Nuacht Mhall

4 Bealtaine 2024 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Tá póilíní sna Stáit Aontaithe tar éis na céadta mac léinn atá ag agóid ar son na Palaistíne a ghabháil ar champais iolracha ar fud na tíre. Rinne póilíní Los Angeles a mbealach isteach sa champa agóide ag UCLA le fórsa, ag coinneáil roinnt agóideoirí agus ag stróiceadh na bpuball. D’éiligh na mic léinn go stopfadh ollscoileanna gnó a dhéanamh le hIosrael nó le cuideachtaí a thacaíonn leis an gcogadh in Gaza. Agus mic léinn ag leanúint ar aghaidh ag agóid ar fud na tíre, shéan an tUachtarán, Joe Biden, go gcaitheann na Stáit Aontaithe go leatromach le hagóideoirí ach dúirt sé go gcaithfidh “ordú a bheith i réim”.
Tá scéim nua seolta chun an Ghaeilge a thabhairt do phobail nua in Éirinn, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil Araibis, Úcráinis agus Íogbóis mar phríomhtheanga acu.  ‘Céad Míle Fáilte’ an t-ainm atá ar an tionscnamh náisiúnta atá maoinithe don chéad trí bliana eile ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon agus Gaeltachta. Táthar ag súil go nglacfaidh ar a laghad 2,000 duine páirt ann. Dúirt an tAire Stáit, Thomas Byrne, go bhfuil níos mó i gceist leis an tionscadal ná clár teanga, ag rá gur cruthú atá ann go bhfuilimid tiomanta féiniúlacht Éireannach níos láidre agus níos leithne a chruthú, a bheidh cuimsitheach agus fáilteach roimh chách.
Tá cuach Éireannach ar ais ina tír dhúchais tar éis aistear éachtach thar sáile. Chaith an chuach an geimhreadh i bhforaoisí báistí an Chongó agus thuirling sé ar ais i bPáirc Náisiúnta Chill Áirne i gCiarraí an tseachtain seo, áit ónar eitil sé an bhliain seo caite. Tá an t-éan, darb ainm Cuach KP, ar cheann de thriúr a feistíodh le clibeanna satailíte mar chuid de Thionscadal Rianaithe Cuach nua a seoladh an samhradh seo caite. Ba é cuspóir an tionscadail ná pictiúr soiléir a fháil ar thuras bliantúil na cuaiche agus conas is féidir iad a choinneáil sábháilte.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

campa agóide - protest camp

go leatromach - oppressively

cuimsitheach - inclusive

fáilteach - welcoming

cuach - cuckoo

clibeanna satailíte - satellite tags

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

208 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,297 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ

Callan's Kicks

52 Listeners

Bitesize Irish Podcast by Bitesize Irish

Bitesize Irish Podcast

167 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

139 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

322 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,763 Listeners

Daly Dose of Gaeilge by Clíodhna Ní Dhálaigh

Daly Dose of Gaeilge

8 Listeners

The Almanac of Ireland by RTÉ Radio 1

The Almanac of Ireland

81 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

11 Listeners

Path to Power by Matt Cooper & Ivan Yates

Path to Power

23 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

24 Listeners

Young Hot Guys by HeadStuff Podcasts

Young Hot Guys

30 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners