
Sign up to save your podcasts
Or


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.
Tá srianta nua i gcoinne Covid-19 i ndiaidh teacht isteach in Éirinn agus sa Bhreatain, agus an líon cásanna ag ardú arís. Anois tá Dún na nGall ar Leibhéal 3 le Baile Átha Cliath, gan cead ag muintir na gceantar sin an contae a fhágáil nó bualadh le grúpa mór daoine. Sa Ríocht Aontaithe tá ar thithe tábhairne druidim uair an chloig níos luaithe agus moltar gur chóir daoine oibriú ón bhaile más féidir, ach deir comhairleoirí eolaíochta nach leor é agus go bhfuil sé rómhall.
Nuacht bhrónach ag an deireadh seachtaine seo caite nuair a cailleadh Síoda, madadh an Uachtaráin Mícheál Ó hUigínn, i ndiaidh tinneas gairid. Ba mhadadh sléibhe Beirneach í Síoda agus bhain sí agus Bród clú agus cáil amach mar aíonna speisialta ag cuid mhór cóisirí agus fáiltithe in Áras an Uachtaráin. Postáladh na mílte teachtaireachtaí ar chuntas Twitter neamhoifigiúil @BrodHiggins leis an haischlib #nosesforsioda agus péinteáladh múrphictiúr nua de Shíoda sa Rinn i mBaile Átha Cliath.
Má tá tú ag éisteacht san Astráil beidh deis eile agat do chuid Gaeilge a chleachtadh agus Aimsir TG4 á craoileadh ag staisiún teilifíse poiblí SBS. Bíonn na físeáin á sruthú ar shuíomh gréasáin SBS ó Luan go hAoine. Leis sin, tá roinnt clár eile le feiceáil ar shuíomh TG4 é féin, clár fáisnéise nua dar teideal Cogadh ar Mhná san áireamh, clár a thugann léargas ar an fhoréigean gnéis a fulaingíodh i rith bhlianta na réabhlóide in Éirinn.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
druidim - closing (Gaeile Uladh)
comhairleoirí eolaíochta - scientific advisers
madadh - dog (Gaeilge Uladh)
fáiltithe - receptions
sruthú - streaming
clár fáisnéise - documentary
foréigean gnéis - sexual violence
Inniu an naou lá déag do mhí Mheán Fomhair, Is mise Gráinne Ní Bhrosnachain.
Bhunaigh an Dochtúr Liz Doherty suíomh idirlín chun ranganna ceoil a mhúineadh ar líne. Thosnaigh sí an suíomh idirlín iteachtrad.com mar ní raibh a lán ábhar ar fáil do mhúinteoirí. Chur sí córas le siollabas i bhfeidhm chun pleanáil a dhéanamh ar ranganna ceoil.
Tosníonn Oíche Chultúir ar an 18ú lá do Meán Fomhair i gceantair Ghaeltachta agus ar fud na tíre. Tá ós cionn 80 ócáid Ghaeilge ar siúl ar an suíomh idirlín YouTube agus ar an leathanach Facebook Ealaín na Gaeltachta. I mbun na himeachtaí den sraith ‘Tonn Fuaime' a bheidh ar siúl i gCorcha Dhuibhne, tá dhá mhúrphictiúr le feiscint sa Daingean atá bunaithe ar an bhfarraige agus na Blascaoidí.
An raibh beatha ar an bplainéad Véineas fadó? D’aimsigh an réalteolaí Jane Greaves an gás foisfín 30 míle taobh amuigh den atmosphéar Véineas. Cé go bhfuil foisfín in ainmhithe agus seascann ar an domain, ní thuigtear go foill an fáth go bhfuil foisfín i láthair ar Véineas.
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script agus gluais ar fáil i d'aip phodchraolta.
GLUAIS
bunaigh - found, establish
cuir i bhfeidhm - start, put into action
múrphictiúr - mural
beatha - life
foisfín - phosphine
seascann - marsh, swamp
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.
I Londain, d’fhoilsigh rialtas na Ríochta Aontaithe bille, atá siad chun cur ós cómhair na parlaiminte
Westminster, a sháródh cuid thábhachtach de phrótacal Thuaisceart na hÉireann sa Chomhaontú
Aisthairraingthe, a shínigh an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach i mbliana; cé gur mhol siad an
Comhaontú mar shár-mhargadh nua, ina bhforógra toghcháin, níos lú ná bliain ó shin. Do labhair
triúr iar-cheannairí an Pháirtí Coiméadaigh agus Aontachtaigh, John Major, Michael Howard, agus
Theresa May, i gcoinne an bhille, mar gheall ar an dochar a dhéanfadh sé d’ainm, agus do chlú agus
cáil na Ríochta Aontaithe ar fud an domhain. Dúirt beirt pholaiteoirí sinsearacha Pháirtí Daonlathach
Stáit Aontaithe Mheiriceá, Nanci Pelosi agus Richard Neal, atá in údarás ar bhuiséad Mheiriceá i
dTeach na nIonadaithe, nach mbeadh seans ar bith ag an Ríocht Aontaithe socrú trádála a bhaint
amach leo, dá gcuirfeadh siad Comhaontú Aoine an Chéasta i mbaol.
*
Fós i Mheiriceá, tá leabhar nua faoi uachtarán Donald Trump á fhoilsíú ag Bob Woodward, duine as
an mbeirt a bhris an scannal Watergate sna seachtóidí. Léiríonn an leabhar go raibh a fhios ag
Trump, go luath i mí Feabhra, go raibh COVID-19 aeriompartha, marfach, i bhfad níos measa ná an
fliú, agus thar a bheith tógálach; agus i mí an Mhárta, go ndúirt sé gur mhaith leis beag a dhéanamh
de, mar níor mhaith leis anbhá a thosnú. Ní nuacht bhréige é, mar rinne Woodward taifeadadh de
gach agallamh a rinne sé leis an uachtarán, lena chead. Ag an am céanna, bhí Trump ag rá go poiblí le
muintir Mheiriceá, gur ionann an COVID agus an fliú, agus go rachfadh sé gan tásc ná tuairisc ar nós
míorúilte.
*
D’aimsigh na réadlann tonntracha imtharraingthe LIGO agus Virgo an dá pholl dhubha is mó ag
teacht le chéile i gcumasc a bhfacthas riamh. Tharla an cumasc breis agus seacht mbilliún
solasbhliain i bhfad uainn, nuair a raibh an chruinne timpeall ar leath an aois agus atá sí faoi láthair.
Bhí mais thart ar cheithre scór grianta is cúig ag an bpoll dubh mór, agus trí scór grianta is sé ag an
gceann eile. Thiontaigh an cumasc mais de naoí ngrian go díreach i bhfuinneamh, i bhfoirm na
dtonntracha imtharraingthe, i gceann aon deichiú de shoicind, le cumhacht fiche míle billiún billiún
billiún billiún billiún megavattanna, ins an imeacht fisiciúil is cumhachtaí a bhfaca an cine daonna riamh.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
sáraigh - violate
comhaontú aisthairraingthe - withdrawal agreement
aeriompartha - air-borne
réadlann - observatory
tonntracha - waves (canúint Mhaigh Eo)
cumasc - merging
solasbhliain - light-year
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.
Ar an gCéadaoin, sheol Cumann Lúthchleas Gael sraith chuimhneacháin d’íospartaigh Dhomhnach na Fola 1920. Beidh comórtha céad bliain na tragóide, ina maraíodh ceithre dhuine dhéag ag cluiche peile i bPáirc an Chrócaigh, ar an gcéad lá is fiche de mhí na Samhna. Roimh an lá beidh réimse ábhar á foilsiú ag díriú ar an scéal agus saoil na n-íospartach, podchraoladh, sraith scannáin agus comhoibriú l’Amharclann na Mainistreach san áireamh. Ar an lá beidh searmanas cuimhneacháin i bPáirc an Chrócaigh agus “críochnú an chluiche” idir Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath.
*
I rith na seachtaine, fógraíodh liosta na n-ainmneacha stoirme don séasúr stoirme 2020/2021. An séasúr seo tá dhá ainm Gaeilge ar an liosta; Oscar agus Saidhbhín. Déanann Met Éireann, Oifig Met na Breataine agus Institiúid Ríoga Mheitéareolaíochta na hÍsiltíre an liosta a shocrú le chéile. Agus an liosta á chruthú, tógtar moltaí ón phobail agus déantar iarracht ainmneacha ó na trí náisiún a roghnú. Ainmnítear na stoirmeacha in ord aibítre, mar sin beidh drochaimsir i ndán dúinn má táimid chun Oscar agus Saidhbhín a fheiceáil.
*
Chuaigh David Blaine ar eitilt thar an gaineamhleach Arizona an tseachtain seo, ach in áit eitleáin, d’úsáid se balúin. Dá eachtra nua darbh ainm “Ascension” chuaigh an cluanaire súl cáiliúil níos mó ná ceithre mhíle is fiche troigh san aer, ag coinneáil grúpa balún héiliam amháin. Bhí sé ag eitilt ar feadh tríocha nóiméad agus bhí an eachtra iomlán le feiceáil beo ar Youtube.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
cuimhneachán - commemoration
íospartach - victim
Domhnach na Fola - Bloody Sunday
gaineamhlach - (sandy) desert
cluanaire súl - illusionist
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
D’éirigh Phil Hogan as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh tráthnóna Dé Céadaoin. Tháinig sé chun solais go raibh sé i measc na ndaoine a bhí i láthair ag dinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán an tseachtain seo caite. Sháraigh an ócáid seo na srianta Covid-19, go háirithe maidir leis an uasmhéid daoine a cheadaítear ag imeachtaí. Bhí Hogan faoi bhrú freisin mar gheall ar a chuid taistil in Éirinn tar éis teacht ar ais ón mBeilg. D’éirigh an tAire Talmhaíochta, Dara Calleary, agus Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, Jerry Buttimer, as a gcuid post freisin níos luaithe sa tseachtain. Ghabh said leithscéal le muintir na hÉireann as a gcuid iompair.
*
Dúirt an t-imreoir sacair, Lionel Messi, go bhfuil sé ag iarraidh Barcelona a fhágáil an samhradh seo tar éis fiche bliain leis an gclub. De réir Messi, tá sé in ann an club a fhágáil saor in aisce mar gheall ar chlásal ina chonradh, ach ní aontaíonn an club leis an léirmhíniú seo. Tá cáil ar Messi mar cheann de na himreoirí is fearr i stair an tsacair. Tá sé ghradam Ballon d’Or buaite aige chomh maith le deich Sraith na Spáinne agus ceithre Shraith na Seaimpíní.
*
Beidh an scannán Gaeilge Arracht á thaispeáint i Meiriceá ag Féile Scannán Nashville i mí Dheireadh Fómhair. Baineann an scannán leis an nGorta Mór i gConamara agus ainmníodh é d’aon ghradam déag ag na IFTAs i mbliana. Bhí an scannán réidh le seoladh i mí Aibreáin ach cuireadh siar é mar gheall ar an bpaindéim. Mar sin féin, toisc go bhfuil Féile Scannán Nashville ar siúl ar líne i mbliana, beidh daoine in ann breathnú ar Arracht ón mbaile.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeile i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
uasmhéid - maximum
clásal - clause
conradh - contract
léirmhíniú - interpretation
seoladh - launch
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
Inniu an dara lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Tá na céadta míle duine ar stailc ar shráideanna na Bealarúise le hagóid a dhéanamh in aghaidh atoghcháin an Uachtaráin Lukashenko. Goineadh na céadta agóideoirí, fuair beirt bás, agus cuirtear 6,700 duine faoi ghlas, le tuairiscí ar chrá ó na poilíní. Dé Luain, rinne an lucht oibre trasnaíl ar an Uachtarán Lukashenko nuair a thug sé cuairt ar mhonarcha. Bhuaigh Lukashenko an toghchán le hochtó faoin chéad den vótáil, agus é i réim le sé bliana is fiche anuas. Deir an tUachtarán go bhfuil fórsaí idirnáisiúnta taobh thiar de na hagóidí.
In Éirinn, tá na scoileanna ag ullmhú chun pilleadh ar áis i ndiaidh coicíse, agus iad ag insealbhú áiseanna díghalráin agus ag déanamh an riachtanais chun na daltaí a scaradh óna gcéile. Ghlaoigh úrlabhraí an Luchta Oibre, Aodhán Ó Ríordáin, ar an tAire Oideachais Norma Foley ceisteanna a fhreagairt os comhair an Oireachtais, as siocair na heaspa chomhairle ón rialtas. Tá €375 milliún curtha ar fhuilleamh ag an Rialtas le cuidiú a thabhairt do scoileanna athruithe a dhéanamh agus le costais ghlantacháin agus dhíghalráin a íoc.
Agus anois, nuacht an dúlra: bhí míolta le feiceáil ní i bhfad ó chósta Chorca Dhuibhne i gCo Chiarraí. Chonacthas suas le dhá mhíol mór dronnach déag agus míolta móra eile a bhí ar thóir salán. Agus i gCorcaigh, ba thonnta drithleacha a bhí ann nuair a tháinig planctóin bhithlonracha. Nuair a bhris na tonnta ar an chladach, tháinig solas gorm ó na planctóin, radharc álainn de réir na daoine a bhí ann.
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
Inniu an cúigiú lá dhéag de mhí Lúnasa. Is mise James McDonald.
Tosnóidh TG4 ag taifeadadh sraith nua den sobaldráma Ros na Rún gan mhoill. Ní raibh na haisteoirí agus an lucht léirithe in ann teacht le chéile i rith na gearchéime le déanaí. Ach beidh Trealamh Cosanta Pearsanta in úsáid acu ar an seit sa Spidéal chun an cúigiú séasúr is fiche a chur ar an teilifís an mhí seo chugainn tar éis cúig bliana is fiche ar an aer.
Bhris an aimsir an tseachtain seo tar éis tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain le teocht níos airde ná tríocha céim, ach tar éis báistí troime bhí tuilte sa Bhreatain Bheag agus in Albain. Má fhanann an aimsir geal bíonn cith dreige Peirséais le feiceál sa spéir ag an am seo den bhliain. Má théann tú amach ar oíche gan scamaill agus gan solas na sráide, beidh tú in ann na dreigí a fheiceál ag soilsiú agus iad ag dul trí atmaisféar an domhain.
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
Inniu an 8ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Tá an gníomhaí Cearta Sibhialta agus iar-Cheannaire an SDLP John Hume tar éis bháis. Dúirt Uachtarán na hÉireann ba chóir go mbeadh muid buíoch do John Hume a thug dóchas do dhaoine in am an ghéibhinn. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1998.
Tá ardú ar cásanna den víreas corónach i Melbourne san Astráil. Mar sin, beidh ordú dianghlasála i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine. Tá gnóthaí neamhriachtanacha agus scoileanna dúnta le daltaí ag déanamh a gcuid ranganna ar an idirlíon.
Tá an dráma Gaeilge ‘Corp agus Anam' díolta leis an seirbhís sruthaithe nua ‘SOONER' atá lonnaithe san Eilvís, san Ostair agus sa Ghearmáin. Sa chlár bíonn imscrúdú á dhéanamh ag beirt iriseoirí ar choireanna, le haisteoirí cáiliúla Maria Doyle Kennedy agus Diarmuid de Faoite. Craoladh dhá shraith den dráma ar TG4 sna blianta 2011 agus 2014.
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.
Tháinig níos mó na dhá chéad daoine le chéile ag Páirc an Chrócaigh inné chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Mhoslamach Eid. Cuireadh Páirc an Chrócaigh ar fáil ionas go mbeadh scaradh sóisialta i bhfeidhm le linn na seirbhíse urnaí. I mbliana tagann Eid ag aimsir seanfhéile Gaelaí, Lúnasa. In ómós na hocáide sin, tá Camino Mhacha ar siúl i gContae Ard Mhacha. Tá daoine ag siúl ó Thí Chulainn sa Mhullach Bán go dtí Eamhain Mhacha, mar a shiúil Cú Chulainn é féin fadó fadó. Tá súil ag na siúlóirí go mbaileoidh siad airgead ar son Aonaigh Mhacha, lárionad Gaelach nua i gCathair Ard Mhacha.
I Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaíonn go ndearna cintóir gnéis Jeffrey Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil. Deirtear sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean. Chuir Epstein lámh ina bhás féin anuraidh ach anois tá a iarpháirtí Ghislaine Maxwell ag fanacht le triail sna Stáit Aontaithe.
Fuair stiúrthóir scannán Sasanach Alan Parker bás inné. Bhí clú agus cáil air mar dhéantóir scannán éagsúil ar nós Midnight Express, Fame, The Commitments, agus Bugsy Malone. Le linn a shaoil bhain Parker a lán duaiseanna agus gradam, sé Ghradam Oscar san áireamh. Bhí sé sé bliana is seachtó d’aois.
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
Beidh an chéad eagrán de Nuacht Mhall ar fáil Dé Sathairn bheag seo. Is sraith nua í atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge mar chleachtadh cluastuisceana. Cloisfidh tú meascán guthanna agus canúintí ag léamh phríomhscéalta na seachtaine go mall. Chomh maith leis sin, beidh an script iomlán ar fáil sa chur síos i d’aip phodchraolta. Cláraigh leis an fhotha ar d’aip phodchraolta anois.
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.