Nuacht Mhall

5 Meitheamh 2021 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.

D’fhógair an Taoiseach, Micheál Martin plean téarnaimh geilleagrach an rialtais Dé Máirt. Is fiú níos mó ná trí bhilliún go leith euro an plean agus beidh sé ag dul i ngleic le réimse leathan ceisteanna. Tá sé dírithe ar na hoibrithe agus na gnólachtaí a bhí gortaithe ag an bpandéim. Beidh laghdú caoga euro déanta ar íocaíocht dífhostaíochta na pandéime ó Mheán Fómhair. Beidh síneadh leis an Scéim Fóirdheontais Pá go dtí deireadh na bliana ach athrófar an ráta i mí Mheán Fhómhair. Cruthófar caoga míle socruchán poist. Dúirt an Taoiseach go raibh “a mhalairt de dhéine” sa phlean agus go dtiocfaidh sé i gceannas ar théarnamh dírithe ar phoist.

Shocraigh na páirtithe Iosrael atá in iomaíocht le chéile margadh oíche Dé Céadaoin, chun an príomh-aire fadtréimhseach Netanyahu, a bhaint amach as an rialtas. Bhí Netanyahu ina phríomh-aire ar feadh cúig bliana déag ach bheadh a théarma críochnaithe agus Naftali Bennett ag teacht ina áit más rud é go dtagann an comhrialtas nua seo i bhfeidhm. Sula dtagann sé i bhfeidhm beidh vóta ag reachtóirí agus mionnú an phríomh-aire nua. Is náisiúnaí creidimh é Bennett ach beidh air oibriú in éineacht le páirtithe eile sa chomhrialtas, an United Arab List, páirtí níos lú de Náisiúnaithe Arabacha san áireamh. Is é an United Arab List an chéad pháirtí ó mhionlach na tíre le dul isteach i rialtas.

D’éirigh Naomi Osaka, an dara himreoir leadóige is fearr ar domhan, as Craobhchomórtas Oscailte na Fraince an tseachtain seo. Bhuaigh sí a céad chluiche in aghaidh Patricia Maria Tig. Dúirt sí ar Twitter nach raibh sí sásta labhairt leis na meáin i ndiaidh a cluichí mar gheall ar an tionchar a raibh acu ar a meabhairshláinte. Gearradh fíneáil cúig mhíle déag dollar uirthi toisc nach raibh sí sásta labhairt leo agus bhí sé i gcoinne na rialacha. Dar leis an imreoir, d’fhulaing sí ó “bhabhtaí fada dúlagair” ó bhuail sí Serena Williams i gcluiche ceannais Chraobhchomórtas Oscailte na Stát Aontaithe sa bhliain fiche agus a hocht déag. Dúirt Uachtarán Chónaidhm Leadóige na Fraince go raibh a haistarraingt “mí-ámharach”.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

plean téarnaimh geillegrach - economic recovery plan

a mhalairt de dhéine - the opposite of austerity

mionnú an phríomh-aire nua - swearing-in of the new prime minister

náisiúnaí creidimh - religious nationalist

gearradh fíneáil uirthi - she was fined

aistarraingt - withdrawal

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners