Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 6 Feabhra 2021 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Tá an t-arm i Maenmar tar éis coup míleata a thosú agus tá an ceannaire polaitiúil, Aung San Suu Kyi, gafa acu. De réir an t-arm, bhí an toghchán is déanaí sa tír lochtach. Tá an ceannasaí airm, Min Aung Hlaing, ag reáchtáil na tíre anois. Bhuaigh Aung San Suu Kyi an Duais Síochána Nobel in 1991 ach rinneadh go leor cáinte uirthi le déanaí mar gheall ar an bhforéigean in aghaidh na Moslamach sa tír. Seans anois go gcuirfear i bpríosún í. Cháin Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, an coup míleata mar ghníomh frithdhaonlathach.

    D’iarr ceannaire an DUP, Arlene Foster, ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson, prótacal an Tuaiscirt a chur ar ceal. De réir Foster, cuireann an prótacal teorainn trádála idir an Tuaisceart agus an Bhreatain. Dúirt Johnson go mbeadh sé réidh leas a bhaint ar Airteagal 16 den phrótacal chun brú a chur ar an Aontas Eorpach. De réir Rialtas na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh, níl ach fadhbanna tosaigh atá i gceist. Dúirt Simon Byrne, constábla de chuid na bpóilíní sa Tuaisceart, go bhfuil baol foréigin ann anois mar gheall ar an teannas polaitiúil. Mhol sé do dhaoine fanacht socair. 

    Níos mó ná céad bliain ó shin, de réir na dtuairiscí, dúirt George Salmon, Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, nach ligfí mná isteach sa choláiste go deo. Inniu, ní hamháin go bhfuil roinnt mná i measc na alumni is cáiliúla sa Choláiste, ach Dé hAoine d’fhógair an Coláiste go bhfuil tríur ban san iomaíocht do phost an Phropaist nua agus mar sin is cinnte go mbeidh bean sa phost seo den chéad uair riamh. Beidh an Propast nua ina cónaí i gceann de na tithe cónaithe is cáiliúla sa chathair, uimhir a haon, Sráid Grafton. Dúirt Susan Parkes, iar-cheannaire oideachais sa Choláiste, go bhfuil ocáid tháchachtach ag baint leis an toghadh seo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.

    *

    GLUAIS

    lochtach - flawed

    frithdhaonlathach - anti-democratic 

    ball foréigin - danger of violence

    socair - calm

    propast - provost

    iomaíocht - competition

    5 min
  • 30 Eanáir 2021 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 30 Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    D’fhéadfadh sé go bhfuil suas le 1,000 páiste i gcruachás le gréasán coiriúil, de réir stáidéar a d’fhoilsigh Ollscoil Luimnigh, a bhí faoi bhun acu ar feadh cúig bliana. Léiríonn an taighde an tslí ina mheallann agus a bheireann na gréasáin choiriúla ar pháistí atá chomh óg le hocht mbliana d’aois insteach i ndronga ar fud na tíre. Deir taighdeoirí go bhfuil an uimhir de mhíle bunaithe ar dhaonra de leath-mhilliún Éireannaigh óga.

    I dTuaisceart na hÉireann, foilsíodh tuairisc faoi árais máithreacha agus naíonán agus ionaid níocháin Mhaigdiléana. De réir an fhiosrúcháin neamhspleách, le bunú ag na húdaráis, bhí 10,640 bean agus cailín ina gcónaí sna hárais máithreacha agus naíonán agus 3,500 eile sna hionaid níocháin. D’fhógair Arlene Foster agus Michelle O'Neill, Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, gur aontaigh an rialtas le fiosrúchán neamhspleách a bhunú, a mhíníonn an mhéid a d'fhulaing na mná sna hionaid.

    Dúirt Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maoladha, go bhfuil sé “dóchasach” go leanfadh an fhéile ar aghaidh níos déanaí i mbliana, in anneoin an neamhchinnteacht atá ceangailte leis an choróinvíreas. Is féile bhliantúil é Oireachtas na Samhna, ina gcéiliúrtar damhsa, ceol, litríocht, agus teanga na Gaeilge, agus a dtugtar “Mecca na nGael” air. Freastalaíonn 10,000 duine air ar feadh ocht lá. Ag an am chéanna, dúirt Ó Maoladha nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill fá dtaobh den fhéile agus nach féidir leo a bheith cinnte dá mbeadh sluaite móra ceadaithe nó sábháilte san fhómhar. Ach, san idirlinn agus níos luaithe sa bhliain, beidh féilte ar siúl ar líne chun Imbolc, nó Lá Fhéile Bhríd, a cheiliúradh.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d’aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    gréasán coiriúil - criminal network

    gronga - gangs

    ionaid níocháin - laundries

    fiosrúchán neamhspleách - independent inquiry

    neamhchinnteacht - uncertainty

    féile bhliantúil - annual festival

    5 min
  • 23 Eanair 2021 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 23ú lá de mhí Eanáir. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    “Éistíodh toil na ndaoine agus tugadh aird ar thoil na ndaoine.” Sin a dúirt Joe Biden ina chéad óráid mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Insealbhaíodh Biden roimh meán lae Dé Máirt agus roinnt uaireanta a chloig tar éis an tsearmanais insealbhaithe, chuir an riarachán nua tús lena mbeartais a chur i bhfeidhm agus go leor de chinntí Donald Trump a aisiompú. Ar dtús, fógraíodh go dtiocfaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá isteach arís le comhaontú Pháras. Níor fhreastail réamhtheachtaí Biden láithreach ar an insealbhú inar gheall an tUachtarán nua béim a chur ar an timpeallacht, cearta ciníocha agus aontacht náisiúnta.

    Tá 72 imreoir leadóige idirnáisiúnta faoi choraintín ina seomraí óstáin i Melbourne ar feadh coicíse. Tháinig na himreoirí chun páirt a ghlacadh i gCraobh Oscailte na hAstráile agus dúirt príomh-aire Victoria, Daniel Andrews nach bhfaigheadh na himreoirí aon chóireáil speisialta mar gheall ar a gcáil. Tháinig sé seo tar éis do roinnt imreoirí ardphróifíle gearán a dhéanamh ar na meáin shóisialta go raibh siad míshásta leis na háiseanna ina gcóiríocht. D’éiligh Novak Djokovic (an Uimhir a hAon Domhanda faoi láthair) go n-aistreofaí imreoirí chuig tithe príobháideacha le cúirteanna leadóige chun traenáil iontu. De réir mar a bhíonn an chuid eile de Victoria faoi ghlas, is dóigh go dtabharfaidh rialtas Victoria cluas bhodhar do na hiarratais seo.

    Tá rabhadh sneachta cúig lá tugtha ag Met Éireann maidir le héifeachtaí Stoirm Christoph sa tseachtain amach romhainn. Tá coinníollacha geimhridh tuartha ar fud na tíre, le riosca sneachta, oighir agus seaca. Cheana féin, tá fadhbanna tuile i gCo. Ros Comáin tar éis báistí troime.  I gceantair den Ríocht Aontaithe, idir an dá linn, tá tuilte troma mar thoradh ar Stoirm Christoph agus aslonnaíodh roinnt cónaitheoirí i dTuaisceart Shasana óna dtithe.


    * 

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    insealbhú - induction, inauguration

    réamhtheachtaí - predecessor

    cóireáil speisialta - special treatment

    cóiríocht - accommodation

    rabhadh - warning

    tuartha - predicted


    6 min
  • 16 Eanáir 2021 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Ella Hassett.

    Tá peileadóir óg ó Chorca Dhuibhne ar a shlí chun na hAstráile inniu, le dul ag imirt peil na hAstráile ar feadh dhá bhliain ar a laghad. Is as an Liotuáin é Deividas Uosis ó dhúchais, ach d’aistrigh a chlann go hÉirinn nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Tá cáil bainte amach ag Deividas mar bháireoir le Cumann Peile an Daingin, agus is Gaeilgoir é chomh maith. Bhuaigh sé bonn Uile-Éireann le foireann mhionúir Chiarraí in 2017 agus thosaigh sé ag imirt le foireann faoi fiche an chontae anuraidh. Shínigh sé conradh leis an gcumann AFL The Brisbane Lions i mí Feabhra 2020, ach bhí a phleananna taistil curtha ar ceal mar gheall ar Covid-19.

    Dé Céadaoin, foilsíodh tuarascáil nua ina léirítear an ráta báis scanrúil a bhí in Árais Máithreacha is Leanaí in Éirinn agus an drochíde, foréigean is neamart a bhí coitianta iontu. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur chaibidil dhuairc, dheacair agus náireach í i stair na tíre seo le blianta beaga anuas. Deirtear sa tuarascáil Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí go raibh thart ar 56,000 bean agus 57,000 naíonán sna hárais idir 1922 agus 1998. Bhí 80% de na máithreacha idir 18 agus 29 bliain d'aois, ach bhí cuid acu chomh hóg le dhá bhliain déag. Bhásaigh thart ar 9,000 leanbh sna hárais - 15% de na leanaí ar fad a bhí iontu. Gheall an Taoiseach go dtabharfaidh an Rialtas aghaidh ar na moltaí sa tuarascáil d’fhonn tús a chur le cneasú na ndaoine.

    Déardaoin, tugadh tuairim sa chéad chás riamh ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i nGaeilge leis. Thóg Peadar Mac Fhlannchadha, leas-rúnaí Chonradh na Gaeilge, an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe sa tír seo. Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil Billy Kelleher “gur lá dár saol é an lá inniu” agus cheap sé go gcuirfeadh an cás le stádas na teanga san Aontas.


    *
    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    báreoir - player

    bonn - medal

    drochíde - abuse

    foréigean - violence

    neamart - neglect

    táirgí leighis - medical products

    Feisire Eorpach - MEP

    5 min
  • 9 Eanáir 2021 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tá géarchéim an chorónvíris dulta in olcas arís in Éirinn agus sa Bhreatain agus na huimhreacha is airde feicthe ó bhí tús na paindéime ann, in ainneoin srianta nua curtha i bhfeidhm sa dá thír. Tá eagla ar na húdaráis nach mbeidh leapacha ospidéil ar fáil roimh i bhfad, agus d’fhógair Méara Londan, Sadiq Khan, go bhfuil príomhchathair na Ríochta Aontaithe i staid éigeandála. Iarrtar ar dhaoine sa dá thír fanacht sa bhaile, agus beidh scolaíocht bhaile ar siúl ar feadh míosa.

    Dé Céadaoin, rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an Chaipeatól in Washington DC, le linn do Chomhdháil na Stát Aontaithe bheith bailithe chun bua Joe Biden sa toghchán uachtaránachta a dheimhniú. Fuair cúigear bás sa chíréib agus cáineadh Trump as an chorraíl a chothú. Cuireadh cosc ar a chuntais Facebook agus Twitter agus phléigh Daonlathaithe mór le rá féidearthacht Trump a tháinseamh roimh oirniú Joe Biden ar 20ú Eanáir. Roghnaigh Biden fear de bhunús Éireannach, Méara Bhostúin Marty Walsh, mar Rúnaí Oibre ina chomh-aireacht. As Conamara do thuismitheoirí Walsh agus deirtear go bhfuil Gaeilge aige.

    Dea-scéala eile don Ghaeilge an tseachtain seo, nuair a ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le polasaí nua chun comharthaíocht sráide dhátheangach a chur ar fáil sa chathair. Amach ó seo, má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis, beidh cead comharthaí dátheangacha a chur suas. Is mór an bua é do Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste, atá ag obair go dian ar phobal na Gaeilge a spreagadh agus a leathnú ó cuireadh tús le Pobal Bhóthar Seoighe in 1969.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    in ainneoin - despite

    staid éigeandála - state of emergency

    scolaíocht bhaile - home schooling

    ruathar - attack

    círéib - riot

    táinseamh - impeach

    Rúnaí Oibre - Secretary of Labour

    comh-aireacht - cabinet (politics)

    toghthóirí - electors

    4 min
  • 1 Eanáir 2021 (Ciarraí)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí Eanáir. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

    Tá an Bhreatain imithe as an Aontas Eorpach ó aon déag a chlog ar Oíche Chinn Bliana. Thángadar ar an gcomhaontú nach mbeadh aon táillí breise ar thradáil idir an Bhreatain agus an Aontas Eorpach. Fanfaidh Tuaisceart na hEireann sa Margadh Aonair le rialacha chustaim an Aontais Eorapaigh. 

    Beidh Institúit Teicneolaíochta Thrá Lí agus Institúit Teicneolaíochta Chorcaí ag teacht le chéile mar aonad amháin as seo amach. Beidh scolairí ó Chiarraí agus Corcaigh ábalta maireachtaint agus staidéar sna contaetha sin. Dúirt Uachtarán na hOllscoile an tOllamh Maggie Cusack ‘Is é an bunchuspóir atá againn ná daoine a chumasú trí oideachas chun go n-éireoidh leo amuigh sa domhan mhór’.

    Tá rinceoir ar an sean-nós agus buaiteoir Chluiche Ceannais na hÉireann Emma O’Sullivan ag múineadh rince ar an sean-nós ar líne. Cuireann sí ranganna ar fáil ar Zoom do dhaoine timpeall na cruinne. Bíonn daoine ón tSeapáin, an Bhrasáil agus na Stáit Aontaithe ag glacadh páirt sna ranganna Zoom-nós. Dúirt Emma go bhfuil meascán de dhaoine difriúila sna ranganna ach is breá leo Éire agus is breá leo Conamara, tá a fhios acu faoi rince ar an sean-nós leis atá go hiontach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Oíche Chinn Bliana - New Year's Eve

    táillí breise - extra charges

    maireachtaint - live (canúint Chorca Dhuibhne)

    cumasú - empower, enable

    rince ar an sean-nós - sean-nós (old-style) dancing 

    timpeall na cruinne - around the world

    4 min
  • 26 Nollaig 2020 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu Lá Fhéile Stiofáin. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Breis agus ceithre bliana tar éis reifreann an Bhreatimeachta, agus na blianta ag idirbheartú, tá comhaontú trádála bainte amach ag an Aontas Eorpach leis an Ríocht Aontaithe. D’fhoilsíodh an téacs inniu ar maidin. Tá an tAontas Eorpach sásta go bhfuil cosaint oiriúnach ann don Chomhmhargadh, agus tá rialtas na Riochta Aontaithe á mholadh, a deireann siad mar gheall ar an bhflaithiúnas a thugann sé dóibh thar a ndlí agus a bhfarraige. Is annamh an comhaontú trádála é áfach, mar méadaíonn sé go mór na deacrachtaí agus na maorlathais trádála idir an dá taobh.

    Tá Londain agus oir-dheisceart Shasana faoi dhianghlasú tréan arís, toisc gur aimsiú sóchán nua de COVID-19 anseo atá níos tógálaí, agus a cheaptar a bhfuil i mbun ar an méadú mór ar líon na n-ionfhabhtaithe sa cheantar a tharla le déanaí. Tá baol mór ann go bhfuil an sóchán nua amuigh agus scaipthe ar fud an domhain cheana, agus go n-éireoidh sé ina phríomh-athraitheach ceannasach i ngach áit sul i bhfad; acht níl aon fhiannaise ann go fóill go bhfuil galar an tsócháin nua níos dáinséaraí. D’aimsíodh in Éireann é inné.

    Acht i laethanta dorcha an mheán-gheimhridh i ndoimhneachtaí na paindéime, tá seans maith ann go bhfuil fáinne geal an lae ag teacht. Tá an chéad bhaisc de deich míle vacsaín i gcoinne COVID ag teacht in Éireann inniu, trí cheann de na hiarrachtaí agus na saothair na heolaíochta is mó riamh. Tagann dóchas na saoirse agus na sláinte leo, dóchas ar ghnáth-theagmháil le clann agus cairde arís, agus súil ar bhliain úr saor ó réim an ghalair mallaithe seo.

    *

    Dia daoibh. Is mise Niall, eagarthóir Nuacht Mhall. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a d'éist le Nuacht Mhall i mbliana agus tá súil againn go mbeidh Athbhliain suaimhneach agaibh go léir.

    Beannachtaí na Nollag ort!

    Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhuit!

    Nollaig shona!

    Nollaig shona!

    Beannachtaí na féile ort!

    Beannachtaí na Nollag ort!

    Nollaig shona!

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    idirbheartú - negotiating

    flaithiúnas - sovereignty 

    maorlathas - bureacracy

    sóchán - mutation

    níos tógálaí - more infectious

    athraitheach - variant

    an meán-gheimhreadh - midwinter

    fáinne geal an lae - bright ring of day, i.e. dawn

    baisc - batch


    6 min
  • 19 Nollaig 2020 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Tháinig níos mó ná trí chéad buachaill abhaile go sábhailte inné, seachtain tar éis dóibh a bheith fuadaithe óna scoil sa Nigéir. Tháinig na buachaillí ar bus go Katsina, áit ina bhuail siad le hUachtarán na Nigéire Muhammadu Bahari. Tharla an fuadach ar an aonú lá déag de mhí na Nollag, i rith ionsaí ar a scoil sa bhaile Kankara. Bhí a n-éide scoile á gcaitheamh fós ag roinnt de na buachaillí is a shiúil siad ón mbus chun an tUachtarán a fheiceáil agus scrúdú sláinte a fháil. Bhí áthas an domhain ar na buachaillí agus a dtuismitheoirí freisin, a bheith aontaithe arís. Dúirt máthair amháin go raibh sí “ag caoineadh deora áthais” is a chonaic sí a mac arís. Deir oifigigh stáit gur fhuadaigh ropairí áitiúla na páistí agus tháinig scaoileadh na bhuachaillí trí idirbheartaíocht, ní tríd an íocaíocht a bhí á lorg ag na ropairí. Scaoileadh trí chéad is daichead a ceathair bhuachaill, ach ar an drochuair tá roinnt buachaillí fós ar iarraidh.

    Fuair Joanne Hayes agus a muintir leithscéal ón stát Dé hAoine níos mó na cúig bliana is tríocha tar éis dúnmharú a bheith curtha i leith Hayes. Tháinig an leithscéal mar chuid de chás damáistí a thóg Joanne Hayes, a deirfiúr agus a beirt deartháireacha tar éis a ngabhálacha in naoi déag ochtó ceathair. Fuarthas ráiteas freisin ag rá go raibh gach éagóir curtha ina leith i rith an cháis, ar a dtugtar “The Kerry Babies Tribunal”, chomh maith lena gceistiú, gabháil, cúiseamh agus ionchúiseamh, mícheart agus gan bhunús. Gabhadh Joanne Hayes in naoi déag ochtó a ceathair agus í cúig bliana is fiche d'aois nuair a tháinig na Gardaí ar chorp leanbh ar thrá i gContae Chiarraí, cúig chiliméadar is seachtó óna baile in Abbeydorney. Cúpla seachtain roimhe, bhí leanbh ag Joanne Hayes, a fuair bás agus cuireadh faoin talamh ar fheirm a teaghlaigh. Dhiúltaigh na Gardaí an fheirm a chuardú agus fiú nuair a fuarthas fianaise go raibh a leanbh adhlactha ann lean siad leis an gcúiseamh dúnmharú. Ní raibh Joanne Hayes ag an gcúirt ach i ráiteas a thug a dlíodóir ar a son, dúirt sí go raibh sí i ndóchas go dtabharfaidh an toradh clabhsúr agus suaimhneas dá clann. D’iarr sí freisin go dtabharfaidh na meáin meas dóibh leis an scéal mothálach.

    D’iarr an tOllamh Philip Nolan ó NPHET ar mhuintir na hÉireann cúram eisceachtúil a ghlacadh thar na laethanta atá le teacht agus an tréimhse Nollag agus laghdú ar ghníomhaíochtaí sóisialta a thosú anois. Mhol sé ar dhaoine a bpleananna don Nollaig a athsmaoiniú agus príomhthosaíocht a chur ar na rudaí is tábhachtaí amháin. Mhol NPHET roinnt gníomhaíochtaí don rialtas le chur in iúl díreach tar éis na Nollag le smacht a fháil arís ar an ngalar. D’iarr an tOllamh Nolan ar dhaoine smaoineamh ar an tionchar a mbeidh ar na seirbhisí sláinte, oideachais agus cúram leanaí i mí Eanáir mar thoradh de na gníomhaíochtaí i rith na tréimhse seo. Dúirt sé go bhfuil nasc idir an ardú cásanna agus athoscailt na mbialann agus na dtithe tábhairne. Duirt Liz Canavan, Ard-Runaí Cúnta ag Roinn an Taoisigh go bhfuil laghdú srianta ag tarlú ag an am céanna is a bhfuil pictiúir an víreas ag eirí níos measa agus “tá orainn freagairt dó sin.” Duirt sí go nglacfaidh an rialtas moltaí NPHET agus go dtiocfaidh cinneadh agus ráiteas faoi céard a tharlóidh tar éis na Nollag go luath. Ón Aoine tá taisteal idir-chontae ceadaithe agus tá cead ag daoine ó trí theach bualadh le chéile go dtí an séú lá de mhí Eanáir, ach, bunaithe ar ardú cásanna, seans go mbogfaidh an rialtas an dáta sin roimh an Athbhliain.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    fuadach - kidnapping

    ropairí - robbers, bandits

    deora áthais - tears of joy

    dúnmharú - murder

    gabháil -arrest

    cúiseamh - accusation



    6 min
  • 12 Nollaig 2020 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Chuir an Ríocht Aontaithe tús ar a plean vacsaínithe Covid-19 an tseachtain seo caite. Maidin Dé Máirt fuair an chéad duine an vacsaín, bean darb ainm Margaret Keenan atá nócha bliain d’aois. Rugadh í in Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach agus bhog sí go Coventry i Sasana níos mó ná seasca bliain ó shin. Tugadh an vacsaín, atá táirgthe ag Pfizer-BioNTech, do Margaret in oispidéal i gcathair Coventry. Dúirt sí gur mhór an phribhléid di an vacsaín a fháil agus go raibh sí ag súil le ham a chaitheamh lena clann agus a cairde. Tá 25,000 dáileog den vacsaín tagtha go dtí an Tuaisceart agus tugadh an chéad dáileog d’altra i mBéal Feirste maidin Dé Máirt freisin. Ceaptar go bhfoilseoidh Rialtas na hÉireann an plean vacsaínithe an tseachtain seo chugainn agus go mbeidh na chéad dáileoga ar fáil san athbhliain.

    Tá na cainteanna maidir leis an mBreatimeacht ag druidim chun críche anois agus gan aon chomhaontú socraithe go fóill. Bhí cruinniú sa Bhruiséil tráthnóna Dé Céadaoin idir ceannasaí an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ach ní raibh siad in ann an t-easaontas atá fós eatarthu a réiteach. Tá difríochtaí ann go fóill maidir le cearta iascaireachta, cursaí caighdeáin agus rialachas an chomhaontaithe trádála. Dúirt von der Leyen go bhfuil féidearthacht láidir ann nach mbeidh comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain san athbhliain. Beidh Dé Domhnaigh seo chugainn an spriocdháta d’aon chomhaontú.

    Ba bhliain an-chrua í 2020 do chách ach bhí sí an-deacair ar fad d’ealaíontóirí mar gheall ar na srianta poiblí. Mar sin féin, chruthaigh TG4 Samhlú 2020 chun gaiscí agus cruthaitheacht ealaíonta na hÉireann a cheiliúradh. Is clár teilifíse é Samhlú 2020 atá suite sna ceantair timpeall ar Chloch na Rón i gConamara, Contae na Gaillimhe. Tá Tommy Tiernan sa phríomhról agus de réir TG4 “tabharfaidh sé an lucht féachana ar aistear gliondrach agus draíochtúil de cheol, damhsa agus amharclannaíocht”. Craolfar Samhlú 2020 ar TG4 oíche Dé Máirt seo chugainn ag leathuair tar éis a naoi agus beidh daoine ar fud an domhain in ann é shruthlú ar Sheinnteoir TG4.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    pribhléid - privilege

    táirgthe - produced

    ag druidim chun críche - coming to a close

    easaontas - disagreement

    comhaontú - agreement, union

    gaiscí - achievements, deeds

    cruthaitheacht - creativity

    5 min
  • 5 Nollaig 2020 - TÉIC 2 (Dún na nGall)

    Gabh ár leithscéal, seo é an leagan ceart!

    *

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 5ú lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh an Ríocht Aontaithe ar an chéad áit ar domhan le húsaid vacsaín in aghaidh Covid-19 a cheadú. Is í an vacsaín ó Pfizer/BioNTech a gheobhaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe, le 800,000 dáileog a chur isteach acu laistigh de sheachtain, a thugann díonacht suas le 95% ar an ghalar. Shocraigh Rialtas na hÉireann go gceannóidh siad 850,000 dáileog de vacsaín Moderna, agus go bhféadfadh clár an vacsaínithe a thosnú san úrbhliain.

    Tháinig sneachta agus leac oighir go Tuaisceart na hÉireann i rith na seachtaine agus thit an teocht faoi bhun náid, toisc gur bhog aer Artach aneas anuas ar Éirinn agus an Ríocht Aontaithe. Cé gur ardaigh an teocht Dé hAoine, mothaíodh níos fuaire mar gheall ar ghaoth argail, le seadáin gaoithe chomh gasta le 100 ciliméadar san uair in áiteanna nochta. Bhí roinnt sneachta geallta thar na sléibhte agus na cnocanna, agus gaoth mhór le taobh chladach an iarthair.

    Craoladh an t-eagrán bliantúil den Late Late Toy Show an tseachtain seo caite, le Ryan Tubridy ina láithreoir. Bhí buachaill óg darb ainm Adam, atá sé bliana d’aois, mar chuairteoir ar an seó agus é ag caint faoin dúil mhór don spás atá aige. Ba bhreá leis a bheith i gceannas ar mhisean spáis le NASA san am atá le teacht. Dúirt NASA go spreagann a dhea-chroí agus a dhea-mhianach eachtrúil iad agus go bhfuil siad ag tnúth go mór le Adam a bheith páirteach leo. Bailíodh níos mó ná €6 mhilliún do charthanais ó chraoladh an seó.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d’aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    díonacht - immunity

    clár an vacsaínithe - vaccination programme

    gaoth argail - bitterly cold wind

    áiteanna nochta - exposed places

    dea-mhianach eachtrúil - adventurous spirit

    carthanais - charities

    5 min