Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!
Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!
San eagrán seo labhraíonn Ciara leis an scríbhneoir agus aistritheoir Antain Mac Lochlainn.
An focal é ‘scaif’?
An bhfuil ciall le ‘fear le féasóg’?
An ann do Bhéarlachas atá ‘Gaelach’?
Tráchtaire ar an aistriúchán agus ar chúrsaí cruinnis agus stíle sa Ghaeilge é Antain agus tá sraith leabhar foilsithe aige ar na hábhair sin: In Ord is in Eagar, Cruinneas agus Ó Bhéarla go Gaeilge.
Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.