Sign up to save your podcasts
Or

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Tá Toghchán Chomhthionól Stormont ar siúl i dTuaisceart na hÉireann. Is iad Sinn Féin an páirtí leis an líon is mó vótaí. Bhaineadar amach 29% de na vótaí céadrogha. Is léir go mbeidh Leascheannaire an pháirtí Michelle O’Neill ina Céad-Aire i dTuaisceart na hÉireann. Is uair stairiúil é mar ní raibh náisiúnach sa ról seo cheana. Bheadh ar Sinn Féin agus Aontachtaithe Uladh obair le chéile chun comhghuaillíocht a bheith i bhfeidhm. Dúirt Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson nach dtoghfar aon cheannaire go dtí go mbeidh an Prótacal socraithe. Ba iad an DUP an páirtí is mó i dTuaisceart na hÉireann ó 2003. Thit an líon vótaí don DUP le 21.3%, sin laghdú 7% ón toghchán deireanach i 2017. Tháinig ardú ar vótaí Pháirtí na Comhghuaillíochta, nó Alliance, le 13.5%. Sheas 239 iarrthóirí ar fad sa toghchán le ardú de 87 ar mhná ag glacadh páirte.
Sna Stáit Aontaithe ceaptar go mbeidh cosc ar chearta ginnmhillte i 26 stát. Tá an rialú Roe v Wade ann ón mbliain 1973, a thugann cearta do mhná ginnmhilleadh a bheith acu go dleathach ar fud na tíre. Faoi láthair tá na cearta sin faoin dlí feidearálach. Sceitheadh dréacht doiciméid ón gCúirt Uachtarach a leiríonn go bhfuil breitheamh den Chúirt sin ag tacú leis an gcosc. Má iompaíonn an Chúirt Uachtarach é, cuirfidh an dlí cosc nó srianta dian i leith a bheidh tionchar ann ar na milliúin ban. Tá an Páirtí Daonlathach ag déanamh iarrachtaí chun cosaint a dhéanamh ar chearta ginnmhillte ach tá bac ann mar bheadh orthu 60 vóta a fháil sa Seanad atá ina dhá chuid idir Daonlathaithe agus Poblachtaigh.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
Toghchán Chomhthionól Stormont - Stormont Assembly Election
comhghuaillíocht - alliance, coalition
commerce aistir - safe passage
aslonnú - evacuate
cearta ginmhillte - abortion rights
dlí feidearálach - federal law
By Conradh na Gaeilge i Londain5
1919 ratings

20 Listeners

1,349 Listeners

64 Listeners

143 Listeners

21 Listeners

1,841 Listeners

135 Listeners

90 Listeners

2 Listeners

44 Listeners

17 Listeners

38 Listeners

4 Listeners

0 Listeners

9 Listeners