Nuacht Mhall

30 Deireadh Fómhair 2021 (An Dún)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríochadú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Tháinig scaifte eagsúil de roinnt páirtithe polaitíochta le chéile Dé Máirt ar son cearta teanga i dTuaisceart Éireann. Gealladh Acht Teanga sa Tuaisceart i mí an Mheithimh, i ndiaidh ceithre bliana déag de mhoilleadóireacht. Duirt Brandon Lewis (státrúnaí an Tuaiscirt) go gcomhlíonfadh siad an reachtaíocht Ghaeilge a bhí geallta i gclár Stormont "New Decade New Approach" roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair muna raibh sé déanta ag an fheidhmeannas roimhe sin. Cuirtear brú ar Rialtas na Breataine cloí lena ngealltanas agus an tAcht Gaeilge seo a thabhairt isteach gan a thuilleadh moille.

Tiocfaidh na Naisiúin Aontaithe le chéile ag deireadh na seachtaine don seú tionól is fiche fán athrú aeráide. Beidh an tionól ar súil i nGlaschú, áit ina bhfuil oibrithe iarnróid ag pleanáil le dul ar stailc ag agóid in aghaidh pá íseal agus droch-choinníollacha oibre. Tiocfaidh Greta Thunberg, gníomhaí i gcoinne athrú aeráide, chuig Glaschú i rith am an tionóil fosta, ach ní fhreastalóidh sí air. Beidh sí ag glacadh páirt i stailc eile atá eagraithe ag an eagraíocht "Fridays for Future" in aghaidh athrú aeraide, agus dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn an pobal páirteach sa chomhrá fosta. Chuir sí cuireadh chuig oibrithe iarnróid a bheidh ar stailc, ag rá gurb ionann iad ceartas sóisialta agus ceartas aeráide.

Thángthas ar theachtaireacht i mbuidéal i gcalafort Rúiseach, a chuir eolaithe Éireannacha san Aigéan Atlantach blianta ó shin. Síltear gur scaoileadh an buideál sna 70idí nó sna h80idí, mar chuid de stáidear ar shruthanna aigéin. Bhí cárta poist istigh ann, ag iarraidh ar an aimsitheoir teagmháil a dhéanamh leo le rá cá háit ar shroich sé. Mar sin, chuaigh tumadóir Rúiseach i dteaghmail le rá go bhfuarthas é ag bun an bhá. Duirt an t-aigéaneolaí Dr White go raibh suim acu níos mó eolais a fháil amach fán bhuidéal.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

moilleadóireacht - delay, procrastination

feidhmeannas - executive

tionól - assembly, summit

oibrithe iarnróid - railway workers

aigéaneolaí - oceanographer

tumadóir - diver

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners