
Sign up to save your podcasts
Or


Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Vótáil baill Fórsa ar son mandáit a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch mar chuid dá aighneas pá leis an rialtas. D’fhógair an ceardchumann san iarnóin inniu gur vótáil 96.6 % ar son an mholadh. Phléamar cúrsaí le Paul McSweeney, Leas Ard Rúnaí Fórsa.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá teach tabhairne amháin as gach ceithre chinn imithe as gnó ó 2005 i leith de réir tuarascáil nua. An t-eacnamaí Anthony Fley a d’ullmhaigh an tuarascáil thar ceann Ghrúpa Thionscal na nDeochanna in Éirinn. Bhí an scéal seo á phlé againn Eoin Ó Catháin, Stiúrthóir le Cumann Fuisce na hÉireann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scéalta móra idirnáisiúnta á phlé leis an bPainéal Idirnáisiúnta: Pádhraic Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine, agus Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá tráchtairí áirithe ag rá le déanaí go bhfuil suim stratéiseach na Breatine arís in Éirinn mar thoradh ar an teannas nua idir an Eoraip agus an Rúis, agus go bhféadfadh go mbeadh an Bhreatain ag iarraidh Tuaisceart na hEireann a choiméad ar mhaith le cúrsaí slándala san Atltantach, agus mar nach féidir braith ar Phoblacht na hEireann mar phairtnéir slándala. Roinn an Painéal á gcuid smaointe ar an scéal seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
D'fhógair an Rialtas sonraí faoi scéim nua chun spreagadh a thabhairt don phobal infheistiú a dhéanamh. Beidh cuntais infheistíochta faoin scéim ar fáil don phobal go luath an bhliain seo chugainn. Phléamar an scéal leis an bPainéal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
D’fhógair SIPTU go bhfuil a mbaill tar éis vótáil ar son cead a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch agus iad ag tairiscint pá níos fear dá mbaill san earnáil phoiblí. Bhí an scéal seo á phlé againn leis an bpainéal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh aisteoirí ó Chumann Drámaíochta, Ollscoil na Gaillimhe ag léiriú an dráma Coinneáil Orainn le Darach Ó Scolaí sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach i mbliana. Aoir é Coinnneáil Orainn a dhéanann iniúchadh ar mheath na Gaeilge agus ar theipeanna pholasaithe teanga an stáit trí scéal chigire a bhíonn ag cuardach na gcainteoirí dúchais deireanacha. Phléamar é le Bláithín Ní Chatháin, Oifigeach Taibhealaíon Laighean, Oireachtas na Gaeilge, agus le Caoimhe Ní Chualáin, Stiúrthóir Coinneáil Orainn.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
D’fhógair IFTA gur é an scéinséir Gaeilge Aontas rogha na hÉireann sa chatagóir Scannán Idirnáisiúnta sna hOscars i mbliana. Tá Aontas ag leanúint sna sála ar an Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán Oscar i 2023, agus scannán Kneecap, a bhain gearrliosta na nOscair amach i 2024. Bhí stiúrthóir an scannáin, Damian McCann, inár dteannta chun labhairt faoi.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed

19 Listeners

1 Listeners

8 Listeners

7 Listeners

3 Listeners

12 Listeners

2 Listeners

3 Listeners

0 Listeners

33 Listeners

4 Listeners

1 Listeners

0 Listeners

0 Listeners

2 Listeners