Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 5 Nollaig 2020 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 5ú lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh an Ríocht Aontaithe ar an chéad áit ar domhan le húsaid vacsaín in aghaidh Covid-19 a cheadú. Is í an vacsaín ó Pfizer/BioNTech a gheobhaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe, le 800,000 dáileog a chur isteach acu laistigh de sheachtain, a thugann díonacht suas le 95% ar an ghalar. Shocraigh Rialtas na hÉireann go gceannóidh siad 850,000 dáileog de vacsaín Moderna, agus go bhféadfadh clár an vacsaínithe a thosnú san úrbhliain.

    Tháinig sneachta agus leac oighir go Tuaisceart na hÉireann i rith na seachtaine agus thit an teocht faoi bhun náid, toisc gur bhog aer Artach aneas anuas ar Éirinn agus an Ríocht Aontaithe. Cé gur ardaigh an teocht Dé hAoine, mothaíodh níos fuaire mar gheall ar ghaoth argail, le seadáin gaoithe chomh gasta le 100 ciliméadar san uair in áiteanna nochta. Bhí roinnt sneachta geallta thar na sléibhte agus na cnocanna, agus gaoth mhór le taobh chladach an iarthair.

    Craoladh an t-eagrán bliantúil den Late Late Toy Show an tseachtain seo caite, le Ryan Tubridy ina láithreoir. Bhí buachaill óg darb ainm Adam, atá sé bliana d’aois, mar chuairteoir ar an seó agus é ag caint faoin dúil mhór don spás atá aige. Ba bhreá leis a bheith i gceannas ar mhisean spáis le NASA san am atá le teacht. Dúirt NASA go spreagann a dhea-chroí agus a dhea-mhianach eachtrúil iad agus go bhfuil siad ag tnúth go mór le Adam a bheith páirteach leo. Bailíodh níos mó ná €6 mhilliún do charthanais ó chraoladh an seó.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d’aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    díonacht - immunity

    clár an vacsaínithe - vaccination programme

    gaoth argail - bitterly cold wind

    áiteanna nochta - exposed places

    dea-mhianach eachtrúil - adventurous spirit

    carthanais - charities

    5 min
  • 28 Samhain 2020 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.


    Beidh scannán Gaeilge ag dul chun cinn mar iarrthóir don scannán idirnáisiúnta is fearr ag gradaim na nOscar an bhliain seo chugainn. Roghnaíodh an scannán, ‘Arracht’, atá suite i gConamara i rith an Ghorta Mhóir ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann. Baineann an scéal le hiascaire (an t-aisteoir Dónall Ó hÉalaí) a aontaíonn foscadh a thabhairt do iar-shaighdiúir i gCogaí Napoleon sa bhliain 1845. “Tugann feidhmíocht lárnach den scoth agus mhothúchánach Dónal Ó Healaí daonnacht ghotach don scéalaíocht a chuirfidh fonn ar lucht féachana i dteanga ar bith”, dar le Áine Moriarity, CEO na nIFTAs. Táthar ag súil go mbeidh Arracht á léiriú i bpictiúrlanna san earrach.

    Tá domhan na peile ag caoineadh faoi bhás duine de na himreoirí is íoconacha riamh, Diego Maradona, ag seasca bliain d’aois. Dé Céadaoin bhí taom croí ar an imreoir lár páirce na hAirgintíne sa bhaile i mBuenos Aires. Coicís roimhe sin, rinneadh obráid ar an bpeileadóir cáiliúil le haghaidh téachtán inchinne. Bhí Maradona mar chaptaen nuair a bhuaigh an Airgintín Corn an Domhain 1986, ag scóráil an chúil cháiliúil “Lámh Dé” i gcoinne Shasana sna babhtaí ceathrú ceannais. Dhearbhaigh uachtarán na hAirgintíne, Alberto Fernandez trí lá caoineadh, ag rá: “Thug tú sinn go barr an domhain. Chuir tú áthas mór orainn. Ba thusa an duine ba mhó acu ar fad.”

    Tá Comh-aireacht na hÉireann tar éis cead a thabhairt do thionscadal mór athchóiriú i lár na tíre. Caithfear breis agus 100 millùn euro chun 80,000 acra de thalamh portaigh a athshlanú agus deireadh a chur le fómhar móna. Tá sé beartaithe go laghdóidh an tionscnamh seo astaíochtaí carbón agus go ndéanfar na 250 oibrí atá  fostaithe i mbaint móna a ath-imlonnú i róil eile. Cuirfear tús leis an obair in Aibreán 2021. Tá grúpa ionadaithe na bhfeirmeoirí, an ICMSA, ag lorg dearbhuithe nach mbeidh aon iarmhairtí diúltacha ann ó thaobh riosca tuile agus slite beatha na mball.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    iarrthóir - candidate

    foscadh - shelter

    feidhmíocht - performance

    daonnacht - humanity

    caoineadh - lamenting, mourning

    taom croí - heart attack

    téachtán inchinne - blood clot in the brain

    comh-aireacht - cabinet (politics)

    talamh portaigh - bogland

    ath-imlonnú - redeploy

    6 min
  • 21 Samhain 2020 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Tá an peileadóir Marcus Rashford tar éis togra nua spéisialta a eagrú do pháistí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Sheol sé club leabhar nua do pháistí idir aon déag agus sé bliana déag d’aois i gcomhar le Macmillian Children’s Books sa Ríocht Aontaithe Dé Máirt. Don chéad leabhar, foilseofar leabhar nua leis an údar Carl Anka dar teideal You Are A Champion. Pléifear tábhacht an oideachais, cúrsaí cultúrtha, eiseamláirí baineanna agus an dearfacht. Is peileadóir é Rashford don chlub Manchester United ó 2015 agus fuair sé MBE i mbliana in ómós a chuid oibre ar son daoine atá faoi mhíbhuntáiste.

    “Is iontach an lá é seo don eolaíocht agus don duine” sin a dúirt an Doctúir Albert Bourla, cathaoirleach Pfizer, maidir le vacsaín Covid-19 atá á triail acusan faoi láthair i gcomhar le BioNTech. Deir Pfizer go bhfuil éifeacht 90% leis an vacsaín atá táirgthe acu féin agus nach raibh aon imní faoina sábháilteacht. Mar gheall ar na torthaí sin, tá socrú déanta ag an Aontas Eorpach le Pfizer le 300 milliún dáileog dá vacsaín a cheannach in am trátha. Deir Pfizer go mbeidh dóthain den vacsaín déanta acu faoi dheireadh 2020 le cosaint a thabhairt do idir 15 agus 20 milliún duine. Fuair thart ar milliún duine ar fud na cruinne bás den Chovid-19.

    Thug Zú Bhaile Átha Cliath foláireamh Dé Céadaoin go bhfuil seans ann go gcaithfí an áit a dhúnadh go buan mar gheall ar an ghéarchéim sláinte Covid-19. Bíonn an Zú dúnta faoi láthair ach caithfear aire agus beatha a thabhairt do na hainmhithe i gcónaí. Cosnaíonn sin thart ar cúig chéad míle euro gach mhí. Is eagraíocht sheachbhrabúsach í Zú Bhaile Átha Cliath nach bhfaigheann maoiniú ón Rialtas. D’eagraigh an Zú leathanach Just Giving chun síntiúis dheonacha a fháil ón bpobal. Bunaíodh an Zú i 1831 i bPáirc an Fhionnuisce agus faoi láthair cuirtear fáilte roimh milliún cuairteoirí gach bliain.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    faoi mhíbhuntáiste - disadvantaged

    i gcomhar le - in association with

    eiseamláirí baineanna - female role models

    an dearfacht - positivity

    torthaí - results, fruit

    dáileog - dose

    foláireamh - warning

    eagraíocht sheachbhrabúsach - non-profit organisation

    maoiniú - funding

    5 min
  • 14 Samhain 2020 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Seoladh fondúireacht trasphobail nua in ómós John agus Pat Hume an tseachtain seo. Beidh sé mar aidhm ag an fhondúireacht oidhreacht síochánta na Humes a chur chun cinn, chun an chéad ghlúin eile de síochánaithe a spreagadh. Deir cathaoirleach na fondúireachta, An tOllamh Seán Farren, go bhfuil luachanna Hume de dhíth go mór sa lá atá inniu ann. An chéad imeacht ag an fhondúireacht ná léacht le Martin Luther King a Trí an tseachtain seo chugainn.

    I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá Joe Biden i ndiaidh an bua a fháil i dtoghchán na huachtaránachta, agus sé vóta is trí chéad bainte amach aige. Leis sin, níor ghéill Donald Trump go fóill, cé go nglactar le bua Biden go forleathan agus nach raibh rath ar bith ag a agóidí dlíthiúla go dtí seo. Is léir gur bhain Biden vóta an phobail chomh maith, agus breis is cúig milliún vóta níos mó aige.

    Tá Peter Sutcliffe, an fear ar a dtugadh an Yorkshire Ripper, i ndiaidh bás a fháil. Gearradh príosún saoil ar Sutcliffe as dúnmharú triúr déag ban i dTuaisceart Shasana idir 1975 agus 1980. Deirtear nár gabhadh Sutcliffe níos luaithe mar gheall ar theipeanna na bpóilíní ó thaobh gnéasachais de mar níor eist siad le fianaise tugtha ag mná a bhí ag obair mar oibrithe gnéis ag an am. Dé hAoine ghabh Ardchonstábla Yorkshire Thiar leithscéal ó chroí le híospartaigh agus a dteaghlaigh atá fós beo.

    Agus scéal breise an tseachtain seo. D’fhógair bainisteoir fhoireann peile Thír Eoghain Mickey Harte go bhfuil sé i gceist aige éirí as i ndiaidh ocht mbliana déag sa ról. Faoi cheannas Harte, bhuaigh Tír Eoghain craobh na hÉireann den chéad uair in 2003. Bhí an bua acu arís in 2005 agus 2008, chomh maith le sé chraobh Uladh idir 2003 agus 2017. In ainneoin tragóid phearsanta tá sé ar dhuine de na bainisteoirí is rathúla i spórt na hÉireann. Ó mhuintir Thír Eoghain, go raibh míle maith agat Mickey.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    fondúireacht trasphobail - cross-community foundation

    géill - concede, submit

    forleathan - widespread, broadly

    agóidí dlíthiúla - legal challenges

    dúnmharú - murder

    gnéasachas - sexism

    oibrithe gnéis - sex workers

    éirí as - stand down, quit

    in ainneoin - despite

    5 min
  • 7 Samhain 2020 (Ciarraí)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Sheol Conradh na Gaeilge polasaí nua le haghaidh pleanála sa Ghaeltacht. Moltar gurb é Udarás na Gaeltachta a bheadh ag stiúradh pleanála sa Ghaeltacht. Deir siad go bhfuil gá le polasaí náisiúnta chun go mbeadh sé níos éasca do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógaint.

    Beidh tastálacha nua don víreas Covid 19 ar fáil go luath in Éirinn. Tabharfaidh na tastálacha torthaí taobh istigh de chúig nóiméad déag. Beidh siad ar fáil sa phoitigéir le costas idir €15 agus €25 Euro. Deir úinéir an chomhlachta ‘ELISA Genie’ Seán Mac Fhearraigh, go bhfuil cruinneas na tastálacha idir 92% agus 98%.

    Tá an stoirm Eta tar éis bualadh Panama, Hondúras agus Meicsiceo le 150 duine básaithe ó shleamhnú láibe i Guatemala. Dúirt Mark Connolly ó UNICEF gurb é an stoirm is measa a bhuail Hondúras le blianta agus is suntasach an díobháil a bheidh ann.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    moltar - it is recommended

    tógaint - tógáil, to build (Gaeilge Chorca Dhuibhne)

    poitigéir - chemist, pharmacist

    cruinneas - accuracy

    sleamhnú láibe - mud slide

    díobháil - loss, damage

    4 min
  • 31 Deireadh Fómhair 2020 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu Oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Drochscéal ón gcosmos an tseachtain seo, mar tá sé faighte amach ag na réalteolaithe David Vokrouhlický agus a chomhoibrithe go bhfuil seans amháin i thart ar céad agus caoga míle go mbuailfidh an t-astaróideach Apophis anuas ar an domhan i 2068, rud a bheadh tubaisteach go h-iomlán dá dtárlódh sé. Tiocfaidh Apophis an-ghar don domhan i 2029 agus arís i 2036, agus cé nach bhfuil baol ar bith d’imbhualadh sna blianta sin, braitheann céard a tharlóidh i 2068 go h-an íogair ar an dá geábh gar úd; agus ar an tionchar beag a mhothaíonn Apophis ó sholas na gréinne an t-am uilig, an “éifeacht Yarkovsky”, atá thar a bheith deacair a ríomh go cruinn. 

    Sna Stát Aontaithe, tá an feachtas toghchána ag teacht chun buaicphointe, agus tá Joe Biden chun tosaigh sna phobalbhreitheanna. Cé gur tháinig sé ó chúl i 2016, beidh sé níos deacra do Donald Trump an bua a bheireadh an babhta seo, mar tá breis agus 80 milliúin vótaí caite cheanna. Tá Trump ag leanúint ar aghaidh le slógaí móra timpeall na tíre, gan mascanna nó scaradh sóisialta, in ainneoin na paindéime, atá ag géarú go tapaidh i Mheiriceá.

    Tá an craobh sinsear peile na bhfear na hÉireann ag caitheamh isteach inniu. Mar gheall ar an phaindéim, is é an chéad chraobh díbeartha ó 2000. Níl acht sé chluiche, ar a mhéad, idir gach contae agus an corn, agus tá an t-ádh le Corcaigh, Ciarraí, Gaillimh, Ros Comáin agus Sligeach, mar níl acht ceithre chluiche le buachan acu. Faraoir, de bharr na paindéime arís, níl spás ann i mbliana do Londain nó Nua Eabhrac. Acht sin mar atá; agus Maigh Eo abú.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    astaróideach - asteroid

    imbhualadh - collision

    buaicphointe - climax

    pobalbhreith - opinion poll

    corn - cup, trophy

    craobh díbeartha - knock-out championship

    5 min
  • 24 Deireadh Fómhair 2020 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.

    Ag meán-oíche ar an gCéadaoin cuireadh srianta leibhéal a cúig i bhfeidhm ar fud na hÉireann. Beidh na srianta i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine go dtí an chéad lá de Mhí na Nollag. Is é leibhéal a cúig an leibhéal srianta is airde i bplean Covid reatha an rialtais. Tá na srianta cosúil leis na cinn a bhí i bhfeidhm i mí an Mhárta agus Aibreáin ach fanfaidh na scoileanna ar oscailt. Tháinig an nuacht i bhfógra ón Taoiseach Micheál Martin ar an Luan, tar éis moladh ó NPHET. Leis na srianta nua beidh ar gach gnó agus siopa nach bhfuil riachtanach dúnadh, ní bheidh cead ag daoine taisteal níos mó ná cúig chiliméadar óna dteach seachas do chúiseanna riachtanacha. Beidh cead ag daoine ina gcónaí ar a n-aonar, daoine le deacrachtaí meabhairshláinte agus tuismitheoirí aonair “boilgín tacaíochta” a chruthú le teach amháin eile. Táthar ag súil go mbeimid in ann taitneamh a bhaint as srianta níos ísle i rith Mhí na Nollaig.

    Nuacht bhrónach ón Daingean an tseachtain seo le himní go bhfuil Fungie an Deilf imithe. Tá an deilf bholgshrónach cháiliúil ar iarraidh ón Luan seo caite, agus seans maith nach mbeidh sé ag filleadh. Tá Fungie mar chuid d’aitheantas an Daingin ó 1983 agus tá tionscal turasóireachta mór nasctha leis. Tá an grá de Fungie roinnte idir chuairteoirí agus mhuintir na háite agus bhí seo le feiceáil an tseachtain seo nuair a tháinig na céadta bádóirí amach chun cuardú a dhéanamh air. Deir bitheolaí muirí Kevin Flannery gur seans gur imigh Fungie amach go dtí an fharraige le deilf eile, ach ar an drochuair, mar gheall ar a aois, seans maith go bhfuair sé bás freisin.

    Tá Pápa Prionsias tar éis tacaíocht a thabhairt do pháirtnéireacht shibhialta idir lánúineacha comhghnéis sa scannán fáisnéise nua “Francesco”. “Tá sé de cheart ag daoine homaighnéasacha a bheith ina gcuid de theaghlach. Is páistí Dé iad. An rud a theastaíonn dlí a cheadaíonn páirtnéireacht shibhialta, sa tslí sin beidh aitheantas dlí acu.” A deir sé sa scannán nua ó stiúrthóir Evgeny Afineevsky. Tá an Eaglais Chaitliceach i gcoinne pósadh do lánúineacha comhghnéis agus deir siad go bhfuil neamhord iontu féin ag baint le gníomhartha homaighnéasacha. Chuir roinnt ball den Eaglais fáilte roimh ráitis an Phápa, agus iad ag rá go bhfuil siad an-suntasach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    moladh - recommendation 

    meabhairshláinte - mental health

    boilgín tacaíochta - support bubble

    deilf bholgshrónach - bottlenose dolphin

    bitheolaí muirí - marine biologist

    lanúineacha comhghnéis - same-sex couples

    neamhord - confusion

    4 min
  • 17 Deireadh Fómhair 2020 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 17ú (seachtú lá déag) de mhí Dheireadh Fómhar. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Dé Máirt, fógraíodh Buiséad 2021 in Éirinn, an buiséad is mó a chonaic an tír riamh. Tá €17.75 billiún le caitheamh ag an rialtas agus leath den iomlán ar chursaí a bhaineann le tacaíochtaí coróinvíris. Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe gurb é an t-am ceart le léibhéal mullaigh de thacaíocht an Bhuiséid. Tá €14 mhilliún sa bhreis (ardú 23%) curtha ar fáil don Ghaeltacht agus cursaí Gaeilge, agus €4 bhilliún sa bhreis don earnáil sláinte.

    Sna míonna a leanas, beidh ar na hiarsmalanna Ollanacha a mbailiúcháin a athbhreithniú. Tar éis tuairisce a scríobh, d’ordaigh an rialtas do na hiarsmalanna go gcaithfidh siad pictiúir atá ceangailte le stair na coilíneachta sa tír a aimsiú agus na saothair ealaíne a thabhairt ar ais chuig a dtíortha dúchasacha. Dúirt stiúrthóir an Rijksmuseum go mbeadh fáilte chuig struchtúr foirmiúil chun na saothair a chur ar ais.

    Thaistil an roicéad Soyuz Rúiseach ón Domhan go dtí an Stáisiún Spáis Idirnaisiúnta ar luas lasrach, ag críochnú a thurais i dtrí uaire agus trí nóiméad. Bhí beirt spásaire ón Rús agus aon spásaire NASA amháin ar bord an roicéid. Roimh a heitilt, dúirt an Dochtúir Rubins, “Tá comhphairtíocht dochreidte againn.” Tá plean ag NASA agus Roscosmos comhphairtíocht roinnt-eitilte a leanúint agus tá comhráití ag dul ar aghaidh, a dúirt urlabhraí Roscosmos.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    tacaíochtaí - supports

    leibhéal mullaigh - record level

    an earnáil sláinte - the health sector

    iarsmalanna - museums

    bailiúcháin - collections

    saothair ealaíne - works of art

    ar luas lasrach - at lightning speed

    comhphairtíocht roinnt-eitilte - flight-sharing partnership

    5 min
  • 10 Deireadh Fómhair 2020 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    An tseachtain seo caite, agus gan ach mí roimh thoghchán na huachtaránachta, nocht Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go bhfuair sé toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas. Ó shin amach, bhí torthaí dearfacha ag níos mó ná fiche duine sa Teach Bán. Tá gach cosúlacht go raibh siad ionfhabhtaithe leis an víreas ag imeacht sa Teach Bán chun an breitheamh Amy Coney Barrett a mholadh mar ainmní na Cúirte Uachtaraí. Chuaigh Trump chuig an Ospidéal Míleata Walter Reed i Washington Dé hAoine ach scaoileadh amach as an ospidéal é Dé Luain. Dúirt sé gur bhraith sé níos fearr ná mar a bhí sé fiche bliain ó shin mar gheall ar na stéaróidigh a bhfuair sé san ospidéal. Ina dhiaidh sin, dúirt sé go bhfuil an fliú níos marfaí ná an coróinvíreas, rud atá bréagach.

    Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Doctúir Tony Holohan go bhfuil cursaí ag dul in olcas maidir le cásanna coróinvíris in Éirinn. Mhol NPHET don Rialtas srianta Leibhéal 5, an leibhéal is airde, a chur i bhfeidhm sa stát ach dhiúltaigh an Rialtas an chomhairle sin. Ina ionad sin, chuir an Rialtas Leibhéal 3 i bhfeidhm. Dá bharr sin, níl cead ag daoine taisteal chuig contaetha eile sa tír agus ní cheadaítear ach seisear ar a mhéad mar cuairteoirí i d’áras cónaithe féin.

    Fuair an file Meiriceánach Louise Glück Duais Nobel na Litríochta (ar an) Déardaoin. Dúirt an Fondúireacht Nobel go bhfuil “guth fileata so-aitheanta” aici agus go bhfuil sí in ann a saol féin a dhéanamh uilíoch “le háilleacht dhian”. Is as Nua Eabhrac í Glück. Bhí sí ina file cúirte sna Stát Aontaithe seacht mbliana déag ó shin agus is ollamh in Ollscoil Yale í anois. Is í Glück an séú bean déag chun an Duais Nobel a bhuachan ó bunaíodh í níos mó ná céad bliain ó shin. I nuacht liteartha eile, fuair an file Éireannach Derek Mahon bás an tseachtain seo caite. Rugadh i mBéal Féirste é ach bhí sé ina chónaí i gCionn tSáile, Contae Chorcaí le blianta. Bhí tionchar mór ag a dhán ‘Everything is Going to Be All Right’ nuair a d’aithris sé é i rith na paindéime.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cosúlacht - likelihood

    ionfhabhtaithe - infected

    breitheamh - judge

    ainmní - nominee

    níos marfaí - deadlier

    uilíoch - universal

    tionchar - influence

    aithris - recite

    5 min
  • 3 Deireadh Fómhair 2020 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Ella Hassett.

    Tá an tAontas Eorpach tar éis cás dlí a thabhairt in aghaidh na Breataine mar gheall ar bhille trádála inmheánaigh . De réir an Aontais Eorpaigh, briseann an bille dlí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí Thuaisceart na hÉireann. Chuir an tAontas Eorpach litir fhoirmiúil chuig Rialtas na Breataine inniu mar chéad chéim sa phróiséas dlí. D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, gur thóg siad an chéim sin mar gur theip ar Rialtas na Breataine ina dhualgas gníomhú “le dea-thoil”. Dúirt urlabhraí de chuid Rialtas na hÉireann agus teachta-dála Neale Richmond gur trua mór é ach go raibh an ceart ag an Aontas Eorpach an cás sin a thabhairt.

    D’fhógair an comhlacht taistil náisiúnta, Bus Éireann, go mbeidh sé ag cur deireadh le seirbhísí luasbhealaigh áirithe. Tá na seirbhísí seo idir Baile Átha Cliath agus cathracha Chorcaí, Luimnigh agus na Gaillimhe. Deir sé go dtiocfaidh deireadh leis na seirbhísí sin go luath sa bhliain 2021. Mar gheall ar Covid-19, thit líon na bpaisinéirí a úsáideann na seirbhísí sin ó mhí an Mhárta. I mí an Mhárta, cuireadh deireadh leis an tseirbhís X51 idir Gaillimh agus Luimneach freisin. Deir Bus Éireann nach gcaillfidh aon tiománaí a phost mar gheall ar na hathruithe sin, mar go dteastaíonn tiománaithe uaidh ar sheirbhísí eile.


    Bronnadh an bonn óir PDSA ar fhrancach Afraiceach in onóir a chuid oibre le mianaigh thalún sa Chambóid. Is francach ollmhór Afraiceach é Magawa, a fuair amach naoi mianach talún is tríocha leis an gcumann carthanachta APOPO. I rith a shlí bheatha, ghlan Magawa níos mó ná céad is daichead míle méadar nó fiche páirc pheile. Thóg an PDSA bonn beag bídeach do Magawa, a chaitheann sé ar a chuid éadaí agus é ag obair. Caitheann sé leathuair amach sa pháirc gach lá ag bolú na talún chun na ceimiceáin a fháil amach. Meastar gur cuireadh idir ceithre agus sé milliún mianach talún sa talamh sa Chambóid idir 1975 agus 1998.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.

    *

    GLUAIS

    bille trádála inmheánaigh - internal market bill

    dualgas - duty

    seirbhísí luasbhealaigh - express services

    bonn óir - gold medal

    mianach talún - landmine


    5 min