Nuacht Mhall

5 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an 5ú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.


Tá Paul Givan, tar éis éirí as a ról mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann. De réir rialacha an fheidhmeannais comhrointe cumhachta, cuireann cinneadh Givan an LeasChéad-Aire, Michelle Ó Neill, as oifig freisin. Tá an fhorbairt seo ceangailte le hagóid leanúnach an DUP i gcoinne phrótacal Thuaisceart Éireann. Roimhe seo, d’ordaigh an tAire Talmhaíochta, Edwin Poots, cosc ar sheiceálacha iar-Brexit ag calafoirt an Tuaiscirt ó mheán oíche Dé Céadaoin. Beidh toghchán Chomhtionól Stormont ar siúl ar an 5ú Bealtaine, ach dúirt Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, go mba chóir go mbeadh toghchán luath ann mar gheall ar na himeachtaí seo.

Ceannaíodh an cluiche focal, Wordle, a bhfuil móréileamh air, ar shuim seacht bhfigiúr an tseachtain seo. Ba é Josh Wardle, innealtóir bogearraí Breatnach atá lonnaithe i mBrooklyn, a chruthaigh an cluiche cáiliúil mar bhronntanas dá pháirtí i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Ó shin i leith, tá méadú ollmhór tagtha ar an gcluiche le trí chéad míle imreoir laethúil ag tús mhí Eanáir agus dhá mhilliún úsáideoir an deireadh seachtaine seo caite. Gheall an New York Times, a cheannaigh Wordle, go bhfanfaidh an cluiche saor in aisce go ceann tamaill.

Bhí ceiliúradh ar fud an domhain chun comóradh céad bliain ó foilsíodh an t-úrscéal, Ulysses, le James Joyce. Foilsíodh an sárshaothar nua-aoiseach ar dtús i bhfoirm sraitheach sa Little Review idir 1918 agus 1920 ach ba í Sylvia Beach, úinéir an tsiopa leabhar Shakespeare and Company i bPáras a d’fhoilsigh é ina iomláine ar an 2 Feabhra 1922. Leanann an leabhar an carachtar, Leopold Bloom, agus é ag bogadh trí ghnáthlá i mBaile Átha Cliath ar 16ú Meitheamh 1904. Déanann teideal an leabhair tagairt don Odaisé agus úsáideann an téacs réimse mór stíleanna agus teicnící liteartha ceannródaíocha.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

feidhmeannas comhroinnte cumhachta - power-sharing executive

calafoirt - ports

móréileamh - great demand

innealtóir bogearraí - software engineer

sárshaothar nua-aoiseach - modernist masterpiece

i bhfoirm sraitheach - serialised

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners