Nuacht Mhall

6 Iúil 2024 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.
Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil méid áirithe díolúine ag uachtaráin ó ionchúiseamh coiriúil. Rinneadh roinnt líomhaintí i gcoinne Trump lena n-áirítear gur scaip sé éilimh bhréagacha ar chalaois toghcháin, gur chuir sé brú ar oifigigh cheartais imscrúduithe bréige a oscailt ar chalaois toghcháin agus gur chuir sé brú ar Mike Pence, a LeasUachtarán, chun bac a chur ar dheimhniú bua Biden ag an gComhdháil. Tá éifeacht ag an rialú go gcuirfí moill ar an triail, go dtí Meán Fómhair ar a laghad, rud a chiallaíonn go bhfuil seans ann nach dtarlóidh sé roimh vótáil do thoghchán na huachtaránachta. Ag an am céanna, tá cáineadh géar déanta ar Biden fós as a fheidhmíocht sa díospóireacht an tseachtain seo caite, fiú i measc chomhaltaí a pháirtí féin. Chuir Biden an milleán ar an méid taistil a rinne sé sa tréimhse roimh an imeacht.
Creidtear gurb é fionnachtain nua ealaíne uaimhe ar oileán Sulawesi i ndeisceart na hIndinéise an radharc is sine ar domhan a léirítear san ealaín. Creidtear go bhfuil an phéintéireacht ar a laghad caoga míle bliain d’aois agus léiríonn sé muc allta in aice le trí fhíor atá cosúil le daoine. Mar gheall ar an suíomh a bheith ag taobh aghaidh aille, creidtear gur thug na daoine cuairt go sonrach air chun péinteáil. Tagann an fhionnachtain salach ar an toimhde a bhí ann le fada, gurbh í an Eoraip áit bhreithe na healaíne uaimhe.
Lean an t-aighneas idir Aer Lingus agus a fhoireann mar go bhfuil ceithre chéad seasca a hocht eitilt curtha ar ceal ó thosaigh an fhoireann ag obair de réir rialach an tseachtain seo caite. Tá tús curtha anois ag an gCúirt Oibreachais leis an gceathrú hiarracht chun idirbheartaíocht a bhunú idir Aer Lingus agus an ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar son na bpíolótaí. Toisc nach bhfuil moltaí na Cúirte Oibreachais ceangailteach, vótálfaidh na píolótaí ar mholadh na Cúirte deireadh a chur leis an aighneas. Tá arduithe pá fiche faoin gcéad á lorg ag píolótaí chun boilsciú blianta beaga anuas a chúiteamh leo. Ar an taobh eile de, deir Aer Lingus nach féidir leo arduithe pá níos mó ná dó dhéag faoin gcéad a thabhairt gan roinnt gealltanas breise ó na píolótaí. San iomlán, meastar go raibh tionchar ag na stailceanna go dtí seo ar sheachtó cúig míle paisinéir.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

díolúine - immunity

ionchúiseamh coiriúil - criminal prosecution

fionnachtain - discovery

ealaín uaimhe - cave art

idirbheartaíocht - negotiation

ionadaíocht - representation

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners