Tá an dráma raidió ‘Deireadh Fómhair 1920’ suite i Scoil Éanna i Ráth Fearnáin i 1920 le linn Cogadh na Saoirse. Scrúdaíonn an dráma rialacha cogaidh agus an choimhlint inmheánach atá ar Fearghus Dé Búrca, príomhcharachtar an dráma. Tá Fearghus ina Phríomhoide ar Scoil Éanna agus é ar fhoireann peile agus iománaíochta Baile Átha Cliath. Chomh maith le sin, tá sé mar bhall de Bhriogáid Ráth Fearnáin d'Óglaigh na hÉireann.
Nuair a thagann Mícheál Ó Coileáin ar chuairt chuig Scoil Éanna, is léir go bhfuil sé ag lorg tuilleadh ó Fhearghus de bharr go bhfuil cúpla misean tábhachtach pleanáilte. Níl Bean Uí Phiarais sásta le seo.
Páirteach sa dráma tá Timmy Creed i bpáirt Fearghus De Búrca, Colm Mac Gearailt i bpáirt Micheál Ó Coileáin agus Bríd Ní Neachtain i bpáirt Bean Uí Phiarsaigh. Tá an dráma maoinithe ag Coimisiún na Meán ón gceadúnas teilifíse.