Nuacht Mhall

6 Feabhra 2021 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tá an t-arm i Maenmar tar éis coup míleata a thosú agus tá an ceannaire polaitiúil, Aung San Suu Kyi, gafa acu. De réir an t-arm, bhí an toghchán is déanaí sa tír lochtach. Tá an ceannasaí airm, Min Aung Hlaing, ag reáchtáil na tíre anois. Bhuaigh Aung San Suu Kyi an Duais Síochána Nobel in 1991 ach rinneadh go leor cáinte uirthi le déanaí mar gheall ar an bhforéigean in aghaidh na Moslamach sa tír. Seans anois go gcuirfear i bpríosún í. Cháin Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, an coup míleata mar ghníomh frithdhaonlathach.

D’iarr ceannaire an DUP, Arlene Foster, ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson, prótacal an Tuaiscirt a chur ar ceal. De réir Foster, cuireann an prótacal teorainn trádála idir an Tuaisceart agus an Bhreatain. Dúirt Johnson go mbeadh sé réidh leas a bhaint ar Airteagal 16 den phrótacal chun brú a chur ar an Aontas Eorpach. De réir Rialtas na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh, níl ach fadhbanna tosaigh atá i gceist. Dúirt Simon Byrne, constábla de chuid na bpóilíní sa Tuaisceart, go bhfuil baol foréigin ann anois mar gheall ar an teannas polaitiúil. Mhol sé do dhaoine fanacht socair. 

Níos mó ná céad bliain ó shin, de réir na dtuairiscí, dúirt George Salmon, Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, nach ligfí mná isteach sa choláiste go deo. Inniu, ní hamháin go bhfuil roinnt mná i measc na alumni is cáiliúla sa Choláiste, ach Dé hAoine d’fhógair an Coláiste go bhfuil tríur ban san iomaíocht do phost an Phropaist nua agus mar sin is cinnte go mbeidh bean sa phost seo den chéad uair riamh. Beidh an Propast nua ina cónaí i gceann de na tithe cónaithe is cáiliúla sa chathair, uimhir a haon, Sráid Grafton. Dúirt Susan Parkes, iar-cheannaire oideachais sa Choláiste, go bhfuil ocáid tháchachtach ag baint leis an toghadh seo.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.

*

GLUAIS

lochtach - flawed

frithdhaonlathach - anti-democratic 

ball foréigin - danger of violence

socair - calm

propast - provost

iomaíocht - competition

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners