Nuacht Mhall

7 Nollaig 2024 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 7ú lá de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tá torthaí olltoghchán na hÉireann go léir istigh anois agus is cosúil go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael thar n-ais sa rialtas san athbhliain. Bhí toghchán rathúil ag Fianna Fáil go háirithe; tá 48 suíochán acu anois, méadú suntasach ón olltoghchán in 2020. Bhuaigh Fine Gael 38 suíochán agus mar sin tá 86 suíochán idir an dá pháirtí. Toisc go bhfuil 88 suíochán de dhíth chun móramh a bhaint amach, beidh siad ag caint le páirtithe eile agus le Teachtaí Dála neamhspleácha chun rialtas a chur le chéile. Bhí lá maith ag na Daonlathaigh Shóisialta agus le Páirtí an Lucht Oibre agus tá seans ann go mbeidh ról acusan sa chéad rialtas eile. Dúradar go mbeidís ag caint le páirtithe eile ar an eite chlé ar dtús, Sinn Féin san áireamh. Bhí idir mhaith agus olc sna torthaí ó thaobh Shinn Féin de. Cé go bhfuil méadú ar an líon Teachtaí Dála atá acu, laghdaigh a sciar den vóta 24.5% i 2020 go dtí 19% i mbliana. Bhí torthaí tubaisteacha ag an gComhaontas Glas, a bhí sa rialtas deireanach. Chailleadar
gach Teachta Dála a bhí acu seachas ceannaire an pháirtí, Roderic O’Gorman.

Tá rialtas na Fraince tar éis titim nuair a chaill an Príomh-Aire, Michel Barnier, vóta mímhuiníne tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí Barnier ag iarraidh buiséad a bhrú tríd an bparlaimint ach níor thaitin sé so leis an eite chlé ná leis an eite dheas. D’ardaigh Le Front Populaire, atá ar an eite chlé, rún mímhuiníne i rialtas Barnier agus thacaigh Le Rassemblement National, atá amach ar an eite dheas, leis. Bhí Barnier ag iarraidh €60 billiún a shabháil sa bhuiséad so, chun easnamh na tíre a réiteach ach dúirt na páirtithe eile go raibh na bearta ródhian ar ghnáthdhaoine. Is é an chéad uair ó 1962 gur chaill rialtas na Fraince vóta mímhuiníne agus d’éirigh Barnier as a phost mar Phríomh-Aire maidin Déardaoin. Tá Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, faoi níos mó brú anois tar éis samhradh tubaisteach, nuair a chaill sé móramh a pháirtí sa rialtas, agus neamhchinnteacht sa mhargadh anois. Beidh sé deacair dó
réiteach a fháil leis an bparlaimint gan tromlach atá sa tír faoi láthair agus ní féidir leis toghchán eile a ghairm go dtí mí Iúil 2025.

Bhuaigh an banna rapcheoil, Kneecap, a chás cúirte i gcoinne iar-Aire Rialtais sa Bhreatain, Kemi Badenoch. Chuir Badenoch in éadan an deontais ealaíne a bhuadar anuraidh nuair a dúirt sí nach raibh sí sásta airgead cáiníocóra a thabhairt “do dhaoine atá i gcoinne na Ríochta Aontaithe”. Mhaígh baill Kneecap go ndearnadh leithcheal orthu mar gheall ar a bhféiniúlacht agus d’aontaigh an Ard-Chúirt leo. Gheobhaidh siad an deontas atá dlíte dóibh ach dúradar go mbeidís ag tabhairt an airgid, €17,000 san iomlán, do dhá ghrúpa i mBéal Feirste, ceann amháin a oibríonn le daoine óga ó chúlra náisiúnach agus an ceann eile le daoine óga ó chúlra aontachtach. Tar éis an fhógra, dúirt Kemi Badenoch go raibh cinneadh na cúirte “dochreidte”.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

móramh - majority

an Comhaontas Glas - the Green Party

rún mímhuiníne - motion of no confidence

easnamh - deficit

leithcheal - discrimination

féiniúlacht - identity

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
From Our Own Correspondent by BBC Radio 4

From Our Own Correspondent

368 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,333 Listeners

Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

194 Listeners

Great Lives by BBC Radio 4

Great Lives

516 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

66 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

153 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

332 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,799 Listeners

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster by Plosive

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster

2,768 Listeners

Shite Talk: An Irish History Podcast by HeadStuff Podcasts

Shite Talk: An Irish History Podcast

170 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

131 Listeners

heretics. by Andrew Gold

heretics.

613 Listeners

The Rest Is Entertainment by Goalhanger

The Rest Is Entertainment

937 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

16 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

5 Listeners