoir Breandán Ó hEithir a úrscéal "Lig Sinn i gCathú" i leagan ficseanaithe den ollscoil.

Tá imeacht mór Gaelach ar siúl i Londain an deireadh seachtaine seo. Beartaíodh Gaeltacht Chois Tamaise dhá bhliain ó shin, ach cuireadh ar ceal í mar gheall ar phaindéim Covid-19. I mbliana, tá daoine ag taisteal go Londain le haghaidh deireadh seachtaine tumthach. I measc na n-imeachtaí atá ar siúl tá dianchúrsa Gaeilge, Pop Up Gaeltacht agus Comhdháil na Breataine, teacht le chéile ar líne agus ar an láthair de dhaoine ó gach cearn den oileán, chun plé a dhéanamh ar conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa Bhreatain agus cearta teanga a bhaint amach i dTuaisceart Éireann.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Uachtarán reatha - sitting President

toghchán réitigh - run-off election

tús áite - priority

leagan ficseanaithe - fictionalised version

Gaeltacht Chois Tamaise - Thames-side Gaeltacht

deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners