Nuacht Mhall

8 Aibreán 2023 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.

Bhí imeachtaí ar siúl ar fud Thuaisceart Éireann Dé hAoine chun comóradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Síníodh an Comhaontú cúig bliana is fiche ó shin chun deireadh a chur leis na Trioblóidí, inar maraíodh trí mhíle go leith duine, agus ghlac an pobal leis an chomhaontú trí reifreann i mí na Bealtaine sa bhliain chéanna. Ba iad an DUP an páirtí mór amháin a sheas i gcoinne an chomhaontaithe ag an am sin. Beidh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, sa réigiún an tseachtain seo ach ní thabharfaidh sé cuairt ar Stormont, os rud é nach bhfuil an Comhthionól ag feidhmiú faoi láthair. Agus é in Éirinn, rachaidh Biden go Contae Lú agus Contae Mhaigh Eo fosta, áiteanna a bhfuil gaoil aige.

Deir eolaithe atá ag obair i gcomhlacht cógaisíochta go bhfuil siad muiníneach go mbeidh vacsaíní úra againn chun dul i ngleic le galair thromchúiseacha ar nós ailse agus galar croí faoin bhliain 2030. Tá clú ag an chomhlacht Moderna as an vacsaín dá gcuid i gcoinne COVID-19 agus is é an iarracht sin chun vacsaín a fhorbairt gan mhoill a spreag an dul chun cinn seo. Táthar ag súil go sábhálfar beatha na céadta míle daoine, nó b'fhéidir na milliúin. Dar leis na saineolaithe, tá infheistíocht de dhíth chun an sprioc seo a bhaint amach, agus tá baol ann nach mbeidh rialtais na hEorpa dírithe ar chúrsaí sláinte mar gheall ar an chogadh in oirthear na mór-roinne.

Cuirfear tús le Craobh na hÉireann an deireadh seachtaine seo. Tosaíonn Craobh Sinsir na Peile le cluichí i Londain agus i Nua-Eabhrac, mar is gnách. Tá foireann Liatroma ag imirt trasna na dtonnta i Meiriceá, agus foireann Shligigh i bpríomhchathair Shasana. Tá struchtúr nua ar Chraobh na Peile i mbliana, agus sé chontae dhéag san iomaíocht do Chorn Mhig Uidhir - na hocht gcontae a bhainfidh áit i gcluiche ceannais na gCúigí amach, chomh maith le buaiteoirí Chorn Thailteann anuraidh, Contae na hIarmhí, agus na seacht gcontae is fearr eile, de réir thorthaí na Sraithe Náisiúnta. Imreoidh na contaetha eile do Chorn Thailteann i mbliana. Tosóidh Craobh Sinsir na hIomána i gceann coicíse.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Comhaontú Aoine an Chéasta - Good Friday Agreement

Comhthionól - Assembly

comhlacht cógaisíochta - pharmaceutical company

galair thromchúiseacha - serious diseases

Craobh na hÉireann - All-Ireland Championship

trasna na dtonnta - across the waves


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners