Tá foláireamh tugtha ag Ceardchumann na Meánmhúinteoirí an ASTI go bhféadfadh múinteoirí ag Sráid Synge dul i mbun agóid thionsclaíoch faoin bplean chun an scoil a aistriú go Gaelcholáiste. Labhair Moira Leydon, Ard Rúnaí an ASTI linn faoi seo.
Bhí Róisín Ní Fhloinn, bean óg as Baile Átha Cliath i lár an t-aicsean i Chearnóg Naomh Pheadar nuair a tofadh an pápa nua. Labhair sí linn faoin atmaisféar thall.
Dearbhaíodh le deatach bán tráthnóna go bhfuil pápa nua tofa. Bhí ár dtuairisceoir Cóilín Ó Neachtain i lár an aonaigh agus an nuacht is déanaí aige dúinn.
Dealraíonn sé go bhfuil imreoirí camógaíochta na tíre ag éirí amach i gcoinne an riail go gcaithfidh siad scórtaí a chaitheamh agus iad ag imirt cluichí. Labhair Sinéad Wylde, imreoir sinsireach camógaíochta le Cuala agus imreoir sinsireach le BÁC linn faoin scéal seo.
Donncha Ó Murchú (Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4); Cóilín Ó Neachtain (tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Vatacáin); Aonghus Ó Lochlainn, (tuairisceoir ar chúrsaí dheisceart na hÁise) Sinéad Wylde (Imreoir sinsireach Camógaíochta le Cuala & BÁC); Cearbhall Ó Síocháin, Síle Ní Choinceanainn
Labhair Aonghus Ó Lochlainn, tuairisceoir ar chúrsaí dheisceart na hÁise linn faoin baol cogaidh atá idir an Ind agus an Phacaistín
6 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.