Nuacht Mhall

5 Nollaig 2020 - TÉIC 2 (Dún na nGall)


Listen Later

Gabh ár leithscéal, seo é an leagan ceart!

*

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 5ú lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh an Ríocht Aontaithe ar an chéad áit ar domhan le húsaid vacsaín in aghaidh Covid-19 a cheadú. Is í an vacsaín ó Pfizer/BioNTech a gheobhaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe, le 800,000 dáileog a chur isteach acu laistigh de sheachtain, a thugann díonacht suas le 95% ar an ghalar. Shocraigh Rialtas na hÉireann go gceannóidh siad 850,000 dáileog de vacsaín Moderna, agus go bhféadfadh clár an vacsaínithe a thosnú san úrbhliain.

Tháinig sneachta agus leac oighir go Tuaisceart na hÉireann i rith na seachtaine agus thit an teocht faoi bhun náid, toisc gur bhog aer Artach aneas anuas ar Éirinn agus an Ríocht Aontaithe. Cé gur ardaigh an teocht Dé hAoine, mothaíodh níos fuaire mar gheall ar ghaoth argail, le seadáin gaoithe chomh gasta le 100 ciliméadar san uair in áiteanna nochta. Bhí roinnt sneachta geallta thar na sléibhte agus na cnocanna, agus gaoth mhór le taobh chladach an iarthair.

Craoladh an t-eagrán bliantúil den Late Late Toy Show an tseachtain seo caite, le Ryan Tubridy ina láithreoir. Bhí buachaill óg darb ainm Adam, atá sé bliana d’aois, mar chuairteoir ar an seó agus é ag caint faoin dúil mhór don spás atá aige. Ba bhreá leis a bheith i gceannas ar mhisean spáis le NASA san am atá le teacht. Dúirt NASA go spreagann a dhea-chroí agus a dhea-mhianach eachtrúil iad agus go bhfuil siad ag tnúth go mór le Adam a bheith páirteach leo. Bailíodh níos mó ná €6 mhilliún do charthanais ó chraoladh an seó.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d’aip phodchraolta.

*

GLUAIS

díonacht - immunity

clár an vacsaínithe - vaccination programme

gaoth argail - bitterly cold wind

áiteanna nochta - exposed places

dea-mhianach eachtrúil - adventurous spirit

carthanais - charities

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners