
Sign up to save your podcasts
Or


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail.
Tá imní go bhfuil tríú tonn de phaindéim Covid-19 ar siúl agus líon cásanna an athraithigh Delta ag dul in airde sa Bhreatain. Meastar gurb iad ionfhabhtaithe i measc aosaigh óga a spreag an méadú seo, agus mar sin, moltar go nglacfaidh gach duine os cionn ocht mbliana déag d’aois leis an vacsaín chomh luath agus is féidir. In Éirinn, tá bialanna agus tithe tábhairne ag súil le fáilte a chur roimh custaiméirí taobh istigh i mí Iúil ach tá seans ann go gcuirfear dáta na hathoscailte siar mar gheall ar an athraitheach Delta. Beidh an Íoslainn ar an chéad tír san Eoraip chun na srianta ar fad a scaoileadh inniu. Ní bheidh orthu masc a chaitheamh nó fanacht siar óna chéile mar go bhfuair beagnach nócha faoin chéad den daonra an chéad instealladh den vacsaín, an ráta is airde ar domhan.
Tháinig babhta na ngrúpaí de Chraobhchomórtas Peile na hEorpa 2020 chun deiridh Dé Céadaoin. Rachaidh sé fhoireann déag ar aghaidh chuig an dara babhta den chomórtas, a thosóidh inniu. Beidh an Bhreatain Bheag ag imirt in aghaidh na Danmhairge, foireann a fuair tacaíocht fhorleathan i ndiaidh taom croí a bheith ag a n-imreoir is mó le rá Christian Eriksen ar an pháirc imeartha coicís ó shin. Imreoidh foireann Shasana in aghaidh na Gearmáine Dé Máirt. Ní raibh ach bua amháin ag Sasana ar an Ghearmáin ag príomhchomórtas peile le caoga bliain, agus tharla sé sin sa bhliain dhá mhíle. Ar an drochuair, níor éirigh le foireann na hAlban áit a bhaint amach sa dara babhta.
Den chéad uair, is féidir le turasóirí amharc thart tolláin agus seomraí faoi thalamh an Cholasaeim sa Róimh. Tugadh “cúlstáitse” an amfaitéatair ar na seomraí seo, ina mbíodh gliairí agus ainmhithe fiáine ag fanacht sula dtéadh siad amach i lár na hairéine. Bhí idir innealtóirí, ailtirí agus seandálaithe páirteach san athchóiriú agus beidh cuairteoirí in ann siúl trí cúig dhorchla dhéag chun 15000 méadar cearnach de tholláin agus seomraí a fheiceáil. Tá an Colasaem ar ceann de na foirgnimh is íocónaí sa Róimh. Cuireadh tús le tógáil an amfaitéatair sa bhliain 72 i réimeas an Impire Vespasian agus cuireadh i gcrích é i réimeas a mhic Titus sa bhliain 80. Ba ghnáth lucht féachana 70000 a bheith ann.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
athraitheach Delta - Delta variant
aosaigh óga - young adults
tacaíocht fhorleathan - widespread support
taom croí - heart attack
tolláin - tunnels
gliairí - gladiators
lár na hairéine - middle of the arena
dorchla - corridor
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
D’éirigh Edwin Poots as mar cheannaire an DUP ar an Aoine tar éis trí seachtaine sa phost. Ar an lá céanna vótáil tromlach mór de bhaill an DUP in aghaidh cinneadh Poots leanúint ar aghaidh le hathdhéanamh Feidhmeannas Stormont agus ainmniú Paul Givan mar Chéad-Aire Tuaisceart Éireann. Aontaíodh oíche Déardaoin go dtabharfaidh Rialtas na Breataine an reachtaíocht chultúir agus teanga isteach i Westminster i mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfar i Stormont é roimhe sin. Chuir baill shinsearacha den DUP a míshástacht leis an margadh in iúl do Poots agus bhí fearg orthu gur lean sé leis. Bhí cruinniú ag an bpáirtí i mBéal Feirste oíche Dé hAoine chun an easaontú a phlé agus nuair a d’fhág Poots an cruinniú, d’fhógair sé a eirí as. Fanfaidh Poots sa phost go dtí go dtoghfar a chomharba.
Ón Aoine, beidh gach duine i Sasana os cionn ocht mbliana déag d’aois in ann a gcéad dáileog de vacsaín i gcoinne Covid-19 a fháil. Tharla leathnú aoise don vacsaín tar éis nuacht go bhfuil an chéad dáileog ag ceathrar as cúigear daoine fásta sa Ríocht Aontaithe, sé mhí ó tugadh an chéad vacsaín neamh-trialach. Ní ba luaithe sa tseachtain d’fhógair Boris Johnson go gcuirfear siar oscailt na tíre ón 21ú de mhí an Mheithimh go dtí an 19ú de mhí Iúil. Tá an NHS ag iarraidh an vacsaín a ofráil do gach duine fásta roimh an dáta nua. In Éirinn beidh an vacsaín ar fáil do dhaoine idir 35 agus 39 bliana d’aois ón Domhnach.
Fuair Kenneth Kaunda, uachtarán bunaidh na Saimbia, bás ar an Aoine ag aois nócha a seacht. Tá cáil ag Kaunda mar laoch frith-choilíneach agus gníomhaí VEID/SEIF san Aifric. Bhí cáil ar Kaunda as a chumas leithleach cainte agus as a mhodh síochánta sa troid ar son neamhspleachas na Saimbia ón Ríocht Aontaithe. Nuair a bhuaigh sé neamhspleachas don tír i 1964, rialaigh sé mar uachtarán ar feadh seacht mbliana is fiche. Bhí conspóid ag baint leis níos déanaí sa rialtas nuair a chuir sé toirmeasc ar an bhfreasúra, agus thit sé as cumhacht. Tar éis a ghníomhréime polaitiúla, ghníomhaigh Kaunda in aghaidh VEID/SEIF trasna na hAifrice, i ndiaidh bhás a mhic ón ngalar. Fiú ina sheanaois lean sé ag caint amach in aghaidh éagóra agus cos ar bolg agus in ainneoin na conspóide ag baint leis, le haghaidh sin a chuimhneofar é. Beidh tréimhse bróin trí seachtaine ar a shon sa tSaimbia.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
tromlach - majority
feidhmeannas - executive
leathnú - widening
neamh-trialach - non-trial
frith-choilíneach - anti-colonial
cos or bolg - oppression
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Tá ceannairí polaitiúla thíortha daonlathacha saibhre an domhain, an G7, ag teacht le chéile an tseachtain seo le haghaidh cruinniú mullaigh eatarthu. Tá siad ag plé ceisteanna móra geopholaitiúla, go háirithe an phaindéim. Tá Joe Biden ar a chéad turas taobh amuigh dá thír mar Uachtarán, agus tá cúig chéad milliún dáileog Pfizer geallta aige do na tíortha atá i mbéal forbartha an domhain. Ní leor sin, áfach, mar tá 10 billiún de dhíth. Bhuail sé le Boris Johnson den chéad uair Deardaoin, chun cur in iúl dó, i measc ábhair eile, an tábhacht a chuireann Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, maidir leis an mBreatimeacht agus Prótocal Thuaisceart Éireann.
Beidh imeacht mór Ghaeil an oileáin seo ar siúl an Satharn seo chugainn, an chéad chruinniú de Chomhdháil na Breataine. Tá cuireadh do gach Gaeilgeóir ar oileán na Breataine freastal ann, chun stádas na teanga anseo a phlé, agus ár gcomhoibriú a neartú chun an Ghaeilge agus a húsáid a chur chun cinn. Beidh sé dátheangach, agus beidh aíonna ann ó Londain, Glaschú, Learpholl, Manchain, Birmingham, Coventry, an Bhreatain Bheag, agus áiteacha eile ar fud an oileáin. Mar gheall ar an phaindéim, beidh sé ar siúl ar líne, ag tosnú ag a seacht a chlog, agus tabharfaidh an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, óráid le hoscailt. Tá sé saor in aisce, agus tá ticéid ar fáil ar Eventbrite go díreach tar éis cuardach i nGoogle do “Comhdháil na Breataine”.
Thárla urú na gréine Déardaoin i leathsféar thuaidh an domhain. Ba urú fáinneach é sa Chiorcal Artach, leis an ngealach ar apaigí, acht ó dheas in Éirinn, ní raibh ann acht páirturú. Bhí sé scamallach go leor i Londain, acht anois is arís, do thaitin an ghrian trí na scamaill go lag, ionas gurbh fhéidir greim na gealaí uirthi a fheiceáil go breá. Ba í an chéad bhreathnóireacht ar choróin na gréine a scríobhadh síos riamh ná an ceann a rinne na manaigh ar Oileán Í air tar éis lánuraithe i 664, atá le léamh in Annála Uladh, Annála Tiarnaigh, agus Annála Inis Faithlinn.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
cruinniú mullaigh - summit meeting
tíortha atá i mbéal forbartha - developing countries
Comhaontú Aoife an Chéasta - Good Friday Agreement
leathsféar thuaidh - northern hemisphere
páirturú - partial eclipse
Oileán Í - Iona
lánurú - total eclipse
Annála - Annals
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.
D’fhógair an Taoiseach, Micheál Martin plean téarnaimh geilleagrach an rialtais Dé Máirt. Is fiú níos mó ná trí bhilliún go leith euro an plean agus beidh sé ag dul i ngleic le réimse leathan ceisteanna. Tá sé dírithe ar na hoibrithe agus na gnólachtaí a bhí gortaithe ag an bpandéim. Beidh laghdú caoga euro déanta ar íocaíocht dífhostaíochta na pandéime ó Mheán Fómhair. Beidh síneadh leis an Scéim Fóirdheontais Pá go dtí deireadh na bliana ach athrófar an ráta i mí Mheán Fhómhair. Cruthófar caoga míle socruchán poist. Dúirt an Taoiseach go raibh “a mhalairt de dhéine” sa phlean agus go dtiocfaidh sé i gceannas ar théarnamh dírithe ar phoist.
Shocraigh na páirtithe Iosrael atá in iomaíocht le chéile margadh oíche Dé Céadaoin, chun an príomh-aire fadtréimhseach Netanyahu, a bhaint amach as an rialtas. Bhí Netanyahu ina phríomh-aire ar feadh cúig bliana déag ach bheadh a théarma críochnaithe agus Naftali Bennett ag teacht ina áit más rud é go dtagann an comhrialtas nua seo i bhfeidhm. Sula dtagann sé i bhfeidhm beidh vóta ag reachtóirí agus mionnú an phríomh-aire nua. Is náisiúnaí creidimh é Bennett ach beidh air oibriú in éineacht le páirtithe eile sa chomhrialtas, an United Arab List, páirtí níos lú de Náisiúnaithe Arabacha san áireamh. Is é an United Arab List an chéad pháirtí ó mhionlach na tíre le dul isteach i rialtas.
D’éirigh Naomi Osaka, an dara himreoir leadóige is fearr ar domhan, as Craobhchomórtas Oscailte na Fraince an tseachtain seo. Bhuaigh sí a céad chluiche in aghaidh Patricia Maria Tig. Dúirt sí ar Twitter nach raibh sí sásta labhairt leis na meáin i ndiaidh a cluichí mar gheall ar an tionchar a raibh acu ar a meabhairshláinte. Gearradh fíneáil cúig mhíle déag dollar uirthi toisc nach raibh sí sásta labhairt leo agus bhí sé i gcoinne na rialacha. Dar leis an imreoir, d’fhulaing sí ó “bhabhtaí fada dúlagair” ó bhuail sí Serena Williams i gcluiche ceannais Chraobhchomórtas Oscailte na Stát Aontaithe sa bhliain fiche agus a hocht déag. Dúirt Uachtarán Chónaidhm Leadóige na Fraince go raibh a haistarraingt “mí-ámharach”.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
plean téarnaimh geillegrach - economic recovery plan
a mhalairt de dhéine - the opposite of austerity
mionnú an phríomh-aire nua - swearing-in of the new prime minister
náisiúnaí creidimh - religious nationalist
gearradh fíneáil uirthi - she was fined
aistarraingt - withdrawal
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an 29ú lá de mhí Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
D’ordaigh Uachtarán na Bealarúise Alexander Lukashenko do eitilt de chuid Ryanair tuirlingt i Mionsc Dé Domhnaigh. Bhí an t-eitleán ar a shlí ón nGréig go dtí an Liotuáin nuair a fuair an píolóta an t-ordú. Bhí an gníomhaí de chuid an fhreasúra Roman Protasevich ar an eitilt agus tá sé féin agus a chéile á gcoimeád ag na húdaráis sa Bhealarúis anois. Mhaígh Protasevich i bhfíseán gur eagraigh sé agóidí anuraidh ach tá amhras ann gur faoi bhrú a d'admhaigh sé é. Tá cáineadh géar déanta ar Lukashenko agus chuir an tAontas Eorpach smachtbhannaí breise ar Rialtas na Bealarúise. Chomh maith leis sin, chuir an tAontas cosc ar eitleáin aerlíne na Bealarúise, Belavia, tuirlingt in aon aerfort san Aontas Eorpach. Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, ‘nach bhféadfaí glacadh leis’ iompar Lukashenko agus d’éiligh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, Protasevich a scaoileadh saor.
Rinne Dominic Cummings cáineadh feanntach ar Boris Johnson agus a rialtas maidir leis an tslí a ndeachaigh siad i ngleic leis an bpaindéim ag seisiún le feisirí parlaiminte in Westminster Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh teipeanna ag gach leibhéal den rialtas, é féin san áireamh. Chaill sé a phost mar chomhairleoir do Boris Johnson i mí na Samhna nuair a thit siad amach lena chéile. Cháin Cummings an tAire Sláinte Matt Hancock go háirithe, agus dúirt sé gur chóir dó a bheith éirithe as a phost níos mó ná cúig huaire déag. Mhaígh sé gurbh í an ‘imdhíonacht tréada’ an polasaí oifigiúil a bhí ag an rialtas i dtús na bliana seo caite. De réir Cummings, fuair na mílte duine bás gan ghá mar thoradh. Dhiúltaigh Johnson agus Hancock cáineadh Cummings scun scan.
Tháinig an Eoraifís ar ais an Satharn seo caite tar éis sosa anuraidh mar gheall ar an bpaindéim. D’óstáil an Ísiltír an t-imeacht agus bhuaigh Måneskin ón Iodáil lena racamhrán ‘Zitti e buoni’. Fuair said níos mó ná cúig chéad pointe, sé phointe as Éirinn san áireamh. Ghlac Lesley Roy páirt ar son na hÉireann lena hamhrán ‘Maps’. Ar an drochuair ní bhfuair sí a dóthain pointí sa bhabhta leathcheannais. Ní raibh an t-ádh leis an Ríocht Aontaithe ach an oiread mar ní bhfuair James Newman aon phointe lena amhrán ‘Embers’. Mar fhocal dearfach, triail a bhí ann chun imeacht mór a chur ar siúl le slua i láthair in aois Covid. Ar an dóigh sin, d’éirigh thar cionn leis.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
an freasúra - the opposition
smachtbhannaí - sanctions
imdhíonacht tréada - herd immunity
scun scan - completely, outright
racamhrán - rock song
babhta leathcheannais - semi-final
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Ghlac Comh-Aireacht Slándála Iosrael le sos comhraic chun deireadh a chur le coimhlint idir Iosrael agus míleataigh as Gaza. Dhaingnigh grúpaí armtha na Pailistíne an sos comhraic. Dúradh go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ón Aoine ag 2 a.m. Mhair an choimhlint aon lá déag go dtí seo, le 232 duine maraithe in Gaza agus dhá duine déag maraithe in Iosrael.
Dé réir cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, fuair sí gealltanais ó cheannaire nuathofa an DUP, Edwin Poots, go bhfuil sé mar rún aige reachtaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna Sé Chontae. Dúirt Mary Lou McDonald go raibh cruinniú dearfach eatarthu Déardaoin, ina ndúirt Poots nach mbeadh an chomhroinnt i dTuaisceart Éireann faoi bhagairt chomh fada is a bheidh sé ina cheannaire sa DUP. In agallamh eile a rinne Poots i rith na seachtaine, dúirt sé gur mhaith leis dul ar aghaidh leis na pleananna a bhí beartaithe ag na páirtithe polaitíochta i mí Eanáir 2020, an reachtaíocht Ghaeilge ina measc.
Tar éis ceithre mhí, d’oscail siopaí miondíola in Éirinn agus treoracha maidir le covid-19 ag ísliú tuilleadh. Agus i mBaile Átha Cliath, athosclófar Club Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine den chéad uair le 15 mhí. Fuair breis agus 1.6 mhilliún duine an vacsaín in Éirinn go dtí seo, le níos mó ná 250,000 dáileog tugtha an tseachtain seo caite. Agus i Sasana, cuireadh fáilte roimh custaiméirí istigh i dtithe tábhairne, i mbialanna, agus in áiseanna siamsaíochta ón Luain seo caite.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
comh-aireacht slándála - security cabinet
sos comhraic - ceasefire
nuathofa - newly elected
comhroinnt - (power)sharing
siopaí miondíola - retail shops
áiseanna siamsaíochta - entertainment facilities
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.
Fógraíodh i dtuarascáil chróinéara Dé Máirt go raibh deichniúir íospartach sléachta i mBaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste in 1971 go hiomlán neamhchiontach agus níorbh iad aon bhagairt ar na saighdiúirí a dhúnmharaigh iad. Tháinig an breithiúnas seo i ndiaidh feachtas fada chun ainmneacha na n-íospartach a ghlanadh. Cáineadh príomh-aire na Ríochta Aontaithe Boris Johnson mar níor ghabh sé leithscéal poiblí as an choir. Agus idir an dá linn sa Tuaisceart, ceapadh Edwin Poots mar cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Daonlathach, sa chéad toghchán ceannaireachta a bhí acu riamh.
Chuaigh an ghéarchéim sa Mheánoirthear in olcas inné nuair a bhí ar dhaoine i dtuaisceart Gaza a mbaile a thréigean roimh ionsaithe ón aer, ón fharraige agus ón talamh a rinne Fórsaí Cosanta Iosrael. Tá níos mó ná 120 duine marbh san fhoréigean, 31 páiste ina measc. Thosaigh an ghéarchéim sa cheantar Sheikh Jarrah in Iarúisailéim Thoir, áit a bhfuil grúpaí Giúdacha ag iarraidh Palaistínigh a chur amach. Tá imní ann go dtarlóidh an foréigean is measa ó bhí 2014 ann.
Tá séasúr Chumann Lúthchleas Gael linn arís. Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo. Mar gheall ar an phaindéim scarfar na ranna ina dhá leath i mbliana, tuaisceart agus deisceart, amhail Leath Cuinn agus Leath Moga fadó. Imreoidh Dún na nGall in aghaidh Thír Eoghain san Ómaigh, agus Gaillimh in aghaidh Ciarraí i dTrá Lí sna chéad chluichí Dé Sathairn. Cuireadh tús leis an tSraith Náisiúnta Iománaíochta seachtain ó shin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
tuarascáil chróinéara - coroner's report
íospartach sléachta - victim of massacre
ionsaithe - attacks
foréigean - violence
roinn/ranna - division/divisions
fadó - long ago
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Ella Hassett.
Tá an tOllamh Regina Uí Chollatáin ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge. Faoi láthair, tá sí ag obair mar Chathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, is iarbhall de Bhord Stiúrtha TG4 í. Is as Leitir Ceanainn i nDún na nGall í ó dhúchas agus tá suim aici in athbheochan na Gaeilge agus iriseoireacht na Gaeilge. Bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999 mar an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud fad na hÉireann. Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers go raibh “áthas” orthu anois faoin gceapachán.
Lasadh tine dheasghnách ar Chnoc Uisnigh i gContae na hIarmhí aréir in ainneoin srianta Covid-19. Tháinig grúpa beag le chéile ar an gcnoc chun Tine na Bealtaine a lasadh agus an samhradh a cheiliúradh tar éis an gheimhridh fhada. Is seantraidisiún í an tine. Fadó, lasadh Árdrí na hÉireann an tine agus bhíodh ceiliúradh mór ina dhiaidh chun an séasúr nua a thabhairt isteach. I mbliana, ní raibh cead ag an ngnáthphobal freastal ar an imeacht, ach craoladh an ócáid beo ar líne do lucht féachana idirnáisiúnta agus roghnaíodh an téama 'aontacht' don cheiliúradh.
Ta an tSeapáin tar éis stát eigeandála a shíneadh i dTóiceo agus trí cheantar eile chun stop a chur ar ardú na gcásanna Covid-19 roimh na cluichí Oilimpeacha. Dúirt an Príomh-Aire Suga go mbeidh na srianta ann go dtí deireadh na míosa i dTóiceo, Osaka, Hyogo agus Kyoto. I láthair na huaire, is é Osaka eipealár na pandéime sa tír. Dúirt an tAire Geilleagair go bhfuil cúrsaí baolach sa chathair mar níl leapacha ospidéil le fáil do hothair le comharthaí tromchúiseacha. Tosóidh na cluichí Oilimpeacha ar an tríú lá is fiche de mhí Iúil i dTóiceo. Níl sé socraithe go fóill an mbeidh cead ag lucht leanúna spóirt ón tSeapáin freastal ar imeachtaí, ach ní cheadófar cuairteoirí idirnáisiúnta.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ceaptha/ceapachán - appointed/appointment
béaloideas - folklore
tine dheasghnách - ceremonial fire
aontacht - unity
eipealár - epicentre
comharthaí tromchúiseacha - serious symptoms
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniú Lá Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh.
D’fhógair Céad-Aire Thuaisceart Éireann agus ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Arlene Foster, go n-éireoidh sí as. Tháinig an fógra tar éis glaonna móra ón bpáirtí iomaíocht cheannaireachta a reáchtáil. Bhí Foster i gceannas ar an DUP ar feadh breis agus cúig bliana. Le déanaí, cháin baill a páirtí í mar gheall ar an gcaoi a dhéileáil sí leis an mBreatimeacht (agus go háirithe Prótacal Thuaisceart Éireann). Dhearbhaigh Edwin Poots go rithfidh sé don phost agus faoi láthair is eisean an t-iomaitheoir is mó a bhfuil dealramh leis.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
iomaíocht cheannaireachta - leadership contest
dearbhaigh - confirm
spásárthach - spacecraft
fréamhacha - roots
fomhuireán, fomhuirí - submarine
Cabhlach Ríoga - Royal Navy
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Ciontaíodh an iar-phoilín Derek Chauvin as dúnmharú George Floyd a fuair bás i gCathair Minneapolis an bhliain seo caite. Bhí Derek Chauvin le feiscint ar fís ag tachtadh George Floyd lena ghlúin ós cionn naoi nóiméad. Spreag dúnmharú George Floyd agóidí timpeall na cruinne i gcoinne ciníochas agus iompar na bpóilíní i Meiriceá. Dúirt Uachtarán Mheiriceá Joe Biden gur uair thábhachtach é seo chun athrú a dhéanamh agus gur smál é seo ar anam na Stát Aontaithe.
Tá sé fhoireann sacair i Sasana tar éis tarrach amach as Comórtas nua sacair darb ainm an Super League. Bhí dhá fhoireann déag ón Eoraip le bheith páirteach sa tsraith. Duirt an Club Peile Arsenal go raibh brón orthu agus go ndeineadar botún. Dheineadar an cinneadh tarrach amach tar éis éisteacht lena lucht leanúna, le Rialtas Shasana agus lena gcuid geallsealbhóirí. Dúirt Cathaoirleach Juventus go leanóidh na clubanna eile atá fágtha ar aghaidh leis an sraith.
Beidh Disney ag teacht chuig Éireann. Beidh taifead á dhéanamh ar an scannán Disney ‘Disenchanted’ in Áth na Sceire i gContae Chill Mhantáin i mí na Bealtaine. Dheineadh taifead ar an chéad scánnán ‘Enchanted’ sa bhliain 2007, faoin mbanphrionsa Giselle a cuireadh an ruaig uirthi as a saol draíochta agus a tháinig go dtí an gnáthshaol i Manhattan. Ceaptar go mbeidh na haisteoirí cáiliúla Susan Sarandon, Patrick Dempsey agus Amy Adams i láthair.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
*
ciontaíodh - was convicted
dúnmharú - murder
lucht leanúna - followers, fans
geallsearbhóirí - stakeholders
cuireadh an ruaig uirthi - she was chased
draíochta - magical