Ag deireadh na seascaidí, bhí meath ollmhór tagtha ar an Ghaeltacht de bharr eisimirce, dífhostaíochta agus bochtanais, le daoine óg ag imeacht ar mhaithe le saol níos fearr a bheith acu. Labhraíonn Ciarán Dunbar le Rónán Mac Con Iomaire faoina leabhar úr ‘An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta’, agus faoin ghluaiseacht chonspóideach agus radacach as iarthar na tíre a sheas an fhód in aghaidh an chórais. Foclóir - Glúin : Generation - Gríosaithe : Incited - Comharthaí bóthair : Road signs - Anonn is anall : Back and forth - Dioscúrsa : Discourse - Éileamh : Demand - Imirce : Emigration - Déan talamh slán de : Presume - Stáisiún raidió bradach : Pirate radio station - An Clochán : Clifden - Cloch na Rón : Roundstone - Imeallach : Peripheral - In éag : expired - Agóid : Protest - Aighneas : Disagreement - Claonadh : Bias - Dul chun cinn : Advancement - Dualgas : Obligation.
See omnystudio.com/listener for privacy information.