Nuacht Mhall

4 Meán Fómhair 2021 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Fuair ceithre dhuine dhéag ar a laghad bás i Nua-Eabhrac oíche Dé Céadaoin tar éis tulcaí mar gheall ar an stoirm thrópaiceach Ida. Bhí níos mó báistí ná mar a bhí riamh ann agus dá bharr sin dúnadh na stáisiúin traenach faoi thalamh. Fógraíodh staid éigeandála sa chathair agus dúirt an Méara Bill de Blasio go raibh “teagmhas aimsire amach is amach” ag tarlú sa cheantar. D’impigh sé ar dhaoine fanacht sa bhaile. Dúirt sé: “Má tá tú ag smaoineamh ar dhul lasmuigh, ná dean é. Fan amach ó na stáisiúin. Fan amach ó na bóithre. Ná bí ag tiomáint isteach sna tuilte troma seo. Fan laistigh.” D’fhulaing Louisiana a lán damáiste mar gheall ar stoirm Ida freisin. Níl leictreachas ag níos mó ná milliún teach sa stát anois.

Tá níos mó ná cúig mhilliún duine ag maireachtáil sna sé chontae is fiche i bPoblacht na hÉireann den chéad uair ón mbliain 1851 de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Tháinig níos mó ná 65,000 duine ar imirce go hÉirinn sa bhliain go hAibreán, 30,000 náisiúnach Éireannach ina measc. Sin an líon is mó Éireannach a d’fhill ar ais go hÉireann in aon bhliain ó 2007. Dé réir na bhfigiúirí, tá 28.5% de dhaonra iomlán an Stáit ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1851, bhí daonra 5.11 milliún sna sé chontae is fiche agus 6.6 milliún in Éirinn ar fad. Bhí tionchar tubaisteach ag an nGorta Mór ar dhaonra an oileáin—laghdaigh an daonra faoina leath sa chéad bhliain tar éis na hanachaine.

Thosaigh na Cluichí Parailimpeacha i dTóiceo beagnach coicís ó shin agus tá ag éirí go han-mhaith le foireann na hÉireann go dtí seo. Tá ceithre bhonn óir, dhá bhonn airgid, agus bonn cré-umha amháin buaite ag na hÉireannaigh. Chomh maith le rath Ellen Keane an tseachtain seo caite bhuaigh an rábálaí Jason Smyth a séú bhonn óir ag an deireadh seachtaine nuair a tháinig sé sa chéad áit don ráib 100 méadar. Agus an tseachtain seo, bhuaigh Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal dhá bhonn óir sa rothaíocht beirte. Chríochnaigh siad an Triail Ama Dé Máirt le beagnach nóiméad chun cinn ar an mbeirt ba ghaire dóibh agus bhuaigh siad an rás bóthair freisin Dé hAoine. Tiocfaidh na Cluichí chun deiridh an Domhnach beag seo.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tulca, tuile - flood 

teagmhas aimsire amach is amach - extreme weather event

impigh ar - plead with, implore 

An Phríomh-Oifig Staidrimh - Central Statistics Office

anachain - disaster

rábálaí - sprinter

beagnach nóiméad chun cinn - almost a minute ahead

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners