Nuacht Mhall

7 Lúnasa 2021 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tá na Cluichí Olimpeacha ar siúl i Tokyo fós, agus tá toradh an-maith bainte amach ag foireann na hÉireann. Tá bonn óir agus dhá bhonn cré-umha buaite acu, agus beidh Kellie Harrington ag iarraidh bonn óir a fháil i dtroid ceannais éadrom-mheáchan na mban amárach. Bhuaigh na rámhálaithe Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy ón Sciobairín an bonn óir sa chomórtas céasairlí beirte éadrom-mheáchan. Faraor, bhí ar an dornálaí Aidan Walsh éirí as an troid leath-cheannais ina roinn, mar ghortaigh sé é fhéin ag léim le háthas tar éis dó an bonn cré-umha a bhuachaint. Agus bhí sár-iarracht phearsanta mhór i dteocht de thríocha naoi céim ag Eilish Flanagan i léimrás trí mhíle méadar na mban.  

Bhí éifeachtaí an athraithe aeráide le feiscint an tseachtain seo in oirthear na Meánmhara, le dóiteáin mhóra trasna na Gréige agus na Tuirce, cúpla seachtain tar éis na tine foraoise ba mhó i stair na Cipire. Tar éis na toinne teasa ba mheasa a thárla sa Ghréig le breis agus tríocha bliain, dúnadh an Acrapoil mar gheall ar an deatach agus an luaithreach de thine a tháinig go himeall na hAithne. Tá suíomh na gCluichí Oilimpeacha ársa in iarthar na Peilipinéise i mbaol chomh maith, agus bhí ar chách bogadh amach as an cheantar.

Ta an rosualt a tháinig i dtír i gCiarraí thart ar Lá Fhéile Phádraig ar ais in Éirinn. Tar éis dó turas a dhéanamh go dtí an Bhreatain Bheag, agus go La Rochelle sa Fhrainc fiú, tháinig sé i dtír i bPort Láirge an tseachtain seo. B’fhéidir go bhfuil sé ar strae go hiomlán, no b’fhéidir go bhfuil sé ag baint taitneamh as a thuras go dtí tíortha nua níos teo i bhfad ón leac oighir. Toisc gur mamach mór fiáin fíochmhar é le torscaí fada air, moltar don phobail gan chur isteach ar an rosualt in aon chur.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

dornálaí - boxer

léimrás - steeplechase

dóiteáin - fires

luaithreach - ash

rosualt - walrus

mamach - mammal

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners