Ar an gclár seo, labhair Caoimhe Ní Shuilleabháin linn faoi na cúrsaí Gaeilge agus cnocadóireachta atá á reachtáil aici mar chuid dá Scoil Sléibhte san Fhómhar. Chomh maith leis sin beidh Aodán De Barra ag labhairt linn faoin bPop -up Gaeltacht a bheas ar siúl ag grúpa Gael i mBoston i rith na míosa.
Is clár é Fada is Fairsing a tosaíodh ar Raidió na Life sa bhliain 2013 agus atá dírithe ar eispéireas daoine le Gaeilge fud fad na cruinne ó scéalta nuachta, go himeachtaí Gaeilge, agus scéalta pearsanta nó saoil daoine. Oibríonn Lisa Nic an Bhreithimh (sí/í) i gcúrsaí cumarsáide agus gníomhaíochta i mBaile Átha Cliath, áit arb as di ó dhúchas.