Nuacht Mhall

8 Bealtaine 2021 (Gaillimh)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Ella Hassett.

Tá an tOllamh Regina Uí Chollatáin ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge. Faoi láthair, tá sí ag obair mar Chathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, is iarbhall de Bhord Stiúrtha TG4 í. Is as Leitir Ceanainn i nDún na nGall í ó dhúchas agus tá suim aici in athbheochan na Gaeilge agus iriseoireacht na Gaeilge. Bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999 mar an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud fad na hÉireann. Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers go raibh “áthas” orthu anois faoin gceapachán.

Lasadh tine dheasghnách ar Chnoc Uisnigh i gContae na hIarmhí aréir in ainneoin srianta Covid-19. Tháinig grúpa beag le chéile ar an gcnoc chun Tine na Bealtaine a lasadh agus an samhradh a cheiliúradh tar éis an gheimhridh fhada. Is seantraidisiún í an tine. Fadó, lasadh Árdrí na hÉireann an tine agus bhíodh ceiliúradh mór ina dhiaidh chun an séasúr nua a thabhairt isteach. I mbliana, ní raibh cead ag an ngnáthphobal freastal ar an imeacht, ach craoladh an ócáid beo ar líne do lucht féachana idirnáisiúnta agus roghnaíodh an téama 'aontacht' don cheiliúradh.

Ta an tSeapáin tar éis stát eigeandála a shíneadh i dTóiceo agus trí cheantar eile chun stop a chur ar ardú na gcásanna Covid-19 roimh na cluichí Oilimpeacha. Dúirt an Príomh-Aire Suga go mbeidh na srianta ann go dtí deireadh na míosa i dTóiceo, Osaka, Hyogo agus Kyoto. I láthair na huaire, is é Osaka eipealár na pandéime sa tír. Dúirt an tAire Geilleagair go bhfuil cúrsaí baolach sa chathair mar níl leapacha ospidéil le fáil do hothair le comharthaí tromchúiseacha. Tosóidh na cluichí Oilimpeacha ar an tríú lá is fiche de mhí Iúil i dTóiceo. Níl sé socraithe go fóill an mbeidh cead ag lucht leanúna spóirt ón tSeapáin freastal ar imeachtaí, ach ní cheadófar cuairteoirí idirnáisiúnta.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ceaptha/ceapachán - appointed/appointment

béaloideas - folklore

tine dheasghnách - ceremonial fire

aontacht - unity

eipealár - epicentre

comharthaí tromchúiseacha - serious symptoms

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners