Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!
Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!
San eagrán seo labhraíonn Ciara le hAoife Ní Ghloinn - Stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, in Ollscoil Mhá Nuad.
Pléann siad:
Tábhacht na ‘ins, outs, ups and downs’
Conas 'Nollaig Shona' agus nathanna mar é a fhreagairt
Saibhreas an struchtúir ‘is X liom’ (is ait liom > sílim go bhfuil sé ait)
… agus neart eile!
Tá spéis faoi leith Ag Aoife sa teangeolaíocht fheidhmeach – go háirithe sa tástáil teanga, sa teangeolaíocht chorpais, agus i dteagasc agus i bhfoghlaim na gramadaí.
Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.