Nuacht Mhall

31 Deireadh Fómhair 2020 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu Oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Drochscéal ón gcosmos an tseachtain seo, mar tá sé faighte amach ag na réalteolaithe David Vokrouhlický agus a chomhoibrithe go bhfuil seans amháin i thart ar céad agus caoga míle go mbuailfidh an t-astaróideach Apophis anuas ar an domhan i 2068, rud a bheadh tubaisteach go h-iomlán dá dtárlódh sé. Tiocfaidh Apophis an-ghar don domhan i 2029 agus arís i 2036, agus cé nach bhfuil baol ar bith d’imbhualadh sna blianta sin, braitheann céard a tharlóidh i 2068 go h-an íogair ar an dá geábh gar úd; agus ar an tionchar beag a mhothaíonn Apophis ó sholas na gréinne an t-am uilig, an “éifeacht Yarkovsky”, atá thar a bheith deacair a ríomh go cruinn. 

Sna Stát Aontaithe, tá an feachtas toghchána ag teacht chun buaicphointe, agus tá Joe Biden chun tosaigh sna phobalbhreitheanna. Cé gur tháinig sé ó chúl i 2016, beidh sé níos deacra do Donald Trump an bua a bheireadh an babhta seo, mar tá breis agus 80 milliúin vótaí caite cheanna. Tá Trump ag leanúint ar aghaidh le slógaí móra timpeall na tíre, gan mascanna nó scaradh sóisialta, in ainneoin na paindéime, atá ag géarú go tapaidh i Mheiriceá.

Tá an craobh sinsear peile na bhfear na hÉireann ag caitheamh isteach inniu. Mar gheall ar an phaindéim, is é an chéad chraobh díbeartha ó 2000. Níl acht sé chluiche, ar a mhéad, idir gach contae agus an corn, agus tá an t-ádh le Corcaigh, Ciarraí, Gaillimh, Ros Comáin agus Sligeach, mar níl acht ceithre chluiche le buachan acu. Faraoir, de bharr na paindéime arís, níl spás ann i mbliana do Londain nó Nua Eabhrac. Acht sin mar atá; agus Maigh Eo abú.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

astaróideach - asteroid

imbhualadh - collision

buaicphointe - climax

pobalbhreith - opinion poll

corn - cup, trophy

craobh díbeartha - knock-out championship

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners