Nuacht Mhall

4 Meitheamh 2022 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.

Tá scuainí daoine ag fanacht uaireanta ag aerfort Bhaile Átha Cliath le seachtain anuas, agus chaill thar ceithre chéad déag duine a gcuid eitiltí an deireadh seachtaine seo caite amháin. D’aithin Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath gur theip orthu ina ndualgais do phaisinéirí an deireadh seachtaine seo caite, ag tabhairt le fios gurbh í an phríomhfhadhb ná nach raibh acmhainní foirne i bhfeidhm chun déileáil leis an líon daoine a rabhthas ag súil a thiocfadh chuig an aerfort. I measc na saincheisteanna eile a luaigh ceannaire an Lucht Oibre Ivana Bacik mar shampla, tá teip sa bheartas náisiúnta eitlíochta a chinntiú go ndéantar eitiltí a dháileadh go héifeachtach idir aerfoirt na tíre, chun scuainí a bhainistiú. Tháinig an t-aerfort faoi ghrinnscrúdú freisin nuair a dúradh gur bhain an príomhfheidhmeannach úsáid as seiceáil isteach príobháideach, a íocadh mar chostas gnó, chun cuid de na scuainí a sheachaint.

Níos luaithe an tseachtain seo d’aontaigh an tAontas Eorpach le lánchosc ar fhormhór allmhairí ola na Rúise. Mar thoradh ar an lánchosc, atá mar chuid den séú pacáiste smachtbhannaí ag an Aontas Eorpach, gearrfar thart ar nócha faoin gcéad ar allmhairí, méadú ó seachtó cúig faoin gcéad atá i bhfeidhm láithreach. I measc na smachtbhannaí eile a fógraíodh tá toirmeasc ar thrí chraoltóir eile faoi úinéireacht stát na Rúise agus smachtbhannaí i gcoinne daoine aonair áirithe a bhí páirteach i gcogadh na hÚcráine. D’fhógair an Chomhairle freisin go bhfuil sí ar tí naoi mbilliún euro a dheonú don Úcráin i gcabhair lena hatógáil tar éis an chogaidh. D'fhreagair an Rúis trí ghearradh ar a soláthairtí gáis chuig roinnt tíortha lena n-áirítear an Danmhairg agus an Ghearmáin.

Tá fleadh nua ceoil traidisiúnta saor in aisce darb ainm ‘Smithfield Fleadh’ fógartha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Beidh an fleadh ar siúl ar an ochtú agus an naoú lá déag de mhí an Mheithimh agus beidh raon ceoil agus rince beo ann, sean-nós ina measc. Tá roinnt daoine mór le rá ó shaol an cheoil thraidisiúnta sa chlár, leithéidí Cormac Begley, agus beidh tallann nua Éireannach á léiriú ag an am céanna. Is í an ócáid seo an chéad cheann dá leithéid a reáchtálfar sa Chearnóg agus tarlóidh sí roimh an Fleadh Cheoil a bhfuil aithne níos fearr air, a bheidh ar siúl i mbliana sa Mhuileann gCearr go luath i mí Lúnasa. Tá sé ráite ag Méara Bhaile Átha Cliath faoin bhféile go bhfuil súil aici gur féidir leis an bhféile leanúint ar ais de réir mar a thagann fás ar shaol an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

beartas náisiúnta eitlíochta - national aviation policy

grinnscrúdú - scrutiny

lánchosc - embargo

allmhairí - imports

toirmeasc - prohibition

fleadh - festival


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners