Nuacht Mhall

9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le corp a fir chéile an long i San Héilin. Fuair sí féin bás fosta. Fuair paisinéir eile bás seachtain ó shin, agus bhí amhras ann an mbeadh cead ag an long teacht isteach sna hOileáin Chanáracha, mar gheall ar an víreas. De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh, ach tagann sé ar dhaoine ó am go ham. Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Déardaoin nach bhfuil siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig.

Tá maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sábháilte i ndiaidh fógra an tseachtain seo go mbeadh deireadh ag teacht le tacaíocht an rialtais don tionscadal, atá ar an fhód le beagnach daichead bliain. Bunaíodh é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 1987,  le taighde a dhéanamh ar bhunús agus brí logainmneacha ar fud na Sé Chontae, ach d'fhógair an tAire Pobal Gordon Lyons, atá ina bhall den Pháirtí Daonlathach Aontachtach, nach mbeadh an maoiniú ar fáil a thuilleadh. Meastar gur £90,000 sa bhliain atá i gceist. Tháinig cor eile sa scéal, áfach, nuair a d'fhógair an tAire Geilleagair Caoimhe Archibald go gcuirfeadh a Roinn féin an maoiniú ar fáil. Shéan an tAire Lyons go raibh dearcadh frith-Éireannach aige.

Bhain an craoltóir cáiliúil David Attenborough céad bliain amach inné. Rugadh é sa bhliain 1926 agus bhí suim aige sa dúlra ó bhí sé ina bhuachaill óg. Thosaigh sé ag obair leis an BBC ag tús na gcaogaidí agus bhí sé ina rialtóir ar an chainéal nua BBC2 sna seascaidí. Chruthaigh sé an clár faisnéise Life on Earth in 1979, agus ba sa tsraith seo go raibh cruinniú cáiliúil aige le grúpa goraillí i Ruanda. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana nuair a labhair sé leis an cheamara faoi éirim agus tuiscint na ngoraillí, agus ón am sin, bhí na milliún daoine timpeall an domhain tógtha lena chuid clár faisnéise agus go háirithe lena ghuth séimh. Tá go leor de na cláir sin le feiceáil ar shuíomh an BBC faoi láthair, agus tá neart imeachtaí eile ar siúl lena bhreithlá a cheiliúradh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ráig - outbreak

creimirí - rodents

an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisation

maoiniú - funding

logainmneacha - placenames

frith-Éireannach - anti-Irish

craoltóir - broadcaster

rialtóir - controller

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,364 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

61 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,838 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

132 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

89 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

40 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

10 Listeners