
Sign up to save your podcasts
Or

The most played episodes among Podcast App listeners.

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ya3anock Ashling Murphy: "a young woman who spreads joy and love". Ashling Murphy: "bean óg a scaip aoibhneas agus grá". Ashling Murphy, the young woman who was killed in Tullamore last week, was buried in Co Offaly today. Adhlacadh i gCo Uíbh Fhailí inniu Ashling Murphy, an bhean óg a maraíodh i dTulach Mhór an tseachain seo caite. Ashling Murphy, a 23 - year - old teacher, was assaulted and killed on a sidewalk alongside the Grand Canal in Cappacurra, Tullamore, at around 4pm last Wednesday evening. Ionsaíodh agus maraíodh Ashling Murphy, múinteoir 23 bliain d'aois, ar chosán taobh leis an gCanáil Mhór i gCeapach an Churraigh, Tulach Mhór, ag thart ar 4 a chlog tráthnóna Dé Céadaoin seo caite. One of the main funerals at this morning's Mass at St. Brigid's Church in Bolas Hill was the family of Ashling Murphy - Raymond and Kathleen - her sister Amy, brother Cathal and partner Ryan Casey. Ar na príomhshochraidigh ag an Aifreann éagnairce i Séipéal Naomh Bríd i gCnocán Bhólais ar maidin, bhí muintir Ashling Murphy - Raymond agus Kathleen - a deirfiúr Amy, a deartháir Cathal agus a páirtí Ryan Casey. Leading celebrant Father Michael Meade said in his address that Ashling was a triumph of victory snatched from his family and party. Dúirt an príomhcheiliúraí an tAthair Michael Meade ina aitheasc gur séad bua ab ea Ashling a sciobadh óna teaghlach agus óna páirtí. She is a person, he said, who has given joy, love, excitement and laughter to many people. Duine í, a dúirt sé, a dháil aoibhneas, grá, sult agus gáire ar a lán daoine. Father Meade also pointed out that many questions have been raised in the community since Ashling 's death and that he hoped that the necessary change in circumstances would come in the light of what had happened to the young woman. Thug an tAthair Meade le fios chomh maith gur tógadh go leor ceisteanna i measc an phobail ó maraíodh Ashling agus go raibh súil aige go dtiocfadh an t-athrú a bhfuil gá leis ar chúrsaí i bhfianaise ar tharla don bhean óg. Bishop of Meath Dr Thomas Deenihan was also one of the celebrants of the Mass and said that Ashling 's murder casts doubt on people's attitudes towards women, and challenges our values and morals. Bhi Easpag na Mí an Dr Thomas Deenihan ar dhuine de cheiliúraithe an Aifrinn chomh maith agus dúirt seisean go gcaitheann marú Ashling amhras ar dhearcadh daoine ar mhná, agus go dtugann sé dúshlán ár gcuid luachanna agus ár moráltachta. As they read the public prayer, Ashling's cousins drew attention to all the beeping that took place in his honor throughout Ireland and abroad. Agus guí an phobail á léamh acu, tharranig col ceathracha Ashling aird ar na bigilí ar fad a bhí ar siúl ina hónóir ar fud na hÉireann agus thar lear. It has been argued that these beggars would be the beginning, the end of violence against women. Impíodh gur tús a bheadh sna bigilí sin, tús an deiridh le foréigean ar mhná. Also present at the funeral were many of his friends from school, college, the Gaelic Athletic Association and Comhaltas Ceoltóirí Éireann. I láthair ag an tsochraid chomh maith, bhí go leor dá cairdre ón scoil, ón gcoláiste, ó Chumann Lúthchleas Gael agus ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Ashling was a member of the Athboy Fellowship. Bhí Ashling ina ball de Chomhaltas Bhaile Átha Buí. Ella Flaherty, Ashling's best friend since they were children, was among the local musicians who played the music at Mass. Bhí Ella Flaherty, cara cléibh Ashling ó bhí siad ina bpáistí, i measc na gceoltóirí áitúla a chas an ceol ag an Aifreann. A number of symbols of Ashling's life were brought to the altar in her homage - a fiddle,

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/y9xwko2f Inquiry ordered by Minister Coveney into a celebration. Fiosrúchán ordaithe ag an Aire Coveney faoi ócáid cheiliúrtha. The Minister for Foreign Affairs, Simon Coveney, has launched an inquiry into a celebration held in his Department a year and a half ago. Tá an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney tar éis fiosrúchán a bhunú maidir le hócáid cheiliúrtha a tionóladh ina Roinn bliain go leith ó shin. This reunion may have violated the rules as it was at the time with Covid. D'fhéadfadh sé gur sháraigh an teacht le chéile seo na rialacha mar a bhí ag an am le Covid. The event took place in June 2020, after the country won a seat on the UN Security Council. Ba i Meitheamh 2020 a tharla an ócáid, i ndiaidh don tír seo suíochán a bhaint ar Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe. It is reported that over 20 civil servants gathered in one location, at a time when only six people outside their family were allowed to meet. Tuairiscítear gur bhailigh breis is 20 státseirbhíseach in aon ionad amháin, tráth nach raibh ceadaithe ag ana am ach ag duine casadh le seisear lasmuigh dá theaghlach. The inquiry is being led by the new Secretary of State for Foreign Affairs, Joe Hackett. Is é an Stát Rúnaí nua sa Roinn Gnóthaí Eachtracha,Joe Hackett atá i gceannas an fhiosrucháin. It is said to be completed by the end of this month. Deirtear go mbeidh sé críochnaithe ag deireadh na míosa seo.

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ybhgxjfo Djokovic visa canceled by Australian Government - again. Víosa Djokovic curtha ar ceal ag Rialtais na hAstráile - arís. The visa obtained by tennis player Novak Djokovic has once again been revoked by the Australian government. Tá an víosa a bhí faighte ag an imreoir leadóige Novak Djokovic curtha ar ceal ag rialtas na hAstráile arís. Immigration Minister Alex Hawke said he had carefully considered all the circumstances surrounding the situation before making his decision. Dúirt an tAire Inimirce, Alex Hawke, go ndearna sé dianmhacnamh ar na cúinsí ar fad a bhain leis an scéal sula ndearna sé a chinneadh. Djokovic had been granted a visa to participate in the Australian Open Championship, despite being unwilling to confirm his vaccination status. Bhí víosa faighte ag Djokovic chun páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas Oscailte na hAstráile, in ainneoin nach bhfuil sé sásta a stádas vacsaínithe a dheimhniú. He was granted an exemption on November 18, on the basis that he had recently been Covid 19. Tugadh díolúine dó ar 18 Samhain, ar an mbonn go raibh Covid 19 air le gairid. He landed in Melbourne on 5 January, but was refused the visa. Thuirling sé in Melbourne ar 5 Eanáir, ach diúltaíodh don víosa. Initially, that decision was overturned in the courts and he was still hopeful that he could take part in the competition. Ar dtús, cuireadh an cinneadh sin ar ceal sna cúirteanna agus bhí dóchas aige fós go bhféadfadh sé páirt a ghlacadh sa gcomórtas. But due to the decision of the Immigration Minister last night, it looks like he will not be involved now. Ach de bharr chinneadh an Aire Inimirce aréir, tá an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh sé páirteach ann anois. Djokovic has one chance left to challenge Minister Hawke's decision in the courts, but it is understood there is little hope of victory. Tá deis amháin fágtha ag Djokovic dúshlán a thabhairt do chinneadh an Aire Hawke sna cúirteanna, ach tuigtear nach bhfuil mórán dóchais ann go mbeadh an bua aige. It is likely, therefore, that he will be deported from Australia. Is cosúil, mar sin, go ndéanfar é a dhíbirt ón Astráil.

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yavlxjun Truffles growing in Ireland ... Strufail ag fás in Éirinn ... it's not allowed to say where !. níl cead a rá cá háit!. Black truffles have grown and harvested in this country - for the first time ever, it is estimated. Tá strufail dhubha fásta agus bainte sa tír seo - don gcéad uair riamh, meastar. Truffle tillage is part of a pilot project that has been running for almost a decade now. Tá an churadóireacht strufal mar chuid de thogra trialach atá ar bun le nach mór deich mbliana anois. Truffles are fungi that are very popular and very valuable as a food recipe. Is fungais iad strufail go bhfuil ana-thóir agus ana-luach orthu mar oideas bídh. A kilogram of black truffle is worth up to € 900 on the market. Is fiú suas le €900 an cileagram strufail dhubha ar an margadh. This week, some of the truffles have been uprooted after growing for a decade. An tseachtain seo, tá cuid dos na strufail bainte as an dtalamh tar éis iad a bheith ag fás le deich mbliana. Five farmers are participating in the project, which is being led by scientists from the University of Stirling in Scotland. Tá cúigear feirmeoirí rannpháirteach sa togra atá ar bun fé stiúir eolaithe ó Ollscoil Shruighlea in Albain. One of them is Gerry Carew, who has planted a thousand oak trees on his land and the truffles are growing on the roots of the trees. Ar dhuine acu tá Gerry Carew, a bhfuil míle crann darach curtha aige ar a chuid talún agus na strufail ag fás ar fhréamhacha na gcrann. He said he was now convinced that truffles were growing and that, at the very least, he would expect to extract up to € 80,000 worth of them from his plot of land in a year or two. Dúirt sé go bhfuil sé cinnte anois go bhfuil fás féna chuid strufal agus, ar an gcuid is lú, go mbeadh súil aige luach suas le €80,000 díobh a bhaint as a phaiste talún fé cheann bliana nó dhó. Once harvested, the truffles grow back on the same roots each year. Tar éis iad a bheith bainte, fásann na strufail thar n-ais ar na rútaí céanna gach aon bhliain. However, due to the value of the truffles, the places where they grow are being kept secret. Mar gheall ar an luach atá ar na srtufail, áfach, tá na háiteanna go bhfuilid ag fás iontu á gcoimeád fé rún. The project is led by Professor Paul Thomas of the University of Stirling. Is é an tOllamh Paul Thomas ó Ollscoil Shruighlea atá mar cheann ar an dtogra. He said the success of the project to date shows that truffles can be grown in Ireland. Dúirt sé go léiríonn an rath atá ar an dtionscadal go dtí seo gur féidir strufail a fhás in Éirinn. He pointed out that climate change has been disrupting the truffle business in southern Europe for a number of years, due to the drought and overheating. Thug sé le fios go bhfuil an t-athrú aeráide ag cur isteach ar ghnó na strufal i ndeisceart na hEorpa le tamall de bhlianta, de bharr an aimsir a bheith róthirim agus róthe ansan. He claimed that the climate of this country is very suitable for truffles and that he is now very optimistic that more landowners in this country can grow them and take market value. Mhaígh sé go bhfuil aeráid na tíre seo ana-oiriúnach do na strufail agus go bhfuil sé ana-dhóchasach anois go bhféadfadh a thuilleadh úinéirí talún sa tír seo iad a fhás agus luach a bhaint as an margadh. Black truffle Strufal dubh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/y297prze Two charged with assault on girlfriend and companion. Beirt cúisithe maidir le hionsaí ar chailín agus a compánach. In Dublin District Court, two juveniles were charged with assaulting a girl and her companion in Ballyfermot last week. I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, cúisíodh beirt ógfhear maidir le hionsaí a dhéanamh ar chailín agus ar chompánach léi i mBaile Formaid an tseachtain seo caite. The girl and her male companion were attacked on Ballyfermot Road at approximately 9.35pm on December 30. Rinneadh ionsaí ar an gcailín agus a compánach fir ar Bhóthar Bhaile Formaid ag thart ar 9.35 san oíche ar an 30 Nollaig. Neither of the two assaulted has been named since the case was brought before a court because they are under eighteen. Níl cead ceachtar den bheirt a hionsaíodh a ainmniú ó cuireadh an cás os comhair cúirte mar gheall go bhfuil siad faoi bhun ocht mbliana déag. Eighteen - year - old Darragh Lyons, of Weirview, Glenallen, Chapelizod, was charged in court today with assaulting and harming the girl. Sa chúirt inniu, cúisiodh Darragh Lyons, ocht mbliana déag, as Radharc na Cora, Gleann Álainn, Séipéal Iosóid, in ionsaí a dhéanamh ar an gcailín agus i ndochar a dhéanamh di. The court was told that Darragh Lyons did not say anything when the charge was brought against him. Dúradh sa chúirt nach ndúirt Darragh Lyons aon ní nuair a cuireadh an chúis ina leith. It was stated that he had not previously been convicted of any crime and had tried to hand himself over to the Gardaí in this matter, but had been arrested at his residence before he had an opportunity to do so. Dúradh nár ciontaíodh é in aon choir cheana agus go ndearna sé iarracht é a féin a thabhairt ar láimh do na Gardaí maidir leis an scéal seo, ach gur gabhadh é ina theach cónaithe sula raibh deis aige é sin a dhéanamh. He was also told he is not working and was granted free legal aid. Dúradh chomh maith nach bhfuil sé ag obair agus ceadaíodh saorchúnamh dlí dó. Eighteen-year-old Jack Cummins, of Rossmore Road, Ballyfermot, was charged with assaulting the girl's companion. Cúisíodh an t-ógánach eile, Jack Cummins, ocht mbliana déag, as Bóthar Ros Mór, Baile Formaid, in ionsaí a dhéanamh ar chompánach an chailín. Jack Cummins' attorney said his client wanted to inform the court that he was not being held responsible for the girl's injuries. Dúirt aturnae Jack Cummins go raibh a chliant ag iarraidh tabhairt le fios don chúirt nach bhfuiltear ag cur ina leith gurb é atá freagrach as na gortuithe a bhain don chailín. The two men were granted bail on the condition that they remain at home each night and make no contact with the two victims or witnesses in the case. Ceadaíodh bannaí don bheirt fhear ar an gcoinníoll go bhfanfaidh siad sa bhaile gach oíche agus nach ndéanfaidh siad aon teagmháil leis an mbeirt a hionsaíodh ná le finnéithe sa chás. The Gardaí did not object to the bail application. Níor chuir na Gardaí in aghaidh an iarratais ar bhannaí. Darragh Lyons and Jack Cummins will appear in court again on April 1. Tiocfaidh Darragh Lyons agus Jack Cummins os comhair na cúirte arís ar an 1 Aibreán.
The podcast currently has 2,372 episodes available.

1,345 Listeners

175 Listeners

39 Listeners

137 Listeners

343 Listeners

137 Listeners

81 Listeners

0 Listeners

51 Listeners

111 Listeners

68 Listeners

43 Listeners

15 Listeners

517 Listeners

32 Listeners