Nuacht Mhall

30 Samhain 2024 (Ard Mhacha)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríochadú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Tá muintir na hÉireann fós ag fanacht ar thorthaí an olltoghcháin a reáchtáladh Dé hAoine, inné. De réir na bpobalbhreitheanna, bhí an rás gob ar ghob idir na príomhpháirtithe polaitiúla, Sinn Féin, Fianna Fáil, agus Fine Gael. Tá súil ghéar ag an phobal agus ag lucht anailíse ar an chéad chomhaireamh, a chuirfear ar fáil i rith an deireadh seachtaine beag seo. Tá an córas aistrithe inmhalartaithe á úsáid mar is gnách, agus mar gheall air sin b’fhéidir go dtógfaidh sé roinnt uaireanta, nó fiú laethanta, na suíocháin dheireanacha a líonadh i gceantair thoghcháin níos casta. Bhí na ceisteanna móra amhail tithíocht agus an córas sláinte fós i gcroílár na díospóireachta polaitiúla agus beidh ar an rialtas nua na ceisteanna seo a réiteach. Tar éis an toghcháin cuirfear tús le cainteanna maidir le comhrialtas a fhoirmiú.

Tá sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah tar éis a bheith faofa le cabhair na Stát Aontaithe agus na Fraince. Tá sé seo mar bhua do thaidhleoireacht sa réigiún, a bhfuil cogadh ann le bliain. Dúirt arm na Liobáine go bhfuil sé réidh chun dul go deisceart na tíre chun an sos comhraic a chothabháil. D’iarr siad ar dhaoine gan filleadh ar dheisceart na tíre go dtí go mbeidh sé sábháilte. Fágfaidh arm Iosrael an Liobáin agus tuigtear freisin go bhfuil Hezbollah toilteanach gan dul níos gaire do theorainn Iosrael ná abhainn na Litani. D'fháiltigh an Tánaiste Micheál Martin an sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah agus dúirt sé gur cheart a mhacasamhail a dhéanamh anois i gcás stráice Gaza.

Fuarthas taisí daonna i gContae Mhuineacháin mar chuid de chuardach ar chorp duine atá ar iarraidh ó na Trioblóidí sa Tuaisceart. Tógadh na taisí as uaigh i reilig idir Baile na Lorgan agus Cluain Tiobrad. Deir an coimisiún atá ag fiosrú daoine a d'imigh gan tásc ná tuairisc le linn na dTrioblóidí go bhfuair siad fianaise ar ghníomhaíochtaí amhrasacha sa reilig sna 1970idí. Tagann an dáta leis an am a chuaigh Joe Lynskey ar iarraidh. Bhí sé ina bhall den IRA agus níl aon tásc ar a shlí ó bhí 1972 ann. Tá Lynskey ar dhuine de 16 duine atá fós faoi fhiosrúchán faoi fhuadach agus adhlacadh rúnda le linn na dTrioblóidí. Is éard atá i gceist ná go bhfuil an tIRA freagrach as seo. Beidh sé roinnt laethanta sula mbeidh aon eolas breise ar fáil faoi na taisí faighte i gContae Mhuineacháin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

gob ar ghob - neck and neck

pobalbhreitheanna - polls

faofa - approved

taidhleoireacht - diplomacy

taisí daonna - human remains

fuadach - kidnapping

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

205 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,306 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ

Callan's Kicks

52 Listeners

Bitesize Irish Podcast by Bitesize Irish

Bitesize Irish Podcast

167 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

139 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

318 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,761 Listeners

Daly Dose of Gaeilge by Clíodhna Ní Dhálaigh

Daly Dose of Gaeilge

7 Listeners

The Almanac of Ireland by RTÉ Radio 1

The Almanac of Ireland

81 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

46 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

11 Listeners

Path to Power by Matt Cooper & Ivan Yates

Path to Power

24 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

24 Listeners

Young Hot Guys by HeadStuff Podcasts

Young Hot Guys

29 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners