Nuacht Mhall

7 Feabhra 2026 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.

An tseachtain seo, d’éirigh Peter Mandelson as Páirtí an Lucht Oibre agus as Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a chuid nasc leis an maoinitheoir péidifileach, Jeffrey Epstein. Tá na póilíní ag fiosrú líomhaintí mí-iompair in oifig phoiblí, tar éis do ríomhphoist i gcomhaid Epstein a thug le fios gur chuir Mandelson faisnéis íogair margaidh ar aghaidh chuig Epstein nuair a bhí sé ina rúnaí gnó le linn na géarchéime airgeadais in 2009. Tá leithscéal gafa ag an bPríomh-Aire Keir Starmer le híospartaigh Jeffrey Epstein as “bréaga” an Tiarna Mandelson a chreidiúint agus as é a cheapadh mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe sna Stáit Aontaithe.

Rinneadh ceiliúradh ar chaoga bliain den iris cheoil Éireannach Hot Press Dé hAoine, le ceolchoirm speisialta sa 3Arena. I measc na gceoltóirí bhí Van Morrison, The Boomtown Rats, Clannad, Damien Dempsey, agus iar-uachtarán agus colúnaí fadtréimhseach Hot Press, Michael D. Higgins. Tá stair fhada ag Hot Press maidir le ceoltóirí Éireannacha a chur chun cinn. Díoladh an chéad eagrán i mí an Mheithimh 1977 ag féile Rac-Cheoil Mhic Chromtha.  Dúirt Niall Stokes, duine de bhunaitheoirí na hirise, gur leag siad amach ar dtús "iris a fhoilsiú a chuirfeadh dúshlán ar an dearcadh nach raibh fiúntas ealaíonta ag baint leis an bpopcheol."

Tá turas i dTuaisceart Éireann críochnaithe ag an Uachtarán, Catherine Connolly. Is í seo an chéad turas oifigiúil dá cuid trasna na teorann ó bhuaigh sí an toghchán Uachtaránachta, ag comhlíonadh gealltanas toghcháin go mbeadh Tuaisceart Éireann ina chéad cheann scríbe oifigiúil. Le linn a hóráide in Ollscoil Uladh tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt Connolly go bhfuil “ceacht” Thuaisceart Éireann “ag éirí níos tábhachtaí agus níos suntasaí” i "ndomhan atá, ar an drochuair, níos mó agus níos mó faoi chogadh agus míleatachas". 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

maoinitheoir - financier

faisnéis íogair - sensitive information

colúnaí fadtréimhseach - longterm columnist

fiúntas ealaíonta - artistic worth

ceann scríbe - destination

míleatachas - militarism

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

47 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

141 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

23 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,845 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

83 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

43 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

34 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

11 Listeners