Nuacht Mhall

31 Iúil 2021 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. 

*

Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.

Thosaigh na Cluichí Oilimpeacha Dé hAoine seo caite leis an searmanas oscailte i dTóiceo. Tá roinnt comórtais nua curtha leis na Cluichí i mbliana; karate, clárscátáil agus surfáil san áireamh. Bhí tús neamhghnách ag na Cluichí mar briseadh stiúrthóir an tsearmanais oscailte as a phost de bharr mí-iompair. Fuarthas píosaí scannáin ina raibh sé ag magadh faoin Uileloscadh. Ag tráth an taifeadta, tá bonn cré-umha buaite ag Éirinn i rámhaíocht na mban, agus bonn óir i rámhaíocht na bhfear. Is ea an tSeapáin, an tír óstach, an tír ag barr an bhoird ceannais faoi láthair, ach tá na boinn is mó ag na Stáit Aontaithe. Tá taifead nua déanta ag cailín trí bliana déag d’aois – is í an dara duine is óige a bhuaigh bonn óir Oilimpeach. Bhuaigh an cailín Seapánach an bonn sa chlárscátáil. Tá a lán imeachtaí eile fós le teacht mar shampla rámhaíocht aonair agus dornálaíocht.

Cuireadh tús le triail chalaoise Dé Máirt inar cúisíodh deichniúr, cairdinéal san áireamh. Bhí an cairdinéal Angelo Becciu ina oifigeach sinsearach sa Vatacáin ach tháinig na cúisimh ón Vatacáin féin. Cuireadh airgead a chúigleáil, mí-úsáid oifige agus finné a spreagadh chun mionnú éithigh ina leith. Chaith rúnaíocht an stáit níos mó ná trí chéad caoga euro ar réadmhaoin i Londain agus dá bharr sin rinne an Vatacáin caillteanais mhóra. Séanann na cosantóirí go ndearna siad aon rud as bealach ach má fhaightear ciontach iad d’fheadfaí iad a sheoladh chuig príosún no fíneáil a ghearradh orthu.

D’fhoilsigh an tAontas Eorpach a mholtaí chun gnéithe áirithe de phrótacal Thuaisceart na hÉireann a shimpliú. Is é aidhm an phrótacail ná stad a chur le teorainn chrua in Éirinn ach deir an Ríocht Aontaithe nach dtéann na pleananna fada go leor. An tseachtain seo freisin, d’fhoilsigh an Ríocht Aontaithe tograí nua don phrótacal, agus chuir an tAontas Eorpach a gcaingean dlí i gcoinne an Ríocht Aontaithe ar sos. Sárú ar phrótacal thuaisceart na hÉireann a bhí i gceist agus thosaigh sé i mí an Mhárta nuair a rinne an Ríocht Aontaithe iarracht tréimhse cur i bhfeidhm an phrótacail a athrú.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

triail chalaoise - fraud trial

airgead a chúigleáil - embezzling money

mionnú éithigh - perjury

réadmhaoin - property

caingean dlí - legal action

cur i bhfeidhm an phrótacail - implementation of the protocol

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners