Nuacht Mhall

9 Eanáir 2021 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá géarchéim an chorónvíris dulta in olcas arís in Éirinn agus sa Bhreatain agus na huimhreacha is airde feicthe ó bhí tús na paindéime ann, in ainneoin srianta nua curtha i bhfeidhm sa dá thír. Tá eagla ar na húdaráis nach mbeidh leapacha ospidéil ar fáil roimh i bhfad, agus d’fhógair Méara Londan, Sadiq Khan, go bhfuil príomhchathair na Ríochta Aontaithe i staid éigeandála. Iarrtar ar dhaoine sa dá thír fanacht sa bhaile, agus beidh scolaíocht bhaile ar siúl ar feadh míosa.

Dé Céadaoin, rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an Chaipeatól in Washington DC, le linn do Chomhdháil na Stát Aontaithe bheith bailithe chun bua Joe Biden sa toghchán uachtaránachta a dheimhniú. Fuair cúigear bás sa chíréib agus cáineadh Trump as an chorraíl a chothú. Cuireadh cosc ar a chuntais Facebook agus Twitter agus phléigh Daonlathaithe mór le rá féidearthacht Trump a tháinseamh roimh oirniú Joe Biden ar 20ú Eanáir. Roghnaigh Biden fear de bhunús Éireannach, Méara Bhostúin Marty Walsh, mar Rúnaí Oibre ina chomh-aireacht. As Conamara do thuismitheoirí Walsh agus deirtear go bhfuil Gaeilge aige.

Dea-scéala eile don Ghaeilge an tseachtain seo, nuair a ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le polasaí nua chun comharthaíocht sráide dhátheangach a chur ar fáil sa chathair. Amach ó seo, má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis, beidh cead comharthaí dátheangacha a chur suas. Is mór an bua é do Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste, atá ag obair go dian ar phobal na Gaeilge a spreagadh agus a leathnú ó cuireadh tús le Pobal Bhóthar Seoighe in 1969.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

in ainneoin - despite

staid éigeandála - state of emergency

scolaíocht bhaile - home schooling

ruathar - attack

círéib - riot

táinseamh - impeach

Rúnaí Oibre - Secretary of Labour

comh-aireacht - cabinet (politics)

toghthóirí - electors

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners