Nuacht Mhall

30 Márta 2024 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríochadú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Bhí an líon daoine ag baint úsáid as seirbhisí tithíochta éigeandála in Éirinn níos airde ná riamh cheana an mhí seo caite. Bhí 13,841 daoine i dtithíocht éigeandála i mí Feabhra, 4,170 díobh a bhí ina bpáistí. Sin na huimhreacha is airde a taifeadadh ó tosaíodh taifead a dhéanamh, agus ardú 310 duine atá i gceist i gcomparáíd le mí Eanáir. Tá 10,100 de na daoine taifeadta bunaithe i mBaile Átha Cliath. Léirigh ionadaí ó Chlann Shíomóin nach bhfuil daoine a bhíonn ag fanacht ar na sráideanna, daoine atá ag éalú ó fhoréigean baile nó lucht iarrtha tearmainn san áireamh sna figiúirí sin agus mar sin nach léiriú ceart iad don ghéarchéim iomlán. Mar thoradh ar an éíleamh ard ar na seirbhisí tá ar dhaoine gan dídean tréimhse níos giorra a chaitheamh i dtithíocht éigeandála. D’iarr Clann Shíomóin ar an rialtas dearbhthosáiocht a dhéanamh as an ngéarchéím easpa dídine. Dúirt siad gurb í tógáil tithí sóisialta agus inacmhainne an t-aon fhreagar agus chuir siad brú ar an rialtas glacadh leis an “Simon Homeless Prevention Bill” agus cearta dídine a chumhdach. 

Tharla timpiste uafásach in Baltimore sna Stáit Aontaithe Dé Máirt nuair a bhuail long choimeadán Droichead Francis Scott Key i bpríomhphort na cathrach. Tá an droichead 2.6k i bhfad agus thit sé san fharraige de bharr an damáiste a rinneadh don tacaíocht nuair a tharla an t-imbhualadh. Tá fiosrú oifigiúil fós ar siúl le teacht ar chúis chinnte leis an timpiste ach deir oifigeach gur tharla cliseadh cumhachta ar an long agus gur seoladh comhartha guaise nóiméad roimh an imbhualadh. Bhí ochtar ag obair ar an droichead nuair a tharla an timpiste agus tugadh tarrtháil ar bheirt acu. Fuair beirt bás agus leanann iarrachtaí teacht ar an gceathrar atá caillte ach glactar leis go bhfuil siad marbh. Tá dúshlán mór i gceist leis an iarracht mar gheall ar an teocht fhuar agus an líon smionagair san uisce. Ní raibh aon ghortú ag an bhfoireann ar an long. Is é Port Baltimore an port is gnóthaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le heaspórtáil gluaisteán agus tá sé tábhachtach le haghaidh lasta freisin. Tógfaidh sé tamaillín an droichead a atógáil agus tá imní ann faoin tionchar ar shlabhraí soláthair an domhain. 

D'fhógair Micheál Martin, an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha go bhfuil Éire chun idirghabháil a dhéanamh sa chás a thosaigh an Aifric Theas i gcoinne Iosrael faoin gCoinbhinsiúin ar Chinedhíothú ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta. Dúirt an Tánaiste gur thug sé orduithe d'oifigí tús a chur le hobair ar fhógairt idirghabháil faoi alt 63 de reacht na Cúirte. Má ghlacann an rialtas leis cuirfear an idirghabháil leis an gcás i gcoinne Iosrael ag an gcúirt sa Háig. Bhí an rialtas faoi bhrú leanúnach ón bpobal agus ón bhfreasúra chun gníomhú maidir leis an gcás seo. Dúirt Rapóirtéir Speisialta um Chearta an Duine ag na Náisiúin Aontaithe gur "cinneadh tábhachtach" é ach "b'fhéidir thar téarma". Mhínigh Fionnuala Ní Aoláin, ollamh dlí ag Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, nach cás coiriúil atá i gceist agus níl brí ag an idirghabháil go bhfuil an rialtas ar aon "taobh" ach is tuairim bunaithe ar fhíricí atá i gceist leis an idirghabháil. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

seirbhisí tithíochta éigeandála - emergency housing services

Clann Shíomóin - the Simon Community, a charity which helps homeless people

long choimeadán - container ship

comhartha guaise - danger signal

idirghabháil - intervention

Rapóirtéir Speisialta um Chearta an Duine - Special Rapporeur for Human Rights




...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners