Tá tús curtha le ré nua trádála, ré tharaifí Donald Trump. Tá luach stocmhargaidh an domhain tar éis titim go tobann is go domhain. Creideann Trump go gcuirfidh na taraifí borradh faoi gheilleagar na Stát, ach tá eacnamaithe ag tabhairt rabhadh go ndéanfar damáiste do chúrsaí eacnamaíochta timpeall na cruinne. Mar sin, cé acu a bhfuil an ceart acu? Labhair Ciarán Dunbar le Caoimhín Ó Tiománaigh, léachtóir eacnamaíochta agus príomheacnamaí leis an gcomhlacht Davy. Foclóir: Intíre: Domestic Géarghá: Urgent Comhlachtaí cógaisíochta: Pharmaceuticals Easpórtáil: Export Cinnteacht: Certainity Géilleadh: Conceed Rabhadh: Warning Idirbheartaíocht: Negotiation Luach: Value Caiteachas: Spending Geilleagar: Economy Táirgí: Products In ainneoin: Despite Olltáirgeacht intíre: Gross domestic product Brabús: Profit
See omnystudio.com/listener for privacy information.