Judy-Meg Ní Chinnéide ag cur Anna Ní Chuilinn faoi agallamh ar Bheo Beoga faoin gclub reatha lán-Ghaeilge, 'Céim ar Chéim' agus an chéad rás 5 ciliméadar a bheidh á reáchtáil acu trí Ghaeilge i mí Dheireadh Fómhair.
Is irischlár seachtainiúil ar Raidió na Life é Beo Beoga, á chur i láthair ag Emer Nic Róibín gach maidin Aoine idir 9r.n. agus 10r.n. agus comhláithreoirí éagsúla ina teannta. Ar an gclár seo, déantar plé ar scannáin agus sruthú, imeachtaí sóisialta, cúrsaí siamsaíochta agus réimse eile ábhar.